Íseáia 1
1
An Chéad Chuid
Fáistiní ó roimh an gCogadh–leis an tSuír agus le hEafráim
1Fís Íseáia mhic Ámóz a chonaic sé i dtaobh Iúdá agus Iarúsailéim in aimsir Uiziá, Iótám, Áchaz agus Hiziciá, ríthe Iúdá.
In Aghaidh an Phobail Dhobhránta
2Éistigí, a fhlaitheasa, agus cuir cluais ort, a thalaimh,
óir tá an Tiarna ag labhairt:
“Thóg mé agus dʼoil mé clann mhac,
ach dʼéirigh siad amach i mo choinne.
3Tá aithne ag an mart ar a úinéir,
agus ag an asal ar chliabhán a mháistir,
ach ní aithníonn Iosrael aon ní,
ní thuigeann mo phobal dada.”
Pionós Iúdá
4Och, a phobal na bpeacaí, a chine atá crom le drochbhearta,
a shliocht na míghníomh, a chlann thruaillithe!
Thréig siad an Tiarna, thug tarcaisne do Neach Naofa Iosrael,
dʼiompaigh siad uaidh i leith.
5Cá háit is féidir buille a bhualadh oraibh arís,
agus an feall ar siúl agaibh fós?
Tá an cloigeann uile breoite, an croí meata ar fad;
6ó bhonn na gcos go baithis, níl ball folláin ann:
créachtaí, fearbacha, cneánna oscailte
nach ndeachaigh bréid ná ceangal orthu,
ná cógais ola.
7Tá bhur dtír ina fásach, tá bhur gcathracha loiscthe,
bhur dtailte, tá siad á gcreachadh os comhair bhur súl ag strainséirí;
díthreabh atá ann, mar a bhí nuair a scriosadh Sodom.
8Ta iníon Shíón fágtha
mar bheadh bothán faire i bhfíonghort,
mar bheadh scáthlán i gcuibhreann cúcamar,
mar bheadh cathair faoi léigear.
9Ach gur fhág Tiarna na Slua fuíoll áir,
ba chuma sinn nó Sodom,
ba le Gomorá ár samhail.
In Aghaidh na Fimíneachta
10Éistigí le briathar an Tiarna,
a thaoisigh Shodom;
tugaigí cluas do reacht ár nDé,
a phobal Ghomorá!
11“Nach cuma liomsa bhur n‑íobairtí gan áireamh?”
a deir an Tiarna.
“Tá mé dóthanach de reithí loiscthe
agus de shaill na ngamhna,
níl dúil agam i bhfuil mhart agus phocán gabhair.
12Nuair a thagann sibh i mo láthair,
cé a dʼiarr oraibh urlár mo thí a shiúl?
13Éirigí as ofrálacha gan mhaith a thabhairt chugam;
cuireann an toit atá uathu déistin orm.
Féilte na ré nua, sabóidí, comhthionóil...
ceiliúradh ná sollúntas níl dul agam a bhfulaingt níos mó.
14Bhur réanna nua agus bhur n‑oilithreachtaí,
is gráin liom iad i mʼanam istigh.
Is ualach orm iad
agus tá mé tuirseach á n‑iompar.
15Nuair a shíneann sibh amach bhur lámha,
iompaím mo shúile uaibh.
A liacht paidreacha a deir sibh,
níl mise ag éisteacht.
Tá bhur lámha lán fola.
16Nígí, glanaigí sibh féin.
Tógaigí bhur n‑urchóid as mo radharc.
Éirigí as an olc a dhéanamh!
17Foghlaimígí an mhaith a dhéanamh,
lorgaigí an rud cóir,
cuirigí in éadan ansmachta,
tugaigí a cheart don dílleachta,
agraigí cúis na baintrí.
18Gabhaigí i leith ansin agus pléimis an scéal,
a deir an Tiarna.
Má bheadh bhur bpeacaí ar nós craoraig,
déanfar níos gile iad ná sneachta;
má bheadh siad chomh dearg leis an gcorcra,
amhail olann a dhéanfar iad.
19Má thoilíonn sibh a bheith umhal,
íosfaidh sibh de thoradh na talún;
20ach má leanann sibh sa stailc agus sa cheannairc,
is é béal an chlaímh a íosfaidh sibhse.”
Tá béal an Tiarna tar éis labhairt.
Mairgneach ar Iarúsailéim
21Conas a rinne striapach di,
an chathair dhílis?
Síón, a bhí lán de dhílseacht,
mar a raibh an ceart ina chónaí,
níl intí anois ach lucht dúnmharfa.
22Tá dʼairgead i ndiaidh athrú ina shal,
tá uisce trí do chuid fíona.
23Tá do phrionsaí ina lucht ceannairce,
le gadaithe atá a gcaidreamh.
Tá gach aon duine cíocrach chun brabúis
agus ag sodar i ndiaidh síneadh láimhe.
Ní thugann siad a cheart don dílleachta,
ná ní ghlaoítear cúis na baintrí choíche.
24Ar an ábhar sin, is í seo fáistine Thiarna Dia na Slua,
Neach Láidir Iosrael:
“Ha! beidh an ceann is fearr agam ar mo chéilí comhraic,
bainfidh mé sásamh as mo naimhde.
25Iompóidh mé mo lámh i do choinne,
glanfaidh mé an tsal asat san fhoirnéis,
agus tógfaidh mé uait an drochmhianach ar fad.
26Cuirfidh mé do bhreithimh ar ais mar bhí siad cheana,
do chomhairleoirí mar bhí siad anallód.
As sin amach, glaofar cathair na córach ort,
an chathair fhíréanta.”
27Déanfar Síón a athcheannach le hionracas,
agus le ceart an dream dá muintir a iompóidh ar ais.
28Lucht ceannairce agus peacaigh, brisfear i dteannta a chéile iad
agus an dream a thréigeann an Tiarna, rachaidh siad in éag.
I gCoinne na gCrann Sacrálta
29Sea, beidh náire oraibh de bharr na gcrann teiribinte
a bhfuil bhur sólás iontu,
agus beidh ceann faoi oraibh de bharr na ngairdíní
a chuireann cluain oraibh.
30Óir beidh sibh cosúil le teiribint
a bhfuil a duilliúr feoite
agus le gairdín
nach bhfuil uisce leis níos mó.
31Déanfar barrach den duine teann
agus lasóg dá shaothar.
Loiscfear iad i dteannta a chéile
agus ní bheidh duine ann lena múchadh.
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.