Na Sailm 59

59
Salm 59.
Eripe me de inimicis.
1Fuascail mé ó mo naiṁde, a Ḋia: cosain mé óna n‑éiríonn amaċ im éadan.
2Fuascail mé ó luċt cleaċtaiṫe na hurċóide: agus saor mé ó na fir ḟuilteaċa.
3Óir féaċ, mar ḃíonn siad ag faire na faille ar mʼanam: tá na tréanḟir ag slógaḋ im aġaiḋ, gan ċoir ná ċionta uaimse, a Ṫiarna.
4Bíonn siad ina riṫ ag déanaṁ réiḋ gan ċionta uaim: Éiriġ ṫusa mar sin do ċuidiú liom, agus aṁarc orṫu.
5Éiriġ suas, a Ṫiarna Dia na slua, a Ṫiarna Iosrael, go mbreaṫnaí tú na págánaiġ uile: agus ná bí trócaireaċ don dream a ḃíos ciontaċ de ḋroċrún dʼaonġnó.
6Siúlann siad anonn agus anall tráṫnóna: noċtann siad a gcarr mar ṁadra, agus riṫeann siad ar fuaid na caṫraċ.
7Féaċ, bíonn mallaċtaí ina mbéal, agus bíonn claiṁte ina mbeola: óir cé, adeir siad, a ċluinfeas é?
8Aċ beiḋ tusa, a Ṫiarna, ag magaḋ fúṫu: déanfaiḋ tú gáire fonóideaċ faoi na págánaiġ uile.
9Is leat a luafaiḋ mé a mbíonn de ċuṁaċt agam: óir is tú Dia mo ḋídine.
10Is fial a ṫaispeánann Dia a ṁaiṫeas dom: agus taḃarfaiḋ Dia mo ṁian dom ar mo naiṁde.
11Ná maraiġ iad, ar eagla go ndéanfaḋ mo ṗobal dearmad de: aċ scaip ó ċéile iad le do ċuṁaċta agus cuir ar lár iad, a Ḋia, ár ndídean.
12Ar son peacaí a mbéil, agus ar son briaṫar a mbeol, béarfar orṫu ina n‑uaḃar: agus cad é an fáṫ? De ḃrí naċ gcanann siad aċ mallaċtaí aʼs bréaga.
13Cuir ar ceal iad id ḟearg, cuir ar neaṁní iad, go raiḃ deireaḋ leo: agus go raiḃ a ḟios acu gurb é Dia a ḃíos ag rialú in Iácób, agus go críoċa an doṁain.
14Agus fillfiḋ siad tráṫnóna: noċtfaiḋ siad a gcarr mar ṁadra; agus imeoiḋ siad ar fuaid na caṫraċ.
15Riṫfiḋ siad anonn agus anall ar ṫóir bia: agus beiḋ siad ag ceasaċt mura ḃfaiġeann siad a sá.
16Aċ beiḋ mise ag cantaireaċt faoi do ċuṁaċt, agus ag molaḋ do ṫrócaire ar moċ maidine: óir ba ṫusa mo ḋídean agus mo ċosantóir i lá mo ḃuarṫa.
17Is duitse, a ċuṁaċt liom, a ċanfaiḋ mé mʼaṁrán: óir is tú, a Ḋia, mo ḋídean agus mo Ḋia trócaireaċ.

S'ha seleccionat:

Na Sailm 59: OC1965G

Subratllat

Copia

Compara

Comparteix

None

Vols que els teus subratllats es desin a tots els teus dispositius? Registra't o inicia sessió