Na Sailm 58

58
Salm 58.
Si vere utique.
1An í an ḟíréantaċt rún daingean ḃur gcroí, a ċoṁṫionóil: agus an ceart é an breiṫiúnas a ṫugann siḃ uaiḃ, a luċt na céimíoċta?
2Scéal cinnte, go mbíonn an t‑olc á ċumaḋ agaiḃ in ḃur gcroí ar an talaṁ: agus go n‑oibríonn ḃur lá ṁa an urċóid.
3Bíonn luċt an oilc contrárṫa, ó ḃroinn a máṫar féin: ní luaiṫe a ṡaolaítear iad, ná téann siad ar seaċrán, agus insíonn siad bréaga.
4Bíonn siad ċoṁ marfaċ le naṫair niṁe: mar an naṫair niṁe ḃoḋar a ḋruideann a cluasa.
5Agus a ḋiúltaíonn éisteaċt leis an draoi: dá ġliceas é ag cur na ngeas.
6Bris a ḃfiacla, a Ḋia, ina mbéal: buail buille ar ċnáṁa géill na leon, a Ṫiarna.
7Go dtite siad as mar uisce a ṫéann le fána: go mbristear a saiġeada nuair a scaoileas siad iad.
8Leáidís mar leánn seilide, agus bídís mar ṫoirċeas anapaiḋ mná: agus nár ḟeice siad an ġrian.
9Sula dtéitear ḃur gcorcáin leis na sceaċa: tiocfaiḋ fearg air, agus scuabfaiḋ sé as iad le hiomġaoṫ.
10Beiḋ lúċáir ar an ḃfíréan nuair a ḟeicfiḋ sé an díoltas: nífiḋ sé a ċosa i ḃfuil luċt an oilc.
11Ionas go mbeifí á rá, I ḃfírinne tá luaċ saoṫair i ndán don ḟíréan: tá Dia ann gan aṁras a ṫugann breiṫiúnas ar an talaṁ.

S'ha seleccionat:

Na Sailm 58: OC1965G

Subratllat

Copia

Compara

Comparteix

None

Vols que els teus subratllats es desin a tots els teus dispositius? Registra't o inicia sessió