Seanfhocal 27
27
1Ná bí ag maíomh i dtaobh an lae amárach,
mar ní eol duit cad a thiocfaidh mar chuid leis an lá.
2Moladh an fear thall thú, agus ná déanadh do bhéal féin é;
déanadh an strainséir é, ach ná déanadh do bheola féin.
3Is trom í an chloch agus tá meáchan sa ghaineamh,
ach is troime ná iad araon ciapadh ó amadán.
4Is dian é an cuthach agus is tréan í an fhearg,
ach cé sheasódh an fód in aghaidh an fhormaid?
5Is fearr ceartú os ard
ná grá faoi cheilt.
6Créachta gan ghoimh a thugann cara;
is iomadúil iad póga eascarad.
7Is beag ar an sáitheach mil,
ach is milis leis an ocrach gach searbh.
8Is cuma nó éan ar fán óna nead
fear atá ar fán óna bhaile.
9Baineann ola na comhairle an ceo den chroí,
ach cuireann milse an mhuintearais sólás ar an anam.
10Ná tréig do chara, ná cara dʼathar;
ná rith go teach do dhearthár lá na tubaiste.
Is fearr comharsa i mbéal an dorais
ná deartháir i bhfad ó bhaile.
11“Bíodh ciall agat, a mhic, agus cuir lúcháir ar mo chroí,
le go mbeadh freagra agam ar fhear mo mhaslaithe.
12Feiceann fear na céille an baol chuige agus téann i bhfolach uaidh;
téann na baotháin ar aghaidh agus díolann siad as.
13Tóg brat duine nuair a théann sé i mbannaí le strainséir,
bíodh sé féin mar gheall agat nuair a théann sé in urrús le coimhthígh.
14An té a chuirfidh a bheannacht os ard ar a chomharsa i mochóirí na maidine,
áireofar é a bheith ag mallachtú.
15Is cuma nó sconna ar sileadh gan staonadh lá báistí,
báirseoir mná;
16Is geall le bheith ag smachtú na gaoithe,
nó ag fáil greim deasóige ar an ola, bheith ag iarraidh í a chosc.
17Iarann a chuireann faobhar ar iarann;
agus cuireann fear faobhar ar fhear eile.
18An té a shaothraíonn an crann fígí, íosfaidh sé a thoradh;
an té a thugann aire dá mháistir, tabharfar onóir dó.
19[Faoi mar nach ionann ceannaithe aon bheirte],
ní ionann croíthe na ndaoine.
20Ní bhíonn Seól ná Abadón riamh sásta
ná ní bhíonn súile an duine sásta riamh ach chomh maith.
21Don airgead an breogán, agus don ór an sorn,
agus fear le briathra lucht bladair a mheas.
22Brúigh an t‑amadán sa mhoirtéar le tuairgnín,
(fara grán meilte) ach ní scarfaidh a bhaois leis.
23Bíodh staid do thréada ar eolas agat go maith,
agus tabhair aire mhaith do do tháinte.
24Ní buan maoin,
agus an maireann saibhreas ó aois go haois?
25Nuair a imeoidh an féar, go dtiocfaidh an t‑athfhás,
agus go mbailítear an foráiste ón sliabh,
26Ní foláir go soláthróidh na huain brat duit,
agus na gabhair cíos do ghort,
27Agus bainne na ngabhar do sháith bia do do theaghlach,
agus beatha do do bhanseirbhísigh.
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.