Na Sailm 65
65
Salm 65.
Te decet hymnus.
1Bítear do do ṁolaḋ, a Ḋia, i Síón: agus coṁlíonfar duit an ṁóid in Iarúsalem.
2Is tú a éisteas leis an urnaí: is ċugat a ṫiocfas gaċ fear fola agus feola.
3Tá mo ṁíġníoṁarṫa ag fáil mo ḃua: aċ bí trócaireaċ dúinn inár bpeacaí.
4Is beannaiṫe an fear a mbíonn tú á ṫoġaḋ agus á ġaḃáil ċugat: cónóiḋ sé i do ċúirt, agus sásófar é le haoiḃneas do tí, le haoiḃneas do ṫeampaill naofa.
5Taispeánfaiḋ tú iontas dúinn id ḟíréantaċt, a Ḋia ár slánaiṫe: a ḃíos mar ḋóċas ag críoċa uile an talaiṁ, agus ag a ḃfanann sa ḃfarraige leaṫan.
6A mbunaíonn a neart na sléiḃte: atá á ċrioslú le cuṁaċt.
7A ċiúnaíos fraoċ na farraige: agus tormán a tonna, agus buile na ndaoine.
8Beiḋ eagla roiṁ do ċoṁarṫaí ar luċt áitiṫe críoċa ciana an doṁain: ós tú a ṫugann ar imeaċta na maidine agus na nóna do ṁolaḋ a ṡeinm.
9Tagann tú ċun an talaiṁ, agus beannaíonn tú é: agus déanann tú fairsing é i dtorṫaí.
10Is lán dʼuisce í aḃainn Dé: is léi a ṫugann tú ar an gcruiṫneaċt faiḃriú, ós aṁlaiḋ a ḃíonn tú ag soláṫar don talaṁ.
11Leagann tú uisce ar a iomairí, agus cuireann tú fearṫainn ina ġleanntáin: bogann tú é le braonta na fearṫainne, agus beannaíonn tú a ṫorṫaí.
12Cuireann tú barr an an mbliain le do ṁaiṫeas: agus bíonn do néalta ag sileaḋ méaṫrais.
13Beiḋ siad á sileaḋ ar árais an ḟásaiġ: agus berḋ lúċáir ar na cnocáin ṫart timpeall.
14Beiḋ na banraċa lán de ċaoiriġ: agus beiḋ cruiṫneaċt ar cois sna gleannta ċoṁ tiuḃ go mbeifear ag gáire agus ag ceol.
S'ha seleccionat:
Na Sailm 65: OC1965G
Subratllat
Copia
Compara
Comparteix
Vols que els teus subratllats es desin a tots els teus dispositius? Registra't o inicia sessió
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965