Salm 139
139
Uile-Eolas
1 Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví.
Scrúdaíonn tú mé, a Thiarna, agus is eol duit mé,
2más luí dom, más suí dom, is eol duit é;
is eol duit mo rún is mé i bhfad uait.
3Más siúl dom, más suan dom, feiceann tú;
is eol duit mo shlite go léir.
4Sula gcluintear focal ar mo theanga,
a Thiarna, is eol duit ar fad é.
5Imdhruideann tú ar chúl is ar bhéal mé;
agus leagann tú do lámh orm de shíor.
6Is ró-iontach, ró-uasal liom an t‑eolas seo;
agus téann sé thar mʼacmhainn a thuiscint.
7Cá háit a rachaidh mé ó do spiorad?
ná cá háit a dteithfidh mé ó do láthair?
8Má ghabhaim in airde neimhe beidh tú ann romham;
má luím san uaigh, beidh tú ansin romham freisin.
9Má ghabhaim umam sciatháin na maidine,
agus cónaí i gcríocha imchiana na farraige,
10ansin féin beidh do lámh do mo sheoladh;
agus béarfaidh tú orm le do dheasláimh.
11Má deirim go bhfolóidh an dorchacht mé,
agus go mbeidh solas an lae ina oíche umam,
12ní dorcha leat-sa an dorchacht:
is comhsholas duit lá agus oíche.
13Óir is tú a dheilbhigh go hiomlán mé;
agus a dʼfhuaigh i mbroinn mo mháthar mé.
14Tugaim buíochas duit de bharr iontas mo dhéantúis;
de bhrí gurb éachtach iad dʼoibreacha.
Bʼeol duit go hiomlán mʼanam-sa;
15níor ceileadh ort fiú amháin mo chreat,
nuair a cumadh os íseal mé, gur múnlaíodh i mbroinn na talún mé.
16Chonaic do shúile mo ghníomhartha;
óir scríobhadh iad uile i do leabhar;
agus cinneadh dom mo laethanta go léir,
sular tháinig ceann amháin acu ann.
17Nach diamhrach liom do chomhairlí, a Thiarna;
má dhéanaim a gcomhaireamh ní thig liom a n‑áireamh;
18ní lia gaineamh na trá ná iad;
dá mbeinn réidh leo bheinn farat go fóill.
19Is mairg, a Dhia, nach scriosann tú na hurchóidigh;
is mairg nach n‑imíonn uaim fir na fola.
20Óir déanann siad ceannairc i dʼaghaidh go fealltach;
agus tugann do naimhde mionna éithigh.
21Nach fuath liom, do lucht fuatha, a Thiarna;
nach déistin liom a n‑éiríonn i dʼéadan?
22Is amhlaidh atá an ghráin shaolta agam orthu;
dar liom-sa is deargnaimhde dom iad.
23Scrúdaigh mé, a Dhia, agus féach mo chroí;
déan mo thástáil, agus féach mo smaointe.
24Féach an bhfuil drochslí dá siúl agam;
agus seol mé ar shlí na síoraíochta.
Právě zvoleno:
Salm 139: ABN2012
Zvýraznění
Kopírovat
Porovnat
Sdílet
Chceš mít své zvýrazněné verše uložené na všech zařízeních? Zaregistruj se nebo se přihlas
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.