Rómhánaigh 6
6
1Cad é is cóir dúinn a rá ansin? An rachaimid ar aghaidh leis an bpeaca go mba mhóide don ghrásta? 2Ní hamhlaidh! Fuaireamar bás don pheaca, agus cad é mar a ligfimid dó bheith beo ionainn fós? 3Mar an é nach bhfuil a fhios agaibh an méid againn a fuair baiste in ainm Íosa Críost go bhfuil glactha againn le baiste a bháis? 4Táimid marbh agus curtha ina chuideachta ag an mbaiste, chun go gcaithimid beatha úmua dála Chríost a dʼéirigh ó na mairbh trí ghlóir an Athar.
5Más rud é mar sin go bhfuilimid comhcheangailte leis i gcosúlacht a bháis, is cinnte go gcomhcheanglófar leis sinn i gcosúlacht a aiséirí. 6Tá a fhios againn gur crochadh an duine a bhí ionainn ar a chrois, ionas go gcuirfí chun báis an corp peacúil, chun nach mbeadh greim ag an bpeaca orainn. 7Mar an té atá marbh ní bhíonn greim ag an bpeaca air. 8Ach má táimid tar éis bás a fháil le Críost, creidimid go mairfimid beo leis. 9Mar tá a fhios againn nach bhfaighidh Críost bás arís tar éis a aiséirí ó na mairbh; ní bhíonn ceannas ag an mbás air níos mó. 10An bás a fuair sé ba don pheaca a fuair sé é an t-aon uair amháin, ach is beatha do Dhia an bheatha a chaitheann sé anois. 11Is cóir daoibh mar sin a mheas go bhfuil sibh féin marbh básaithe don pheaca, agus beo beathach do Dhia in Íosa Críost. 12Ná bíodh an peaca i réim mar sin in bhur gcoirp shomharfa, le humhlú dá n-ainmhianta. 13Ná géilligí bhur mbaill don pheaca le bheith mar uirlisí ag an ole, ach géilligí sibh féin do Dhia mar dhaoine a tugadh ó bhás go beatha, agus géilligí bhur mbaill do Dhia mar uirlisí na fíréantachta. 14Mar ní bheidh aon cheannas ag an bpeaca oraibh níos mó, ó nach bhfuil sibh faoin dlí ach faoin ngrásta.
15Cad é ina dhiaidh sin? An gceadófar dúinn peaca a dhéanamh ó nach bhfuilimid faoin dlí, ach faoin ngrásta? Níl sin amhlaidh ar chor ar bith! 16Nach feasach daoibh má tá sibh i ndiaidh géilleadh dʼaon duine mar dhaoir ag umhlú dó, go bhfuil sibh i ndaoirse ag an té sin a mbíonn sibh ag umhlú dó, más é an peaca é, a thugas chun báis, nó más í an umhlaíocht í, a thugas chun na fíréantachta? 17Ach buíochas le Dia, go bhfuil sibhse a bhíodh roimhe sin faoi dhaoirse an pheaca i ndiaidh umhlú ó chroí do chló an teagaisc sin a cuireadh romhaibh, 18agus gur saoradh ón bpeaca sibh, agus go bhfuil sibh in bhur ndaoir ag an bhfíréantacht. 19Is ó thaobh an duine de a labhraim, de bhrí na laige atá san fhuil agus san fheoil. Mar fé mar a ghéilleadh sibh bhur mbaill don neamhghlaine agus do thuilleadh mór den urcbóid, tá oraibh anois bhur mbaill a ghéilleadh don fhíréantacht le go naomhófaí iad.
20San am a raibh sibh faoi ghlais dhaoirse an pheaca, bhí saoirse agaibh ón bhfíréantacht. 21Ach cad é an leas a bhain sibh as na nithe nach bhfuil anois agaibh ach ina n-ábhar náire agus ceann faoi? Is é an bás toradh na nithe sin. 22Ach anois ó saoradh sibh ón bpeaca agus ó tá sibh in bhur ndaor-ghiollaí ag Dia, is í an tairbhe atá á fáil agaibh as naomhacht beatha, agus an bheatha shíoraí a chuireas ceann air. 23Mar is é an bás tuarastal an pheaca, ach tugann Dia mar shaoraisce uaidh an bheatha shíoraí in Íosa Críost ár dTiarna.
Currently Selected:
Rómhánaigh 6: OC1970
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland

: