2 Tesalóinigh 3
3
1Mar fhocal scoir, a bhráithre, bígí ag guí ar ár son, go mbeidh an rith agus an bua le briathar Dé, a bhí aige eadraibhse, 2agus lenár saoradh ar dhrochdhaoine agus lucht an oilc; mar níl an creideamh i ndán don uile dhuine. 3Ach is iontaofa an Tiarna; agus is é a neartós libh agus a choimeádfas sibh ón olc. 4Agus tá muinín againn as an Tiarna in bhur dtaobh, go ndéanann agus go ndéanfaidh sibh mar ordaímid daoibh. 5Go gclaona an Tiarna bhur gcroíthe chim grá agus chun seasmhacht Chríost.
6Ordaímid daoibh anois, a bhráithre, in ainm ár dTiarna Íosa Críost, fanacht amach as cosán aon bhráthar a théas le falsacht atá bunoscionn leis na béasa a ghlac sibh uainne. 7Mar atá a fhios agaibh féin gur cóir daoibh aithris a dhéanamh orainn; nach mbíodh inár bhfalsóirí nuair a bhíomar libh, 8agus nár ith arán aon duine gan íoc as, ach ag obair oíche agus lá le dua agus le doghrainn, ar eagla bheith inár n-ualach ag duine ar bith agaibh. 9Ní hé nach raibh ceart againn air sin, ach go ndearnamar sin le heiseam-láir a chur romhaibh lena leanúint. 10Mar a dʼordaíomar daoibh san am úd a rabhamar libh: Mura toil le duine oibriú, ná bíodh cead ite aige. 11Mar cluinimid é á rá go bhfuil cuid agaibh a chaitheas a mbeatha go falsa, gan oribiú ná aire a bheith acu ar a ngnó féin ach ar ghnó na ndaoine eile. 12Tugaimid ordú agus foráileamh in ainm an Tiarna Íosa Críost dá leithéid siúd bheith ag obair leo go socair agus bheith ag saothrú a gcoda. 13A bhráithre, nára tuirseach libh an mhaith a dhéanamh.
14Má tá duine ar bith ann nach n-umhlaíonn dá mbíonn á rá againn sa litir seo, tugaigí faoi deara é, agus ná bíodh baint ar bith agaibh leis, ionas go mba náire leis é. 15Ach ná bíodh meas namhad agaibh air, ach cuirigí comhairle air mar dheartháir.
16Anois go dtuga Tiarna na síochána féin an tsíocháin san uile am ar an uile shlí daoibh. Go raibh an Tiarna libh uile go léir.
17Mise, Pól, atá ag fágáil slán is beannacht agaibh i lorg mo láimhe féin. Sin an comhartha aitheantais i ngach litir uaim; is mar seo a scríobhaim. 18Grásta ár dTiarna Íosa Críost go raibh agaibh uile.
Currently Selected:
2 Tesalóinigh 3: OC1970
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland

: