رفتن به محتوا

Seanfhocal 25

25
Dara Cnuasach Sholaimh
1Seanfhocail le Solamh iad seo inár ndiaidh freisin agus is é Hiziciá, rí Iúdá, a bhreac cóip díobh.
2Rún a cheilt glóir Dé,
ach é a ransú go grinn glóir ríthe.
3Fág gur ard iad na flaithis agus gur domhain é an talamh,
níl dul ar chroí na ríthe a iniúchadh.
4Scag an dríodar ón airgead
agus tiocfaidh sé amach glan.
5Díbir na hurchóidigh ó láthair an rí
agus beidh a ríchathaoir bunaithe ar an bhfíréantacht.
6Ná bíodh mustar ort i láthair an rí,
agus ná seas in áit na bhflatha,
7Óir is fearr go ndéarfaí: “Gabh anseo aníos,”
ná go ndéanfaí thú a ísliú i láthair an phrionsa.
An rud a chonaic do shúile,
8ná sceith é go róthobann sa chúirt.
Óir céard a dhéanfaidh tú ar deireadh
má bhréagnaíonn do chomharsana thú?
9Tagair do chúis le do chomharsa,
ach ná sceith rún duine eile,
10Le heagla go ndéanfaidh an té a chluinfeadh thú é a chasadh leat,
agus go gcaillfeá do chlú go léir.
11An focal i luí gaidhte,
is cuma é nó úlla óir i leaba airgid.
12Fáinne óir nó ornáid dʼór fíre,
sin mar atá ceartú críonna i gcluais a éisteann.
13Is cuma nó fionnuaire sneachta fómhair
an teachtaire a bhíonn dílis do lucht a sheolta;
cuireann sé misneach i gcroí a mháistir.
14Scamaill is clocha, ach gan braon fearthainne,
sin mar atá ag fear na ngealltanas mór gan comhlíonadh.
15Is féidir breitheamh a bhogadh le foighne;
briseann béal bán cnámh.
16Má fhaigheann tú mil, ith do dhóthain di,
ach ná déan craos nó déanfaidh tú í a aiseag.
17Téigh go hannamh go teach do chomharsan,
le heagla go n‑éireoidh sé bréan díot agus go dtiocfadh fuath aige duit.
18Is cuma nó cleith nó claíomh nó ga géar
an té a thugann fianaise bhréige in aghaidh a chomharsan.
19Is cuma nó fiacail lofa nó cos leonta
fear gan dílseacht ar a mbeifí ag brath in am an ghátair;
20bheadh sé chomh maith agat do bhrat a bhaint díot sa doineann.
Is cuma nó fínéagra a chur i gcréacht
amhráin a chasadh do chroí duairc.
21Má tá ocras ar do namhaid, tabhair greim le n‑ithe dó;
nó tart, tabhair braon le n‑ól dó.
22Beidh sméaróidí tine á gcarnadh agat ar a cheann sa tslí sin,
agus déanfaidh an Tiarna é a chúiteamh leat.
23Tagann fearthainn ó bhroinn na gaoithe aduaidh,
agus muc ar an malainn ó theanga an bhéadánaí.
24Is fearr cur fút i gcúil sa lochta,
ná bheith in aontíos le bean achrainn.
25Is cuma nó uisce fuar i scornach thirim,
dea-scéala ón gcoigríoch.
26Is cuma nó tobar a suaitheadh nó foinse a truailleadh,
an fíréan a chúbann roimh an urchóideach.
27[Ní maith í póit mheala,
ná géilleadh do bhladar.]
28An fear gan smacht air féin,
is cuma é nó cathair ar leathadh gan cóir chosanta.