Salm 71
71
Urnaí na Seanaoise
1Ortsa, a Thiarna, atá mo thriall;
nár dhéantar mo náiriú go deo.
2Fuascail mé i dʼfhíréantacht agus saor mé;
claon chugam do chluas agus tarrthaigh mé.
3Bí agam i do charraig dhídine,
i do dhúnfort daingean do mo tharrtháil;
óir is tú mo charraig is mo dhún.
4Fuascail mé as láimh an urchóidigh,
as greim an ainbheartaigh agus an aintiarna.
5Óir is leat atá mé ag feitheamh, a Thiarna;
a Dhia, is tú mo dhóchas ó mʼóige.
6Is ort atá mo sheasamh ó rugadh mé,
ó bhroinn mo mháthar ba tú mo dhídean;
ionat a bhíodh mo dhóchas i gcónaí.
7Ba ábhar iontais mé ag mórán daoine
ach is tú mo chúntóir cumasach.
8Is lán mo bhéal de do mholadh
agus de do ghlóir ar feadh an lae.
9Ná caith uait mé i ndeireadh mʼaoise;
ná fág mé liom féin nuair a mheathfaidh mo bhrí orm.
10Óir bím i mbéal mo naimhde;
téann lucht mo bhraite i gcomhairle le chéile
11dá rá: “Tá sé tréigthe ag Dia;
téigí ar a thóir agus beirigí air,
óir níl aon neach ann lena shaoradh.”
12A Dhia, ná bí-se i bhfad uaim;
déan deifir, a Dhia, agus cabhraigh liom.
13Go gcuirtear trína chéile is go gcloítear
a bhfuil ar tí mʼanama.
Go gclúdaítear le míchlú agus náire
an drong ar mian leo mo dhochar.
14Ach beidh dóchas agam-sa go brách
agus cuirfidh mé le do mholadh in aghaidh an lae.
15Fógróidh mo bhéal dʼfhíréantacht
agus do chúnamh ó lá go chéile
óir ní fios dom a líon ná a n‑áireamh.
16Fógróidh mé móréachtaí an Tiarna;
dʼfhíréantachtsa amháin a fhoilseoidh mé.
17Thug tú teagasc dom ó mʼóige, a Dhia,
agus bhíos ag fógairt do mhóréachtaí go dtí seo.
18I mo sheanóir liath dom anois,
ná déan mé a thréigean, a Dhia,
chun go bhfoilseoidh mé do chumhacht don ghlúin seo
agus do chumas dá bhfuil le teacht.
19Síneann dʼfhíréantacht chun na bhflaitheas, a Dhia,
is éachtach iad na nithe a rinne tú.
A Dhia, cé is comhionann leat-sa?
20Leag tú orm iomad de thrombhuarthaí
ach tabharfaidh tú mo bheatha ar ais dom.
Tógfaidh tú as broinn na talún mé;
21Tabharfaidh tú gradam agus sólás ar ais dom.
22Déanfaidh mé ceol duit ar an gcláirseach, dá bhrí sin,
as ucht do dhilghrá dom, a Dhia.
Seinnfidh mé freisin ar an gcruit
duit-se, a Neach Naofa Iosrael.
23Déanfaidh mo bhruasa lúcháir agus mé ag canadh duit
mar aon le mʼanam atá ceannaithe agat.
24Beidh mo theanga ag trácht ar dʼfhíréantacht
i gcaitheamh an lae ar fad,
toisc gur cuireadh nuar agus náire
ar an drong atá ar tí mo dhíobhála.
Iliyochaguliwa sasa
Salm 71: ABN2012
Kuonyesha
Shirikisha
Nakili
Je, ungependa vivutio vyako vihifadhiwe kwenye vifaa vyako vyote? Jisajili au ingia
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.

:
Kuonyesha
Shirikisha
Nakili
Je, ungependa vivutio vyako vihifadhiwe kwenye vifaa vyako vyote? Jisajili au ingia
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.