Salm 137
137
Cois Sruthanna na Bablóine
1Cois sruthanna na Bablóine
a shuíomar ag sileadh deor,
ag cuimhneamh dúinn ar Shíón.
2Ar shaileoga na tíre sin
chrochamar ár gcruiteanna.
3Óir an drong a rinne bránna dínn,
dʼiarr siad amhráin orainn,
agus an drong a bhíodh dár gciapadh,
dʼiarr siad lúcháir orainn:
“Scaoiligí chugainn,” a deiridís,
“amhrán dʼamhráin Shíón.”
4Conas a chanfaimis amhrán an Tiarna
i dtír na gcoimhthíoch?
5Má dhéanaim dearmad ort, a Iarúsailéim,
go gcrapa mo dheaslámh!
6Go gceanglaí mo theanga de mo charball,
mura gcuimhním ort,
mura gcuire mé Iarúsailéim
mar bharr mʼaoibhnis uile.
7Cuimhnigh, a Thiarna,
in aghaidh chlann Eadóm,
lá treascartha Iarúsailéim,
nuair a dúirt siad:
“Scriosaigí í, scriosaigí í;
leagaigí go talamh í.”
8A iníon na Bablóine,
nach tú an scriosaire!
Is méanar don té a dhíolfaidh leat-sa
na dochair a dʼimir tú orainne–
9an té a bhéarfaidh ar do leanaí
dá mbascadh in éadan na carraige!
Právě zvoleno:
Salm 137: ABN2012
Zvýraznění
Kopírovat
Porovnat
Sdílet
Chceš mít své zvýrazněné verše uložené na všech zařízeních? Zaregistruj se nebo se přihlas
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.