Gníomhartha 14
14
1In Icónium dóibh ansin chuaigh an bheirt acu isteach i sionagóg na nGiúdach agus thug a chaint ar shlua mór de Ghiúdaigh agus de Ghréagaigh araon teacht chun creidimh. 2Ach chuaigh na Giúdaigh neamhchreidmheacha a shéideadh faoi na Gintlithe agus a chothú drochaigne iontu do na bráithre. 3Dʼfhan siad mar sin tamall fada, ag labhairt go neamhbhalbh ar son an Tiarna, agus é ag tabhairt fianaise ar bhriathar a ghrásta, agus é ag deonú go ndéantaí comharthaí agus iontais lena lámha. 4Ach bhí daoine na cathrach scoilte ina dhá leath; cuid acu ag taobhú leis na Giúdaigh, agus cuid acu leis na haspail. 5Nuair a bhí na Gintlithe agus na Giúdaigh le chéile agus a lucht ceannais ag cur iaróige ina suí, le drochíde a thabhairt orthu agus clocha a chaitheamh leo, 6fuair siad leid faoi, agus dʼéalaigh siad leo go Listra agus Derbé, cathracha Licaónia, agus an limistéar tíre a bhí ina dtimpeall; 7agus dʼfhógair siad an soiscéal ansin.
8Anois bhí fear ann i Listra a bhíodh ina shuí gan lúth na gcos aige; a bhí ina chláiríneach ó bhroinn nár shiúil riamh. 9Bhi seisean ag éisteacht le caint Phóil; agus dʼamharc Pól go grinn air, agus nuair a chonaic sé go raibh creideamh a shlánaithe aige, 10dúirt sé i nglór ard, “Éirigh i do cholg-sheasamh ar do chosa.” Agus léim sé ina sheasamh agus shiúil sé. 11Agus nuair a chonaic na sluaite cad é a bhí déanta ag Pól, thóg siad gáir os ard i dteanga Licaónia, agus ar siadsan, “Tá na déithe i ndiaidh teacht anuas ó neamh chugainn agus cosúlacht dhaonna orthu!” 12Thug siad Zeús ar Bharnabas, agus Hermés ar Phól, ó ba é an príomhchainteoir é. 13Agus thug sagart Zeús, a raibh a theampallsan ar aghaidh na cathrach amach, daimh agus bláthfhleasca chun na ngeataí, agus bhí fonn airsean agus ar na daoine íobairt a dhéanamh. 14Ach ní luaithe a chuala na haspail Pól agus Barnabas faoi sin ná réab siad a mbaill éadaí, agus chuaigh siad de rúideog amach faoin slua, ag ghlaoch os ard agus á rá leo, 15“A fheara, cad chuige a ndéanfadh sibh sin? Níl ionainn ach daoine, atá cosúil libhse inár nádúr, agus dea-scéal againn daoibh, chun cúl a chur leis an amadántacht seo agus aghaidh a thabhairt ar an Dia bithbheo ar cruthaitheoir neimhe agus talaimh agus na farraige agus a bhfuil iontu é. 16Sna glúine a ghabh tharainn ligeadh sé do na ciníocha uile a mbealaí féin a leanúint; 17cé nach raibh sé gan fianaise a thabhairt air féin, lena ndearna sé de mhaith oraibh, mar dʼfhear sé frasa fearthainne oraibh as spéartha neimhe agus thug sé séasúir thorthúla daoibh, agus rinne sé bhur gcroíthe go súgach sách le bia.” 18Ach i ndiaidh a ndúirt siad leo is le dua mór a choisc siad na daoine ó íobairt a thairiscint dóibh.
19Ach tháinig Giúdaigh as Antíoc agus Icónium; gur mheall siad na daoine leo, agus chaith siad clocha le Pól agus tharraing siad amach as an gcathair é, agus iad ag meas gur marbh a bhí sé. 20Ach nuair a chruinnigh na deisceabail ina thimpeall, dʼéirigh sé ina sheasamh agus shiúil sé isteach chun na cathrach; agus an lá ina dhiaidh sin chuaigh sé féin agus Barnabas go Derbé. 21Nuair a bhí an soiscéal foilsithe acu don chathair sin, agus mórán deisceabal déanta acu, dʼfhill siad ar Listra agus ar Icónium agus ar Antíoc, 22agus iad ag daingniú aigne na ndeisceabal, á áiteamh orthu fanacht dílis don chreideamh, agus ag rá go mbíonn feidhm orainn mórán dóláis a fhulaingt ar ár mbealach isteach i riocht Dé. 23Agus nuair a bhí cruifreacha oirnithe acu dóibh i ngach eaglais, le hurnai agus le troscadh, dʼfhág siad ar choimirce an Tiarna ar chreid siad ann iad.
24Chuaigh siad ar aghaidh ansin trí Phisidia, gur shroich siad Pamfilia. 25Agus nuair a bhí an briathar labhartha acu i bPerga, tháinig siad anuas as sin go hAttalía; 26agus sheol siad as sin go hAntíoc, an áit inar cuireadh faoi choimirce ghrásta Dé iad le haghaidh na hoibre a bhí anois críochnaithe acu. 27Ni luaithe a tháinig siad ansin ná chruinnigh siad an eaglais le chéile agus dʼfhoilsigh a ndearna Dia maraon leo féin, agus conas mar a dʼoscail sé doras an chreidimh roimh na Gintlithe. 28Agus dʼfhan siad tamall nár ghairid i gcuideachta na ndeisceabal.
Currently Selected:
Gníomhartha 14: OC1970
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland

: