Chapa ya Youversion
Ikoni ya Utafutaji

Maitiú 1

1
Caibidil I
Geinealaċ Ċríost: gaḃaḋ agus rugaḋ ó óiġ é.
1Leaḃar geinealaiġ Íosa Críost, mac Ḋáiḃiḋ,#Lúc. 3, 31. mac Abrahaim.
2Ġein Abraham#Gein. 21, 3. Isaac. Agus ġein Isaac#Gein. 25, 25. Iacób. Agus ġein Iacób#Gein. 29, 35. Iúdas agus a ḋearḃráiṫre.
3Agus ġein Iúdas#Gein. 38, 29; 1 Par. 2, 4. Páres agus Sára ó Ṫámar. Agus ġein Páres#Rút. 4, 18; 1 Par. 2, 5. Esron. Agus ġein Esron Aram.
4Agus ġein Aram Aminadab, agus ġein Aminadab#Uiṁ. 7, 12. Naasson. Agus ġein Naasson Salmon.
5Agus ġein Salmon Boos ó Raċab. Agus ġein Boos#Rút. 4, 22. Obed ó Rút. Agus ġein Obed Iesse.
6Agus ġein Iesse#1 Ríġ. 16, 1. Dáiḃiḋ, an rí. Agus ġein Dáiḃiḋ,#2 Ríġ. 12, 24. an rí, Salomon uaiṫe siúd a ḃi mar ṁnaoi ag Urías.
7Agus ġein Salomon#3 Ríġ. 11, 43. Roboam. Agus ġein Roboam#3 Ríġ. 14, 31. Abias. Agus ġein Abias#3 Ríġ. 15, 8. Asa.
8Agus ġein Asa Iósaṗat. Agus ġein Iósaṗat Ióram. Agus ġein Ióram Osías.
9Agus ġein Osías#2 Par. 26, 23. Ióatam. Agus ġein Ióatam#2 Par. 27, 9. Aċas. Agus ġein Aċas#2 Par. 28, 27. Eseċías.
10Agus ġein Eseċías#2 Par. 32, 33. Ṁanasses. Agus ġein Manasses#2 Par. 33, 25. Amon. Agus ġein Amon#2 Par. 33, 25. Iósías.
11Agus ġein Iósías#2 Par. 36, 2. Ieċonías agus a ḃráiṫre le linn na h-imirce ċun na Baibileoine.
12Agus i ndiaiḋ na h-imirce ċun na Baibileoine ġein Ieċonías Salatiel. Agus ġein Salatiel Sorobabel.
13Agus ġein Sorobabel Abiud. Agus ġein Abiud Eliacim. Agus ġein Eliacim Asor.
14Agus ġein Asor Sadoc. Agus ġein Sadoc Aċim. Agus ġein Aċim Eliud.
15Agus ġein Eliud Eleásar. Agus ġein Eleásar Mátan. Agus ġein Mátan Iacób.
16Agus ġein Iacób Ióseṗ, fear-ċéile Ṁuire#1, 16 Fear-ċéile ṀuireNí geinealaċ na Maiġdine Muire aċt geinealaċ Ióseṗ a ḃeir an Soiscéalaiḋe dúinn, óir ní raiḃ sé ma ġnás ag na h-Eaḃraiġ geinealaċ mná o’áireaṁ. Aċt ó ḃi gar-ġaol ag an dís dá ċéile. Lériġeann geinealaċ duine acu geinealaċ an duine eile.; ó n-a rugaḋ Íosa dá ngoirtear Críost.
17Dá ḃriġ sin, ha geinealaċa uilig ó Abraham go Dáiḃiḋ is ceiṫre glúme déag iad: agus ó Ḋáiḃiḋ go h-imirce na Baibileoine ceiṫre glúine déag: agus ó imirce na Baibileoine go Críost ceiṫre glúine déag.
18Ba mar seo a ḃi gemeaṁaint Ċríost: Nuair a ḃi Muire, a ṁáṫir, luaiḋte le h-Ióseṗ,#Lúc. 1, 27. sul a dtáinic siad i dteannta a ċéile, fuarṫas í ag iomċar cloinne ó’n Spiorad Naoṁ.
19Aċt mar gun ḋuine cóir Ióseṗ, a fear, Agus nár ṁait leis a cliú a ḃaint dí, ba ṁian leis í a ċur uaiḋ i ngan ḟios.
20Aċt nuair a ḃi sé ag maċtnaṁ ar na neiṫe sin, féaċ, d’ḟoill-siġ aingeal an Tiġearna é féin dó i n-aisling, ag ráḋ: A Ióseṗ, a ṁic Ḋáiḃiḋ, ná bíoḋ eagla ort Muire, do ḃain-ċéile, a ġlacaḋ ċugat: óir an neaċ atá ar n-a ġaḃáil inntí, is ó’n Spiorad Naoṁ é.
21Agus béarfarḋ sí mac,#Lúc. 1, 31; Gníoṁ. 4, 12. agus ḃéarfaiḋ tusa Íosa mar ainm air, óir slánóċarḋ sé a ḋaoine ó n-a bpeacaiḋe.
22Agus ṫárla seo uilig ionnas go gcóiṁlíontaí ab rud a duḃaire an Tiġearna fríd an ḟáiḋ a duḃairt:
23Féaċ, béiḋ maiġdean ag iomċar cloinne,#Isaias 7, 14. agus béarfaiḋ sí mac, Agus ḃéarfaiḋ siad Emmanuel air mar ainm, rud a ċialluiġeas, Dia maille linn.
24Agus ar ṁusclaḋ as a ċodlaḋ do Ióseṗ, rinne sé mar d’órduiġ aingeal an Tiġearna dó, agus ġlac sé ċuige a ḃain-ċéile.
25Agus níor aiṫin sé í go dtí go rug sí a mac, a céid-ġein#1, 25 Go dtí go rug sí a mac, a céid-ġeinDe ṫairḃe na ḃfocal sin duḃairt Helḃidius agus eiriciġ eile go diaṁaslaċ go raiḃ tuilleaḋ cloinne ag an Ṁaiġdin Ḃeannuiġṫe i ndiaiḋ Ċríost. Aċt taisbeánann N. Searom le mórán somplaí naċ raiḃ i n-abairt an tSoiscéalariḋe aċt nós cainnte a ḃíoḋ i n-úsáid imeasc na n-Eaḃraċ. Ní ḟuil de ḃríġ leis an ḟocal “go dtí” aċt an rud nár tárla a ċur i n-iúl, gan aon ḃaint a ḃeit aige leis an am a ḃí le ṫeaċt. Deirtear gur ċuir Naoi fiaċ amaċ agus bar ṗill an fiaċ go dtí gur ṫriomuiġ an taíaṁ. (Gein. 8, 6-7.) B’é ba ċiall le sin, nár ṗill an fiaċ ar ċor ar biṫ. Léiġtear i n-áit eile (Isaias 46, 4): “Deir Dia: tá mise ann go dtí go mbéiḋ tusa aosta.” Cé a mbéaḋ sé de ḋánaċt ann a ráḋ naċ raiḃ Dia ann ina ḋiaiḋ sin? Léiġtear arís (1 Maċab. 5, 54): agus ċuaiḋ siad suas ar Ṡliaḃ Síon le h-áṫas agus lúṫġáir, agus d’ofráil siad íoḋbarṫa, de ḃríġ nár marḃaḋ aoinneaċ acu go dtí go dtáinic siad aḃaile fá ṡíoṫċáin. B’é sin le ráḋ nár ṁarḃaḋ aoinneaċ sul a dtáinic siad, ná ma ḋiaiḋ sin. Deir Dia le n-a Ṁac: Suiḋ ar mo ḋeis go dtí go gcuiriḋ mé do náiṁde ina stól faoi do ċosa. An é naċ suiḋfiḋ sé annsin i ndiaiḋ a ḃuaiḋe ar a náiṁde? Suiḋfiḋ, agus ar feaḋ na síorraiḋeaċta. Cruṫuiġeann N. Searom fosta, ó ṡompbaí as an Scrioptúir, go ngoirtí céid-ġein de aon-ṁac, gan duine ar biṫ eile cloinne a ḃeiṫ ar an teaġlaċ ma ḋiaiḋ, óir do réir an Dliġe ċoisreacṫaí an ċéid-ġein ṁic do’n Tiġearna. “Coisreac daṁ-sa,” ars an Tiġearna, “gaċ céid-ġein a ṫig as an ḃroinn imeasc Ċlann Israéil.” (Ecs. 13, 2.) , agus ṫug sé Íosa mar ainm air.

Iliyochaguliwa sasa

Maitiú 1: ASN1943G

Kuonyesha

Shirikisha

Nakili

None

Je, ungependa vivutio vyako vihifadhiwe kwenye vifaa vyako vyote? Jisajili au ingia

YouVersion hutumia vidakuzi kubinafsisha matumizi yako. Kwa kutumia tovuti yetu, unakubali matumizi yetu ya vidakuzi kama ilivyoelezwa katika Sera yetu ya Faragha