Eoin 1
OC1970
1
1Sa tús bhí an Briathar ann, agus bhí an Briathar in éineacht le Dia, agus ba é Dia an Briathar. 2Is é a bhí ann i dtús ama in éineacht le Dia; 3is trídsean a cruthaíodh gach ní, agus ina éagmais-sean níor cruthaíodh aon ní dá ndearnadh. 4Is ann a bhí an bheatha, agus ba í an bheatha solas an chine dhaonna. 5Bíonn an solas ag soilsiú sa dorchadas, agus níl bua ag an dorchadas air.
6Fear a bhí ann, fear ar chuir Dia uaidh é, arbh ainm dó Eoin. 7Is le haghaidh fianaise a tháinig sé, le fianaise a thabhairt ar an solas, ionas go gcreidfeadh gach aon duine tríd. 8Níorbh é an solas é, é féin, ach is le fianaise a thabhairt ar an solas a tháinig sé.
9Ba é an fíorsholas, a shoilsíos an cine daonna, a bhí ag teacht ar an saol. 10Bhi sé ar an saol, agus ba thríd a rinneadh an saol, ach níor aithin an saol é. 11Tháinig sé chun a ionaid dhúchais, agus níor ghlac a mhuintir féin leis. 12Ach níl duine dár ghlac leis, agus dár chreid ina ainm, nár thug sé an chumhacht dóibh bheith ina gclann Dé; 13an chlann nár gineadh ó fholaíocht ná ó thoil chollaí ná ó thoil dhaonna, ach ó Dhia.
14Agus ionchollaíodh an Briathar agus tháinig sé a chónaí inár measc, agus é lán de ghrásta agus dʼfhírinne; agus tá a ghlóir feicthe againn, glóir mar ghlóir an Aon-Mhic atá ón Athair. 15(Thug Eoin fianaise air agus ghlaoigh sé, “Is é sin an té a ndúirt mé faoi, ‘An té a thagann i mo dhiaidh, bíonn tosaíocht aige orm, mar bhí sé ann romhamsa.’”) 16Agus fuaireamar uile ár gcion amach as a fhairsinge, grásta ar mhuin ghrásta. 17Mar is trí Mhaois a bronnadh an dlí; tháinig an grásta agus an fhírinne i gcrích trí Íosa Críost. 18Ní fhaca súil dhaonna Dia; is é an t‑aon Mhac, a bhíos i mbrollach an Athar, a thug uaidh a bhfuil dʼeolas air.
19Agus is í seo fianaise Eoin, nuair a chuir na Giúdaigh sagairt agus Lébhítigh ó Iarúsailéim lena fhiafraí de, “Cé tusa?” 20Dʼadmhaigh sé é, agus níor shéan sé é, ach dʼadmhaigh sé, “Ní mise an Críost.” 21Agus dʼfhiafraigh siad de, “Cé tú mar sin? An tú Elía?” “Ní mé,” ar seisean. “An tú an fáidh?” Agus dʼfhreagair sé, “Ní mé.” 22Dʼfhiafraigh siad de ansin, “Cé tú féin? Tabhair freagra dúinn go n‑insímid é don dream a chuir anseo sinn. Cad é atá le rá agat fút féin?” 23Ar seisean, “Níl ionam ach glór daonna ag glaoch ar an bhfásach, ‘Dirígí bealach an Tiarna,’ mar a dúirt an fáidh Isáia.”
24Anois ba iad na Fairiséigh a chuir uathu iad. 25“Dʼfhiafr­aigh siad de, “Cad chuige a bhfuil tú ag baisteadh, mura tú an Críost, ná Elía, ná an fáidh?” 26Ba é freagra a thug Eoin orthu, “Bímse ag baisteadh le huisce; ach tá duine ag seasamh in bhur measc nach aithnid daoibh, 27is é féin an té a thiocfas i mo dhiaidh, nach fiú mé iall a chuaráin a scaoileadh.” 28Tharla sé sin i mBétáin taobh thall den Iornán, áit a raibh Eoin ag baisteadh.
29An lá ina dhiaidh sin chonaic sé Íosa chuige, agus dúirt sé, “Féach Uan Dé, a bheireas leis peacaí an domhain! 30Is é seo an té a ndúirt mé faoi, ‘Tá fear ag teacht i mo dhiaidh a bhíos i dtosaíocht orm, ó bhí sé ann romham.’ 31Níor aithin mé féin é; ach is chuige seo a tháinig mé ag baisteadh le huisce, ionas go bhfoilsítí dʼIosrael é.” 32Agus thug Eoin fianaise, “Chonaic mé an Spiorad ag tuirlingt mar cholm ó neamh, agus dʼfhan sé air. 33Níor aithin mé féin é ach is é a dúirt an té a chuir mé a bhaisteadh le huisce liom, ‘An té a bhfeiceann sibh an Spiorad ag tuirlingt air agus ag fanacht aige, is é sin an té a bhaisteas leis an Spiorad Naomh.’ 34Agus tá sin feicthe agam agus fianaise tugtha agam gurb é seo Mac Dé.”
35An lá ina dhiaidh sin bhí Eoin ina sheasamh le beirt dá dheisceabail; 36agus dʼamharc sé ar Íosa ag siúl thart, agus ar seisean, “Féach Uan Dé!” 37Chuala an bheirt deisceabal é á rá sin, agus lean siad Íosa. 38Thiontaigh Íosa thart, go bhfaca iad á leanúint, agus ar seisean leo, “Cad é atá uaibh?” Agus dúirt siadsan leis, “A Rabbí (a chiallaíos Oide), cá bhfuil tú ag fanacht?” 39Ar seisean leo, “Tagaigí go bhfeice sibh.” Chuaigh siad go bhfaca an áit a raibh sé ag fanacht, agus dʼfhan siad aige an lá sin, ó bhí sé tuairim is an deichiú huair. 40Bhi Aindrias, deartháir Shíomóin Peadar ar dhuine den bheirt a chuala caint Eoin, agus a lean é. 41Ba é an chéad ní a rinne sé dul ar lorg a dhearthár Siomón, agus dúirt sé leis, “Táimid tar éis an Messía a fháil” (a chiallaíos an Críost). 42Thug sé leis chuig Íosa é. Dʼamharc Íosa air, agus dúirt sé, “Is tú Síomón mac Eoin mar sin? Tabharfar Céfas ort” (a chiallaíos Peadar).
43An lá ina dhiaidh sin bhí rún ag Íosa dul go Galailí. 44Tháinig sé ar Philib agus dúirt sé leis, “Lean mé.” Anois ba as Bétsáida, cathair Aindriais agus Pheadair, do Philib. 45Chuaigh Pilib ar lorg Natanael, agus dúirt sé leis, “Tá sé faighte againn, an té ar scríobh Maois sa dlí agus ar scríobh na fáithe faoi freisin, Íosa Nasara, mac Iósaif.” 46Is é a dúirt Natanael leis, “An bhféadann aon mhaith teacht as Nasair?” Arsa Pilib leis, “Tar ort go bhfeice tú.” 47Chonaic Íosa Natanael chuige agus dúirt sé faoi, “Seo Iosraelíteach dáiríre nach bhfuil cealg ann!” 48Arsa Natanael leis, “Conas atá aithne agat orm?” Dʼfhreagair Íosa é, “Sular ghlaoigh Pilib ort, nuair a bhí tú faoin chrann fige, chonaic mé thú.” 49Dʼfhreagair Natanael é, “A Rabbí, is tú Mac Dé! Is tú Rí Iosrael!” 50Dʼfhreagair Íosa é, “An gcreideann tú de bharr mé á rá go bhfaca mé thú faoin gcrann fige? Feicfidh tú nithe is mó ná iad seo.” 51Agus dúirt sé leis, “Is fíor atá, agus is fíor mo rá go bhfeicfidh tú doirse neimhe á n‑oscailt, agus aingil Dé ag éirí agus ag tuirlingt ar Mhac an duine.”

Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland

Learn More About Ó Cuinn Tiomna Nua 1970