YouVersion Logo
Search Icon

Rómhánaigh 10

10
1A bhráithre, is é mian mo chroí agus mo ghuí le Dia go slánaítear iad. 2Táim i mʼfhinné go bhfuil dúthracht acu ar son Dé, ach is dúthracht gan léargas é. 3Mar ó bhí siad aineolach faoin bhfíréantacht a thagas ó Dhia, agus ó bhí siad i bhfáth lena bhfíréantacht féin a bhunú, níor ghéill siad dʼfhíréantacht Dé. 4Mar is é Críost is críoch don dlí, go dtí go bhfíréanaítear gach duine a mbíonn an creideamh aige.
5Tá scríofa ag Maois faoin bhfear a chuireas i ngníomh an fhíréantacht atá bunaithe ar an dlí, go mairfidh sé beo dá bharr. 6Ach is é a deir an fhíréantacht atá bunaithe ar an gcreideamh. Ná habair i do chroí, “Cé a rachas suas ar neamh dúinn?” (Is é sin, le Críost a thabhairt anuas chugainn) 7nó “Cé a rachas síos san áibhéis dúinn?” (is é sin le Críost a thabhairt aníos chugainn ó na mairbh). 8Ach cad é a deir sé? Ní fada uait an briathar, atá ar do bhéal agus i do chroí (is é sin, briathar an chreidimh a bhíos á sheanmóireacht againn); 9ar an ábhar seo, má admhaíonn do bhéal gurb é Íosa do Thiarna agus má chreideann do chroí gur thóg Dia ó na mairbh é, slánófar thú. 10Mar creid-eann croí duine agus is amhlaidh a shlánaítear duine, agus admhaíonn sé lena bhéal agus is amhlaidh a shlánaítear é. 11Is é a deir an scrioptúr, “Ní náireofar aon duine dá gcreideann ann.” 12Mar níl aon idirdhealú idir Giúdach agus Gréagach; is é an t-aon Tiama amháin atá mar Thiarna os cionn cáich, agus a bhronnas a mhaoin ar gach dá nglaonn air. 13Mar “níl duine dá nglaonn ar ainm an Tiarna nach slánófar.”
14Ach conas a ghlaofas daoine ar Thiarna nár chreid siad ann? Agus conas a chreidfeas siad i dTiarna nár chuala siad faoi? Agus conas a chluinfeas siad gan sean-móirí? 15Agus conas a fhéadann siad seanmóireacht mura gcuirtear amach chuige sin iad? Mar atá scríofa, “Nach álainn atá cosa sheanmóirí an dea-scéil!” 16Ach níor thug siad uile aird ar an soiscéal; mar is é a deir Ísáia, “A Thiarna, cé a chreid ar chuala sé uainn?” 17Mar sin tagann an creideamh óna gcluintear, agus tagann a gcluintear ó fhocal Chríost.
18Ach ceist agam oraibh, an é nár chuala siad? Chuala siad ar ndóigh; nó
“Chuaigh a nglór ar fud an talaimh,
agus a mbriathra go coirnéil an domhain.”
19Ceist agam oraibh arís, an é nár thuig Iosrael? Is é a deir Maois ar dtús,
“Cuirfidh mé éad oraibh le dream nach bhfuil ina náisiún;
agus cuirfidh mé fearg oraibh faoi náisiún amaideach.”
20Agus ansin bíonn sé de dhánacht ag Ísáia a rá,
“An dream nár lorg mé is iad a fuair mé;
an dream nár iarr mé, is dóibh a nocht mé mé féin.”
21Ach is é a deir sé i dtaobh Iosrael, “I rith an lae shin mé mo lámha chuig cine easumhal, contrártha.”

Currently Selected:

Rómhánaigh 10: OC1970

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in