رفتن به محتوا

Seanfhocal 17

17
1Is fearr crústa tur agus síocháin,
ná teach fleá agus ceannairc.
2Sé an daor cliste an máistir nuair is drabhlásach é an mac;
beidh sé i bpáirt leis na deartháireacha chun na hoidhreachta.
3Don airgead an breogán, don ór an sorn;
ach le croíthe a phromhadh, tá an Tiarna ann.
4Éisteann an t‑urchóideach le béal mailíseach,
agus tugann an bréagaire aird ar theanga an bhéadáin.
5Masla don chruthaitheoir is ea fonóid faoin mbocht;
an té a gháireann faoin ainnise, ní rachaidh sé gan phionós.
6Sliocht a sleachta coróin na sean;
a n‑athair glóir na clainne.
7Ní oireann béal soilbhir don bhaoth,
ach is lú ná sin a oireann éitheach don phrionsa.
8Buachloch breab dar le fear a bronnta;
ritheann leis cibé slí a chasann sé.
9An té a mhaitheann coir, spreagann sé grá;
ach an té thagraíonn arís di, cuireann sé cairde in earraid.
10Fágann ceartú rian níos déine ar an bhfear tuisceanach,
ná mar a fhágann céad buille ar an amadán.
11Níl a thaibhreamh don urchóideach ach ceannairc,
cuirfear teachtaire dásachtach fána chomhair dá réir sin.
12Bʼfhearr teacht ar bheithir a chaill a cuid coileán
ná ar amadán i mbun a bhaoise.
13An té a thugann olc mar chúiteamh ar mhaith,
ní dhíbreoidh sé an t‑olc óna theach.
14Is cuma aighneas a thosú nó scaoileadh le tuile;
buail cos air dá bhrí sin sula n‑adhntar an t‑achrann.
15An ciontach a shaoradh nó an neamhchiontach a dhaoradh,
is gráin leis an Tiarna iad araon.
16Cén tairbhe airgead i láimh an amadáin
le gaois a cheannach, agus é gan chiall?
17Is cara cara i gcónaí,
ach is dʼuain na hainnise a shaolaítear deartháir.
18An fear gan chiall tugann sé gill
agus téann i mbannaí lena chomharsa.
19An té ar maith leis aighneas, is maith leis [buillí];
fear na mbriathra uaille, bíonn sé ag suirí le drochíde.
20Ní bhíonn sonas i ndán dʼfhear an chroí chlaoin;
titeann an tubaiste sa mhullach ar fhear na teanga fealltaí.
21Cúis bhróin dá athair an baothán mic;
níl lúcháir i ndán dʼathair amadáin.
22Oideas fónta an croí meidhreach;
seirgeann na cnámha le heaspa misnigh.
23Glacann an t‑urchóidí breab faoi scáth brait,
leis an gcóir a chur dá treoir.
24Cuireann an fear tuisceanach an eagna roimhe,
ach sroicheann raon súl an amadáin go himill na cruinne.
25Ábhar dóláis dá athair mac baoth,
agus cúis bhróin é dá mháthair a thug ar an saol é.
26Níl sé cóir pionós a chur ar an bhfíréan,
ach is measa fós an t‑uasal a bhualadh.
27Tá eolas ag an té ar féidir leis smacht a chur ar a theanga;
coimeádann an fear tuisceanach smacht air féin.
28Bíonn cáil na heagna fiú ar an amadán má choimeádann sé a bhéal dúnta;
nuair nach mbíonn focal as, meastar go bhfuil sé cliste.