Rómhánaigh 8
8
1Mar sin níl aon daorbhreith i ndán don dream atá aontaithe leis an gCríost, le hÍosa. 2Mar táim saortha ó dhlí an pheaca agus an bháis ag dlí Spiorad na beatha atá sa Chríost, in Íosa. 3Mar rinne Dia ní nach féidir leis an dlí, atá ag dul in isle bhrí de bharr na colainne, a dhéanamh: chuir sé uaidh a Mhac féin i gcosúlacht na colainne peacúla agus ar son an pheaca, agus dhaor sé an peaca sa cholainn, 4ionas go gcomhlíonfaí ceart an dlí ionainne, nach gcaitheann ár mbeatha de réir na colainne ach de réir an Spioraid. 5Mar an dream a chaitheas a mbeatha de réir na colainne, ní bhíonn ar a n-intinn ach nithe collaí, ach an dream a chaitheas a mbeatha de réir an Spioraid is ar nithe spioradálta a bhíos a n-intinn siúd. 6Is bás é an intinn chollaí, ach is beatha agus síocháin an intinn a dhíriú ar an Spiorad. 7Mar is naimhdeach do Dhia an intinn a dhírítear ar an gcolainn; ní ghéilleann sé do dhlí Dé, ó nach féidir leis géilleadh dó; 8agus an dream a bhíos aontaithe leis an gcolainn ní féidir leo bheith tait-neamhach do Dhia.
9Ach níl sibh sa cholainn, ach sa Spiorad, más fíor go gcónaíonn Spiorad Dé ionaibh. Ach an duine nach bhfuil Spiorad Dé ann ní le Críost é. 10Ach má tá Críost istigh ionaibh, siúd is go mbíonn bhur gcorp marbh de thairbhe an pheaca, bíonn bhur sprid beo de thairbhe na fíréantachta. 11Más rud é go gcónaíonn Spiorad an té a thóg Íosa ó na mairbh ionaibh, tabharfaidh an té a thóg an Críost, Íosa, ó na mairbh beatha do bhur gcoirp sho-mharfa fós trína Spioradsan a chónaíos ionaibh.
12Dá bhrí sin, a bhráithre, tá fiacha le híoc againn, ní leis an gcolainn, agus sinne ag caitheamh beatha collaí— 13mar má chaitheann tú beatha chollaí beidh do bhás air, ach más í beatha an Spioraid a chaithfeas tú, básaíonn tú gníomhartha na colainne, agus mairfidh tú beo. 14Mar an dream a threoraítear le Spiorad Dé is iadsan clann mhac Dé. 15Mar níl glactha agaibh le sprid na daoirse le titim ar gcúl chun na heagla, ach tá glactha agaibh le sprid mhaicne. Nuair a ghlaoimid, “Abba! a Athair!” 16bíonn an Spiorad é féin in éineacht lenár sprid féin ag déanamh fianaise gur clann Dé sinn. 17Agus más clann sinn, is oidhrí sinn, oidhrí ag Dia inár gcomhoidhrí le Críost ar choinníoll go bhfulaingímid ina chuideachta ionas go nglóirítear sinn ina chuideachta.
18Measaim nach fiú pianta an ama i láthair a chur i gcomparáid leis an nglóir atá le nochtadh dúinn. 19Mar bíonn ar cruthaíodh ag tnúth le nochtadh chlann mhac Dé; 20mar cuireadh ar cruthaíodh faoi smacht na leimhe, ní óna thoil féin ach ó thoil an té a chuir air é i ndóchas; 21ós ní é go saorfar ar cruthaíodh óna dhaoirse agus ón meath leis an tsaoirse ghlórmhar sin a fháil a bhíos ag clann mhac Dé. 22Is feasach dúinn go raibh ceas naíon ar ar cruthaíodh uile agus é ag cneadach go dtí anois; 23agus ní hé ar cruthaíodh amháin ach sinne a bhfuil céadtorthaí an Spioraid againn, bímid ag cneadach ionainn féin ag tnúth lenár nglacadh mar chlann mhac uchta, le slánú ár gcorpna.
24Mar is é sin an dóchas inar slánaíodh sinn. Anois ní dóchas é an dóchas sin a fheictear. Mar cé aige a mbíonn dóchas leis an ní a fheiceann sé? 25Ach má bhíonn dóchas againn le ní nach bhfeicimid, bímid ag fanacht go foighneach leis.
26Mar an gcéanna cuidíonn an Spiorad linn inár laige; mar ní thuigimid conas urnaí a dhéanamh mar ba choir, ach bíonn an Spiorad é féin le hosnaí a sháraíos aon insint ag idirghuí ar ár son. 27Agus an té sin a scrúdaíos croíthe na ndaoine is feasach dósan intinn an Spioraid, mar bíonn an Spiorad ag idirghuí ar son na naomh de réir thoil Dé.
28Is feasach dúinn nach bhfuil aon ní ann nach n-oibríonn Dia chun leas an dreama a thug grá dó, agus a fuair gairm de réir a rúinsean. 29Mar réamhordaigh sé an dream a réamhaithin sé le dul i gcosúlacht íomhá a Mhic, ionas go mba é an chéadghin mhic é i mease mórán deartháireacha. 30Agus an dream a réamhordaigh sé ghlaoigh séiad freisin; agus an dream a ghlaoigh sé dʼfhíréanaigh sé iad freisin; agus an dream a dʼfhíréanaigh sé rinne sé glórmhar iad freisin.
31Cad é a déarfaimid mar fhreagra? Má tá Dia linn, cé tá inár n-éadan? 32An té nár mhór leis scaradh go toilteanach lena Mhac féin ar ár son uile, an bhfuil aon ní ann nach dtabharfaidh sé dúinn ina chuideachta? 33Cé a chuirfeas aon chúis i leith lucht tofa Dé? Is é Dia a fhíréanaíos; 34cé a dhaorfas? An é Íosa Críost a dʼéag, is é, agus a tógadh ó na mairbh, agus atá ar láimh dheas Dé, a bhíos ag idirghuí ar ár son? 35Cé a thioefas idir sinn agus grá Chríost? An trioblóid, nó crá, nó géarleanúint, nó gorta, nó nochtacht. nó contúirt, nó claíomh? 36Mar atá scríofa,
“Mar mhaithe leat bítear dár marú i rith an lae;
meastar sinn mar chaoirigh atá le marú.”
37Ní hea, beirimid craobh an bhua sna nithe sin uile tríd an té a thug grá dúinn. 38Mar táim cinnte nach féidir le bás, ná le beatha, ná le haingil, ná le hardchumhachtaí neamhaí, ná lena bhfuil ann anois nó lena mbeidh ann san am atá le teacht, ná le húdaráis, 39ná le hairde ná le doimh-neacht, ná le ní ar bith eile dár cruthaíodh, teacht idir sinn agus grá Dé in Íosa Críost ár dTiarna.
Currently Selected:
Rómhánaigh 8: OC1970
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland

: