Na Sailm 67

67
Salm 67.
Deus misereatur.
1Go ndéana Dia trócaire orainn, agus go mbeannaí sé sinn: go dtaispeána sé solas a ġnúise dúinn, agus go ndéana sé trócaire orainn.
2Go raiḃ eolas do ṡlí ar fuaid an talaiṁ: eolas do ṡlánaiṫe ag gaċ náisiún.
3Molaḋ na ciníoċa ṫú, a Ḋia: ná raiḃ duine naċ mbeiḋ do do ṁolaḋ.
4Déanaḋ na náisiúin lúċáir agus gairdeas: óir déanfaiḋ tú ceart don ṗobal, agus rialóiḋ tú náisiúin an doṁain.
5Molaḋ na ciníoċa ṫú, a Ḋia: ná raiḃ duine naċ mbeiḋ do do ṁolaḋ.
6Taḃarfaiḋ an talaṁ a ṫorṫaí uaiḋ ansin: agus cuirfiḋ Dia, ár nDia féin, a ḃeannaċt orainn.
7Cuirfiḋ Dia a ḃeannaċt orainn: agus beiḋ a uaṁan ar gaċ uile ṫeorainn den doṁan.

S'ha seleccionat:

Na Sailm 67: OC1965G

Subratllat

Copia

Compara

Comparteix

None

Vols que els teus subratllats es desin a tots els teus dispositius? Registra't o inicia sessió