YouVersion Logo
Search Icon

1 Tesalóinigh 4

4
1Mar fhocal scoir, a bhráithre, achainímid agus impímid oraibh as ucht an Tiarna Íosa, déanamh mar a dʼfhoghlaim sibh uainn le bhur mbeatha a chaitheamh mar is fearr a shásódh Dia, agus a dhéanamh mar atá sibh á dhéanamh anois, agus bheith ag síorchur leis. 2Mar chuala sibh na comhairlí a chuireamar oraibh tríd an Tiarna Íosa. 3Mar is é seo is toil le Dia, sibh a bheith do bhur naomhú: go bhfana sibh amach ó striapachas; 4agus go mbeidh sé de chiall ag gach duine agaibh bean a fháil dó féin ar nós naofa onórach, 5gan géilleadh dʼainmhianta gáirsiúla mar na Gintlithe nach bhfuil aithne acu ar Dhia; 6ionas nach dté aon duine thar teorainn, agus nach ndéana sé aon éagóir ar a bhráthair sa chúis seo, ó bíonn an Tiarna ag baint a chúitimh as sna gnóthaí seo, mar a rinneamar a réamhfhógairt agus a réamhfholáireamh daoibh. 7Mar ní chun neamhghlaine, ach chun naofachta a ghlaoigh Dia sinn. 8Agus mar sin de, cibé duine a dhéanas a bheag de, níl sé ag déanamh a bheag de dhuine ach de Dhia, a bhronnas an Naomh-Spiorad oraibh.
9Ach maidir le grá na mbráithre, níl feidhm oraibh go scríobhfaí chugaibh faoi, mar tá foghlamtha agaibh ó Dhia féin grá a bheith agaibh dá chéile; 10agus ar ndóigh tá grá agaibh do na bráithre uile ar fud na Macadóine. Ach impímid oraibh, a bhráithre, tuilleadh eile a shíorchur leis, 11agus bheith ag tnúth le bhur mbeatha a chaitheamh go socair suaimhneach, agus bhur ngnóthaí a dhéanamh daoibh féin, agus bhur lámha a chur chun oibre, mar a chomhair-líomar daoibh; 12ar nós go mbeidh meas ag na heachtrann-aigh oraibh, agus nach mbeidh sibh i dtuilleamaí duine ar bith.
13Ach ní maith linn sibh a fhágáil in aineolas, a bhráithre, i dtaobh an dreama atá ina suan, ar eagla go mbeadh an brón sin oraibh a bhíos ar an dream nach bhfuil an dóchas acu. 14Tá sé chomh cinnte lenár gcreideamh i mbás agus in aiséirí Íosa, go dtabharfaidh Dia trí Íosa an dream ar thit a suan orthu leis. 15Mar foilsímid daoibh mar bhriathar ó bhéal Dé, maidir leis an méid againn a fhanfas ina mbeo, a bhíos á bhfágáil go dtí teacht an Tiarna, nach mbeidh an tús againn ar an dream ar thit a suan orthu. 16Mar is amhlaidh a thuirlingeos an Tiarna féin ó neamh le gairm scoile, le glaoch an ardaingil, agus le glór stoc Dé. Agus is iad an dream a fuair bás i gcreideamh Chríost a éireos ar dtús; 17agus ina dhiaidh sin beidh sinne, a fágadh inár mbeo, dár bhfuadach chun néalta neimhe le dul in airde sa spéir in airicis an Tiarna; agus mar sin beimid i gcuideachta an Tiarna go deo. 18Tugaigí sólás dáchéilemar sin leis na briathra seo.

Currently Selected:

1 Tesalóinigh 4: OC1970

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in