Rómhánaigh 16
16
1Molaim daoibh Phébé ár siúrne, bandéagánach den eaglais i gCeanncriae, 2chun go gcuirfidh sibh an fháilte is dual do naoimh roimpi os comhair an Tiarna, agus chun go gcuideoidh sibh léi i gcibé ní a theastaíonn uaithi, ós iomaí sin duine ar chuidigh sí leo agus mise a chur san áireamh.
3Beannaígi do Phrisca agus dʼAcuila mo chomhoibrith-eoirí i gCríost, in Íosa, 4daoine a chuir a muineál féin ar cheap le mʼanamsa a shábháil, agus daoine nach dtugaimse mé féin buíochas dóibh dá cheann i mʼaonar, ach mise agus eaglaisí uile na nGintlithe liom; 5beannaígí freisin don eaglais a bhíos ina dteach siúd. Beannaígí do Epainetus is ionúin liom, an chéad duine i gceantar na hÁise a ghlac le creideamh Chríost. 6Beannaígí do Mhuire, a rinne saothar crua in bhur mease. 7Beannaígí dʼAndronicus agus do Iunias, mo dhaoine muinteartha agus mo chomh-bhraighdeanaigh; is daoine dearsenaithe iad i mease na n-aspal, agus bhí siad ina mbaill de Chríost romhamsa. 8Beannaígí dʼAmpliatus, fear mo pháirte sa Tiarna. 9Beann-aígí dʼUrbanus ár gcomhoibritheoir i gCríost, agus do Stacis ionúin. 10Beannaígí dʼApelles, duine a dearbh-aíodh i gCríost. Beannaígí do lucht theaghlach Aristobulus. 11Beannaígí do Herodion mo dhuine gaoil. Beannaígí an méid is leis an Tiarna de lucht theaghlach Narcissus. 12Beann-aígí do na hoibritheoirí úd an Tiarna, do Thriféana agus do Thrifósa. Beannaígí do Phersis ionúin, ós í a chuir saothar tréan uirthi féin sa Tiarna. 13Beannaígí do Rufus, oirirc sa Tiarna, agus dá mháthair agus do mo mháthairse. 14Beannaígí dʼAsincritus, do Phlégón, do Hermes, do Phatróbus, do Hermas, agus do na bráithre atá ina gcuideachta. 15Beannaígí do Philólogus, do Iúlia, do Nereus agus dá dheirfiúr, agus dʼOlimpas, agus do na naoimh sin uile atá leo. 16Beannaígí dá chéile le naomhphóg. Beann-aíonn eaglaisí Chríost uile daoibh.
17Iarraim dʼimpí oraibh, a bhráithre, bheith ar bhur n-aire ar an dream úd a bhíos ina gcúis le haighneas agus le clampar, atá bunoscionn leis an teagasc a cuireadh romhaibh; fanaigí amach uathu. 18Mar ní bhíonn a leithéidí ag déanamh seirbhíse dʼÍosa Críost, ach agcomhlíonadh a gcuid ainmhianta féin, agus meallann siad croíthe na ndaoine simplí le briathra binne agus le bladar. 19Siúd is gur feasach don saol cad é chomh humhal agus a bhíos sibh, ionas go bhfuil sibh in bhur n-ábhar áthais agam, ba mhian liom sibh a bheith go glic faoin maith agus gan cealg ionaibh faoin ole; 20agus ansin is gairid go mbrúfaidh Dia na síochána Sátan faoi bhur gcosa. Go raibh grásta ár dTiarna Íosa Críost libh.
21Tá Timótéus mo chomhoibrí ag beannú daoibh; maraon le Lucius agus Iasón agus Sasipater mo chairde gaoil.
22Tá mise Tertius, an té a scríobh síos an litir seo, ag beannú daoibh sa Tiarna.
23Tá Gaius, fear mʼaíochta agus fear aíochta na heaglaise uile, ag beannú daoibh. Tá Erastus, cisteoir na cathrach, agus ár mbráthair Cuartus, ag beannú daoibh.#16:23 Cuireann seanúdaráis eile v. 24 isteach, Grásta ár dTiarna Íosa Críost libh uile. Áiméan. 25Agus anois, ó tá sé ann, an té a bhfuil sé ar chumhacht agus ar chumas aige neart a sholáthar daoibh, de réir mo shoiscéilse, agus de réir seanmóireachta i dtaobh Íosa Críost, agus de réir léimochtadh na rúndiamhaire úd a bhí ina rún folaithe leis na cianaoiseanna 26ach a bhíos anois á léimochtadh agus á fhoilsiú trí scríbhinní na bhfáithe do na náisiúin uile, de réir aithne Dé na síoraiochta, le humhlaíocht an chreidimh a thabhairt chun gnímh— 27don té sin, don t-aon Dia eagnaí amháin go raibh glóir shíoraí trí Íosa Críost. Áiméan.
Currently Selected:
Rómhánaigh 16: OC1970
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland

: