Salm 138
138
Altú Buíochais
1 Le Dáiví.
A Thiarna, gabhaim buíochas leat ó chroí;
óir dʼéist tú le briathra mo bhéil.
Seinnfidh mé duit i bhfianaise na n‑aingeal;
2agus sléachtfaidh mé ag do theampall naofa.
Gabhaim buíochas leat as ucht do bhuan-ghrá agus do dhílse,
a sháraíonn ar [ar chualamar riamh fút].
3Dʼéist tú liom nuair a ghlaoigh mé ort;
agus chuir tú le neart mʼanama.
4Molfaidh ríthe uile na cruinne thú, a Thiarna,
nuair a chluinfidh siad briathra do bhéil.
5Canfaidh siad faoi shlite an Tiarna:
“Nach éachtach í glóir an Tiarna!”
6Dá airde é an Tiarna is cúram dó an t‑íseal;
ach breathnaíonn sé an t‑uaibhreach i bhfad uaidh.
7Bíodh go siúlaim i lár na trioblóide,
tugann tú beatha dom in aghaidh fraoch mʼeascairde.
Síneann tú do lámh chugam do mo shaoradh;
agus fóirfidh tú orm le do dheasláimh.
8Cuirfidh an Tiarna chun cinn a bhfuil tosaithe aige dom.
Maireann do bhuan-ghrá go síoraí, a Thiarna;
ná caith dímheas ar shaothar do lámh.
Právě zvoleno:
Salm 138: ABN2012
Zvýraznění
Kopírovat
Porovnat
Sdílet
Chceš mít své zvýrazněné verše uložené na všech zařízeních? Zaregistruj se nebo se přihlas
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.