Chapa ya Youversion
Ikoni ya Utafutaji

Salm 72

72
Ríocht an Mheisias
1 [Salm] Sholaimh.
Bronn do bhreithiúnas, a Dhia, ar an rí,
agus dʼfhíréantacht ar mhac an rí;
2chun go dtuga sé ceartbhreithiúnas ar a phobal
agus cothrom do dhaoine bochta.
3Go n‑iompraí na sléibhte síocháin don phobal
agus na cnoic fíréantacht.
4Go ndéana sé cosaint ar dhaoine ísle an phobail;
go saora sé clann na mbocht,
agus go mbrú sé lucht daorsmachta.
5Go maire sé mar an ghrian agus an ghealach;
ó aois go haois;
6mar fhearthainn ar an bhfód féir ghlais;
mar cheathanna ar an talamh.
7Go mblátha síocháin agus fíréantacht lena linn
nó go meathfaidh an ghealach.
8Go raibh a réim ó mhuir go muir;
ón Abhainn Mhór go críocha na cruinne.
9Titfidh a naimhde ina láthair;
lífidh siad an luaithreach.
10Tiocfaidh ríthe Thairsís agus na nInsí,
ag triall air le tabhartais.
Tabharfaidh ríthe na hAráibe agus Seabá
bronntanais chuige.
11Cromfaidh an uile rí go talamh ina láthair;
déanfaidh gach cine fónamh dó.
12Óir saorfaidh sé an bocht nuair a ghlaofaidh sé air;
agus an donán gan chúnamh.
13Beidh trua aige don lag is don bhocht,
agus sábhálfaidh an duine dealbh.
14Saorfaidh sé a n‑anam ón bhfeall is ón bhforéigean;
óir is luachmhar leis a bhfuil.
15Go maire sé i bhfad
is go mbronntar air ór na hAráibe.
Beifear ag guí ar a shon i gcónaí;
dá bheannachadh ar feadh an lae.
16Go raibh flúirse arbhair sa tír
go mullach na sléibhte.
Go raibh seordán a thoradh amhail an Liobáin
agus lucht na gcathracha faoi bhláth
mar fhéar ar an talamh.
17Go moltar a ainm go brách,
fad a bheidh an ghrian ann.
Is tríd a bheannófar gach treibh;
beidh gach cine dá mholadh.
18Moladh leis an Tiarna, Dia Iosrael,
an tAon amháin a dhéanann éachtaí.
19Go moltar a ainm glórmhar go brách;
go líona a ghlóir an talamh.
áiméan! áiméan!
20Críochnaítear leis seo moltaí Dháiví.

Iliyochaguliwa sasa

Salm 72: ABN2012

Kuonyesha

Shirikisha

Nakili

None

Je, ungependa vivutio vyako vihifadhiwe kwenye vifaa vyako vyote? Jisajili au ingia