Na Sailm 60
60
Salm 60.
Deus, repulisti nos.
1A Ḋia, ċaiṫ tú uait sinn, agus scaip tú ó ċéile sinn: agus ḃí míṡásaṁ ort; go n‑iompaí tú orainn arís.
2Ċroiṫ tú an tír agus rinne tú codanna di: leiġeasaiġ a cneáċa, ós corraċ atá sí.
3Is trom ar ṫaispeáin tú do do ṗobal: ṫug tú deoċ dḟíon dúinn a raiḃ niṁ ṁarfaċ ann.
4Ṫug tú coṁarṫa don dream darb eagal tú: go mbí bua acu de réir na fírinne.
5Is dá ḃrí sin a fuasclaíoḋ dʼaos muintire: cuidiġ liom le do láiṁ ḋeas, agus éist liom.
6Laḃair Dia ina naofaċt, beiḋ lúċáir orm, agus roinnfiḋ mé Secem: agus toṁasfaiḋ mé Gleann Succót.
7Is liom Giléad, agus is liom Manasses: is é Eṗráim cuṁaċt mo ċinn; is é lúda mo ṡlat rí.
8Is é Móab mo scála níoċáin; is ar Édóm a ċaiṫfeas mé mo ḃróg uaim: bíoḋ lúċáir ort roṁam, a Ṗilistia.
9Cé a ṡeolfaiḋ mé isteaċ sa ċaṫair ḋaingean: cé ṫaḃarfaiḋ isteaċ in Édóm mé?
10An é nár ḋíbir tú sinn, a Ḋia: naċ dtoileoiḋ tú, a Ḋia, dul amaċ lenár sluaite?
11Bí mar ċaḃair againn inár mbuaireaṁ: ós díoṁaoin caḃair ón duine.
12Is trí Ḋia a ḋéanfaimid na mór‑éaċta: óir is é a ċuirfeas ár naiṁde faoina ċosa.
S'ha seleccionat:
Na Sailm 60: OC1965G
Subratllat
Copia
Compara
Comparteix
Vols que els teus subratllats es desin a tots els teus dispositius? Registra't o inicia sessió
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965