Gníomhartha 8
8
1Agus dʼaontaigh Sáúl lena bhás-san. Ba ar an lá úd a dʼéirigh géarleanúint mhór in aghaidh na heaglaise in Iarúsailéim; agus a ruaigeadh iad ar fud réigiún Iúdaea agus Shamária, amach ó na haspail amháin. 2Rinne fir chráifeacha Stiofán a adhlacadh, agus rinne siad mairgneach mhór air. 3Ach rinne Sáúl siad ar an eaglais, ag tabhairt bualadh éadain ar na tithe, agus ag tarraingt idir fhir agus mhná astu agus á gcaitheamh i bpriosún.
4Ba ansin a chuaigh an dream ar cuireadh an ruaig orthu thart ag fógairt an bhriathair. 5Chuaigh Pilib síos go cathair de chathracha Shamária, gur fhógair dóibh an Críost. 6Agus thug na sluaite uile le chéile aird ar Philib, nuair a d éist siad lena chaint agus nuair a chonaic siad na comharthaí a rinne sé. 7Mar thagadh spridí neamhghlana as coirp móráin ag béiceadh go hard; agus leigheasadh mórán a bhí ina gcláirínigh nó a raibh an phairilis orthu. 8Bhi mar sin ollghairdeas sa chathair úd.
9Ach bhí fear ann a raibh Síomón mar ainm air a chleachtadh asarlaíocht roimhe sin sa chathair agus a mbíodh an cine Samaratánach ag déanamh iontais de, ó bhíodh sé ag tabhairt le tuiscint gur dhuine mór é féin. 10Dʼfhaigheadh sé ómós ó íseal agus ó uasal, agus bhítí á rá, “Is é atá san fhear seo an chumhacht dhiaga sin a dtugtar an mhór-chumhacht uirthi.” 11Agus bhíodh aird acu air, ó bhí siad dallta le fada ag a chuid asarlaíochta. 12Ach nuair a chreid siad do Philib, agus é ag seanmóireacht dhea-scéal ríocht Dé agus ainm Íosa Críost, ghlac siad le baiste, idir fhir agus mhná. 13Agus níl go fiú Síomón é féin nár chreid, agus i ndiaidh glacadh le baiste dʼfhan sé i gcuideachta Philib. Agus bhí iontas air faoi na mórchomharthaí agus na míorúiltí a chonaic sé á ndéanamh.
14Ansin, nuair a chuala na haspail a bhí in Iarúsailéim gur ghlac Samária le briathar Dé, chuir siad Peadar agus Eoin chucu, 15agus tháinig siadsan anuas agus rinne siad urnaí os a gcionn go nglacfadh siad an Spiorad Naomh; 16mar níor thuirling sé ar aon duine acu go dtí sin, ó nach ndearnadh ach amháin a mbaisteadh in ainm an Tiarna Íosa. 17Leag siad a lámha orthu ansin agus ghlac siad an Spiorad Naomh. 18Ba é sin an t‑am a thairg Síomón airgead dóibh, nuair a chonaic sé an Spiorad á thíolacadh trí leagan lámha na n‑aspal, 19agus dúirt sé, “Tugaigí an chumhacht chéanna sin domsa freisin, ionas go nglacfaidh gach duine a leagaim lámha air an Spiorad Naomh.” 20Ach arsa Peadar leis, “Drochrath ar do chuid airgid agus ort féin leis, as síleadh go bhféadfá tiolacadh Dé a cheannach le hairgead! 21Níl cuid ná comhroinn agat sa ghnó seo, mar níl do chroí mar is ceart i súile Dé. 22Déan aithreachas mar sin sa dhrochbheart sin agat, agus bí ag guí an Tiarna mar dhúil is go mbʼfhéidir mírún do chroí a mhaitheamh duit. 23Mar feicimse go bhfuil tú i ndomlas an tsearbhais agus i gcuing na héagóra.” 24Agus ba é a dʼfhreagair Síomón, “Bí ag guí Dé ar mo shon gan aon ní dár luaigh tú a theacht orm.”
25Ansin nuair a bhí a bhfianaise tugtha acu agus briathar Dé ráite acu, dʼfhill siad ar Iarúsailéim, agus dʼfhógair siad an soiscéal i mórán de bhailte beaga na Samaratánach.
26Ach dúirt aingeal de chuid an Tiarna le Pilib, “Éirigh agus imigh ó dheas, ag tarraingt ar an mbóthar as Iarúsailéim go Gása.” Is bóthar fásaigh é sin. 27Agus dʼéirigh sé agus shiúil sé leis. Agus bʼshiúd an tÉtiópach, coillteán, a bhí ina aire stáit ag Candacé, banríon na nÉtiópach, a mbíodh cúram a seodchistese uile air, a bhí i ndiaidh dul suas chun Iarúsaléim a adhradh Dé 28agus a bhí anois ag filleadh abhaile; agus bʼshiúd é ina shuí ina charbad, ag léamh leabhar an fháidh Ísáia. 29Agus arsa an Spiorad le Pilib, “Éirigh amach in airicis an charbaid seo.” 30Rith Pilib mar sin go dtí é, gur chuala é ag léamh Ísáia fáidh, agus gur fhiafraigh de, “An dtuigeann tú a bhfuil á léamh agat?” 31Agus ar seisean, “Conas mar a thuigfinn é mura mbeadh duine agam lena mhíniú dom?” Agus thug sé cuireadh do Philib teacht aníos agus suí lena thaobh. 32Anois ba iad seo briathra an tsleachta a bhí á léamh aige:
“Mar chaora á tiomáint chun a maraithe,
nó mar uan a bhíos balbh le fear a lomtha,
is amhlaidh nach n‑osclaíonn sé a bhéal.
33Coinniodh a cheart uaidh ina uirísliú.
Cé a inseos cé ar díobh é?
Mar tá a anam á ardú de thalamh an domhain.”
34Agus dʼfhiafraigh an coillteán de Philib, “Cé sin a bhfuil an fáidh ag labhairt air, air féin, nó ar dhuine éigin eile?” 35Ba ansin a dʼoscail Pilib a bhéal, agus dʼinis sé dea-scéal Íosa dó, ag tosú ón mbriathar seo an scrioptúir. 36Agus tháinig siad go háit a raibh uisce ann agus iad ag taisteal na slí leo, agus arsa an coillteán, “Seo uisce! An bhfuil aon bhac orm ó bheith do mo bhaisteadh?”#Cuireann seanúdaráis eile an t‑iomlán nó an chuid is mó de v. 37 leis, Agus arsa Pilib, “Má chreidann tú le lán do chroí, is féidir é.” Agus dʼfhreagair sé, “Creidim gurb é Mac Dé é Íosa Críost.” 38Agus thug sé ordú uaidh go stadfadh an carbad, agus chuaigh an bheirt acu síos isteach san uisce, idir Philib agus an choillteán, agus bhaist sé é. 39Agus nuair a tháinig siad aníos as an uisce, dʼfhuadaigh Spiorad an Tiarna Pilib leis; agus ní bhfuair an coillteán aon amharc air ní ba mhó, agus dʼimigh sé ar a bhealach abhaile faoi lúcháir. 40Ach fuarthas Pilib agus é in Asótas, agus shiúil sé ar aghaidh leis ag seanmóireacht an tsoiscéil sna bailte móra go dtí gur shroich sé Caesaríá.
Currently Selected:
Gníomhartha 8: OC1970
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland

: