Rómhánaigh 12
12
1Glaoim oraibh dá bhrí sin, a bhráithre, as ucht thrócaire Dé, go dtíolaca sibh bhur gcolainn mar naomhíobairt bheo, ní a thaitnionn le Dia mar ghníomh adhartha spioradálta uaibh. 2Ná glacaigí le cruth an tsaoil seo, ach bíodh athrú crutha oraibh trí athnuachan bhur n-intinne, ionas go bhfaighidh sibh tuiscint ar dhea-thoil aoibhinn neamhlochtach Dé.
3Óir deirim le gach duine agaibh tríd an ngrásta a bronnadh orm gan meas iomarcach a bheith aige air féin, ach ina ionad sin meas cothrom atá de réir chuimse an chreidimh a roinn Dia leis. 4Mar feicimid go bhfuil mórán ball in aon chorp amháin, agus gan an fheidhm chéanna ag aon dá bhall acu, 5ar an nós céanna bímid, an slua sin againn inár n-aon chorp amháin i gCríost, agus inár mbaill dá chéile gach duine faoi leith. 6Ó bíonn tíolaicí ar leith againn mar sin de réir an ghrásta a bronnadh orainn, bainimis úsáid astu; más fáidheadóireacht í, de réir mhéid ár gcreid-imh; 7más seirbhís í, sa tseirbhís a dhéanaimid; an té a bhíos ag teagasc, lena theagasc; 8an té a bhíos ag gríosú gnímh, ina ghríosú; an té a roinneas a mhaoin, i bhflaithiúl-acht; an té a thugas tarrtháil, le dúthracht; an té a ghnáth-aíos trócaire, a dhéanamh go soilbhir.
9Bíodh grá agaibh i ndáiríre; tugaigí fuath don ole, cloígí le gach ní dá fheabhas; 10bíodh grá na ndeartháireacha agaibh dá chéile; sáraígí a chéile leis an ómós a thugas sibh dá chéile. 11Ná ligigí do bhur ndúthracht dul i laghad, ach bíodh an Spiorad ar lasadh ionaibh, bígí ag obair do bhur dTiarna. 12Bíodh bhur ndóchas ina ábhar lúcháire agaibh, bígí foighneach in am an chrá, agus ná stadaigí den urnaí. 13Tugaigí uaibh síneadh láimhe le haghaidh riachtanas na naomh, agus bígí flaithiúil fáilteach de ghnáth.
14Beannaígí lucht bhur ngéarleanúna; beannaígí agus ná mallaígí iad. 15Déanaigí comháthas le lucht an áthais agus comhbhrón le lucht an bhróin. 16Mairigí go cairdiúil le chéile; ná bígí mórtasach, ach déanaigí caidreamh leis an uiríseal; ná síligí barraíocht díbh féin in am ar bith. 17Ná tugaigí ole in aghaigh an oilc, ach smaoinígí ar an ní is uasal i súile cáich. 18Más féidir, agus chomh fada agus a bhaineas libhse mairigí i síocháin le daoine an domhain. 19A lucht na páirte, ná himrígí díoltas, ach fágaigí faoi fhearg Dé é, mar tá sé scríofa, “Is liom an díoltas, is mé a bhainfeas amach an cúiteamh, a deir an Tiarna.” 20Ar a shon sin, “má tá ocras ar do namhaid, tabhair bia dó; agus má tá tart air, tabhair deoch dó; mar má dhéanann tú amhlaidh beidh tú mar a bheifeá ag camadh gríosach dhearg ar a cheann.” 21Ná faigheadh an t-olc bhur mbua ach faighigí bua ar an olc leis an maith.
Currently Selected:
Rómhánaigh 12: OC1970
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland

: