Salm 21

21
Altú Buíochais
1 Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví.
2 Gairdíonn an rí as do chumhacht, a Thiarna,
cá hionadh lúcháir air de chionn do chúnaimh!
3Thug tú mian a chroí go deimhin dó,
is níor eitigh tú air achainíocha a bhéil.
4Tháinig tú ina araicis le beannachtaí búidhe,
agus chuir tú coróin de ghlanór ar a cheann.
5 Dʼiarr sé an bheatha ort agus bhronn tú fadsaol air
a mhairfidh go brách ó aois go haois.
6Is mór é a ghradam de bharr do chúnaimh.
Bronnann tú maorgacht agus maise rómhór air.
7Rinne tú ábhar beannachta go brách de;
cuireann do láithreacht ríméad is lúcháir air.
8Tá dóchas an rí go daingean sa Tiarna:
toisc bhuan-ghrá an Té is Airde ní dhéanfar a bhogadh.
9Béarfaidh do lámh ar dʼeascairde go léir:
béarfaidh do dheaslámh ar an dream a thugann fuath duit.
10Loiscfidh tú iad mar a dhéanfá i mbruithneach thine
an uair a thaibhseoidh do ghnúis.
Scriosfaidh an Tiarna ina dhíbheirg iad,
agus déanfaidh an tine a slogadh.
11Scriosfaidh tú a sliocht den talamh
agus a gclann as líon na ndaoine.
12Bíodh go mbeartóidís an t‑olc i do choinne
nó go gceapfaidís an chealg, ní éireoidh leo,
13Óir cuirfidh tú an ruaig is an teitheadh orthu
agus teannfaidh tú do bhogha ina n‑éadan.
14Éirigh, a Thiarna, i do neart:
canfaimid agus ceiliúrfaimid do chumhacht.

தற்சமயம் தேர்ந்தெடுக்கப்பட்டது:

Salm 21: ABN2012

சிறப்புக்கூறு

நகல்

ஒப்பீடு

பகிர்

None

உங்கள் எல்லா சாதனங்களிலும் உங்கள் சிறப்பம்சங்கள் சேமிக்கப்பட வேண்டுமா? பதிவு செய்யவும் அல்லது உள்நுழையவும்