Na Sailm 66
66
Salm 66.
Jubilate Deo.
1Bíoḋ áṫas oraiḃ roiṁ an Tiarna, a ṫíorṫa uile: canaigí molaḋ in onóir a Ainme, go mba ġlórṁar agaiḃ a ṁolaḋ.
2Abraigí le Dia, Is iontaċ as cuimse mar a oibríonn tú: taḃarfaiḋ méid do ċuṁaċta ar do naiṁde iad féin a ísliú roṁat.
3Óir beiḋ an doṁan ar fad do do adraḋ: beiḋ tú mar áḃar ag a n‑aṁráin, agus beiḋ siad ag molaḋ dʼAinm.
4Tagaigí ċugainn, go ḃfeice siḃ oibreaċa Dé: agus iontas a ġníoṁarṫa le clann Áḋaiṁ.
5Ṫiontaiġ sé an ṁuir ina talaṁ ṫirim: gur ṡiúladar de ċosa tríd an uisce; ba é a ċuir lúċáir orainn, an uair úd.
6Bíonn an réim ag a ċuṁaċt i gcónaí; feiceann a ṡúile na náisiúin: agus an ṁéid naċ gcreidfiḋ, ní ḟéadfaiḋ siad dul i gcéim.
7Molaigí ár nDia, a ċiníoċa: cluintear fuaim a ṁolta uaiḃ os ard.
8Is é a ċoinníos an ḃeaṫa ionainn: agus naċ ligeann dár gcosa imeaċt as fúinn.
9Óir is tú, a Ḋia, a dʼḟéaċ sinn: agus ḋearḃaiġ tú sinn mar dearḃaítear an t‑airgeaḋ.
10Ṫug tú isteaċ sa dol sinn: agus ċuir tú ualaċ buarṫa ar ár gcaoldroim.
11Lig tú do ḋaoine marcaíoċt i mullaċ ár gcinn: ċuamar tríd an tine agus tríd an uisce, agus ṫug tú amaċ sinn in áit ḟairsing.
12Raċaiḋ mé isteaċ i do ṫeaċ le híobairtí loiscṫe, agus coṁallfaiḋ mé duit na móideanna sin: a ġeall mé le mo ḃéal, agus a ċan mé le mo ṫeanga, nuair a ḃí mé i mbuaireaṁ.
13Beiḋ íobairtí méiṫe loiscṫe, agus túis reiṫe, á dtoirḃirt agam duit: agus beiḋ bulláin agus gaḃair á dtoirḃirt agam.
14Tagaigí ċugam, agus tugaigí cluas, a ṁuintir a mbíonn eagla oraiḃ roiṁ Dia: go n‑insí mé daoiḃ a ndearna sé dom anam.
15Ġlaoiġ mé air le mo ḃéal: agus ṡeinn mé a ṁolaḋ le mo ṫeanga.
16Má ḃíonn claonaḋ ċun urċóide i mo ċroí: ní éistfiḋ an Tiarna liom.
17Aċ is aṁlaiḋ dʼéist Dia liom: ḃí aird aige ar ġlór mʼurnaí.
18Molaḋ le Dia nár ċuir uaiḋ mʼaċainíoċa: agus nár iompaiġ a ṫrócaire uaim.
S'ha seleccionat:
Na Sailm 66: OC1965G
Subratllat
Copia
Compara
Comparteix
Vols que els teus subratllats es desin a tots els teus dispositius? Registra't o inicia sessió
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965