YouVersion Logo
Search Icon

Rómhánaigh 14

14
1Maidir le fear an chreidimh laig, bíodh fáilte agaibh roimhe, ach ní chun díospóireachtaí faoi thuairimí. 2Tá fear ann a chreideas gur ceadmhach dó a rogha rud a ithe, ach an duine lag ní itheann sé ach luibheanna. 3Ná déanadh an té a itheas a bheag den té a fhanas amach uaidh, agus ná tugadh an té a fhanas amach uaidh daor-bhreith ar an té a itheas; ó bíonn fáilte ag Dia roimhe. 4Cé tú féin le breith a thabhairt ar sheirbhíseach duine eile? Is os comhair a mháistir féin a sheasas sé nó a thiteas sé. Agus tógfar ar a bhoinn é, mar is féidir leis an Máistir cos a chur faoi.
5Bíonn fear amháin ann a mheasas gur fearr lá ná a chéile, agus measann fear eile go mbíonn na laethanta uile mar an gcéanna. Caithfidh gach duine acu bheith lán dearfa ina intinn féin. 6An té a cheiliúras an lá, is in onóir an Tiarna a cheiliúras sé é. Agus an té a itheas, is in onóir an Tiarna a itheas sé, ó altaíonn sé le Dia é; agus an té a dhéanas tréanas, déanann sé a thréanas in onóir an Tiarna agus beireann sé buíochas le Dia. 7Ní dó féin amháin a mhaireas aon duine againn, agus ní dó féin amháin a fhaigheas aon duine againn bás. 8Más beo dúinn, mairimid don Tiarna, agus más é an bás atá i ndán dúinn, faighimid bás don Tiarna; dá bhrí sin is cuma cé acu beo nó marbh, is leis an Tiarna sinn. 9Mar is chuige sin a dʼéag agus a dʼaiséirigh Críost, ionas go mba Thiarna na mbeo agus na marbh é.
10Cad chuige a dtugann tú daorbhreith ar do bhráthair? Nó cad chuige ar bheag leat do bhráthair, a ghiolla úd? 11Mar tá sé scríofa,
“Mar a mhairim, deir an Tiarna, níl glúin nach bhfeac-faidh romham,
ná teanga nach dtabharfaidh a dhíol molta do Dhia.”
12Mar sin caithfidh an uile dhuine againn bheith ag freagairt ar a shon féin do Dhia.
13Mar sin de ná tugaimis daorbhreith ar a chéile a thuilleadh, ach ina ionad sin go mba é rún ár n-intinne gan aon toirmeasc ná ceap tuisle a fhágáil sa chosán roimh ár mbráthair. 14Tá dearbh-fhios agam i bhfianaise mo Thiarna Íosa nach neamhghlan ann féin aon ní dár cruthaíodh, mar níl sé neamhghlan ach dar leis an té a mheasas neamhghlan é. 15Ach má tá dochar do do bhráthair i do bhiasa, ní bhíonn tú ag ordú do bheatha de réir an ghrá a thuilleadh. Ná lig do do chuid bia bheith ag milleadh duine a bhfuair Críost bás ar a shon. 16Ná bíodh drochiomrá ar an maith sin agat. 17Ní gnóthaí bia agus dí í ríocht Dé ach an fhiréan-tacht agus an tsíocháin agus ansó sa Naomh-Spiorad; 18an té a dhéanas seirbhís do Dhia ar an modh sin bíonn aoibh ar Dhia leis agus bíonn na daoine á mholadh. 19Leanaimis mar sin don uile ní a chuireas le síocháin agus le leas na gcomharsana. 20Ná scriosaigí saothar Dé mar mhaithe le bolgam bia. Ar ndóigh tá gach uile ní glan, ach is míchóir duit ní a ithe a thabharfadh ar dhuine eile titim as a sheasamh; 21is cóir gan feoil a ithe ná fíon a ól ná aon ní a dhéanamh a bhainfeadh barrthuisle as do bhráthair. 22An creideamh atá agat, bíodh sé agat idir tú féin agus Dia amháin; mar is méanar don té nach mbíonn cúis aige daorbhreith a thabhairt air féin i dtaobh an ní a mheasas sé is cóir. 23Ach an té a bhíos drochamhrasach tugtar daorbhreith air, má itheann sé, ós rud é nach n-oibríonn sé ó chreideamh; mar cibé ar bith ní nach dtagann ó chreideamh, is peaca é.

Currently Selected:

Rómhánaigh 14: OC1970

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in