Chapa ya Youversion
Ikoni ya Utafutaji

Salm 73

73
An Tríú Leabhar
Bréagshonas na nÉagráifeach
1 Salm Ásáf.
1 Nach maith atá Dia don dream díreach;
an Tiarna dá bhfuil glan ó chroí.
2Ach is beag nár sciorr mo chosa uaim;
is beag nár shleamhnaigh mo chéimeanna;
3Óir bhíos ag éad le lucht éirí in airde,
ag faire dom ar shéan na n‑éagráifeach.
4Ní bhíonn siad siúd dá gcrá ná dá gciapadh;
is slán a gcorp agus is sleamhain.
5Níl páirt acu in anacraí na so-mharaithe
ná ní dhéantar a sciúrsáil mar dhaoine eile.
6Uime sin, is é an t‑uabhar a muince,
agus folaíonn an foréigean iad amhail éadach.
7Bíonn a gcroí ag cur thar maoil le mioscais;
brúchtann smaointe a n‑intinne amach.
8Bíonn siad ag fonóid is ag labhairt go mailíseach
agus beartaíonn siad an t‑ansmacht go huaibhreach.
9Tugann siad fogha faoi na flaithis lena mbéal
agus triallann a dteanga ar fud an talaimh.
10Dá bhrí sin bíonn an pobal dá moladh
agus slogann siad a mbíonn dá rá acu.
11Agus deir siad: “Cá bhfios do Dhia?
An amhlaidh is eol don Té is Airde?”
12Féach! sin é dála na bpeacach;
téann siad i saibhreas agus iad ar a sástacht.
13Nach díomhaoin dom mo chroí a bheith glan agam
agus mo lámha a ní san ionracas,
14agus mé bheith do mo chrá ar feadh an lae
agus do mo smachtú gach aon ré solais!
15Dá ndéarfainn: “Labhróidh mé mar iad siúd,”
bheinn ag tréigean dúchas do chlainne.
16Rinne mé machnamh dʼfhonn go dtuigfinn an ní seo,
ach chuaigh sé thar mʼacmhainn a dhéanamh,
17nó go ndeachaigh mé i sanctóir Dé
is gur thugas do mʼaire a gcríoch dhéanach.
18Chuir tú i slí shleamhain iad go dearfa
agus thug orthu titim chun a n‑aimhleasa.
19Féach mar a thit siad le halt na haon uaire;
chuaigh siad ar ceal arna scriosadh le scanradh.
20Amhail taibhreamh a scaiptear le dúiseacht
cuirfidh tú a samhailtí ar ceal, a Thiarna.
21Toisc go raibh mʼaigne dá spreagadh chun feirge
le linn do mo chroí bheith dá chiapadh,
22bhí mé amaideach, baoth, neamhthuisceanach;
ba chuma nó beithíoch mé i dʼfhianaise.
23Mar sin féin bím i dʼfhochair de shíor
agus beireann tú ar dheasláimh orm.
24Déanfaidh tú mo threorú le do chomhairle
agus glacfaidh tú chun na glóire faoi dheoidh mé.
25Cé atá agam ar neamh ach tú;
agus má bhím leat-sa ní áil liom a bhfuil ar talamh.
26Bíodh go gcliseann mo cholainn is mo chroí
rinne carraig mo chléibh de Dhia;
is é mo chuid é go síoraí suthain.
27An drong a thréigeann thú rachaidh siad ar ceal;
scriosann tú a n‑imíonn uait le striapachas.
28Is fearr liom-sa bheith i ngar do Dhia
agus mo dhóchas a chur sa Tiarna, mo Dhia,
ionas go n‑inseoinn dʼéachtaí go léir
i ndoirse iníon Shíón.

Iliyochaguliwa sasa

Salm 73: ABN2012

Kuonyesha

Shirikisha

Nakili

None

Je, ungependa vivutio vyako vihifadhiwe kwenye vifaa vyako vyote? Jisajili au ingia