YouVersion Logo
Search Icon

1 Tesalóinigh 2

2
1Is agaibh féin, a bhráithre, atá fhios nárbh aon chuairt in aisce ár gcuairt oraibh; 2in ainneoin arfhulaingíomar de dhrochíde náireach i bhFilipí, mar atá a íhios agaibh, bhí sé de dhánacht ó Dhia ionainn soiscéal Dé a léiriú daoibh dá mhéad a fuaireamar de fhreasúra. 3Mar ní éiríonn an t-iarratas seo a dhéanaim oraibh as dearmad ná as neamhghlaine, ná le dallamullóg a chur oraibh; 4ach ó mheas Dia gur fiú sinn leis an soiscéal a thaobhú linn, is amhlaidh a labhraímid, ní le gnaoi daoine a tharraingt orainn féin, ach le sásamh a thabhairt do Dhia a mbíonn ár gcroíthe á scrúdú aige. 5Mar tá a dhea-fhios agaibh féin nach mbíodh aon bhéal bán againn, agus a fhianaise ar Dhia nár leithscéal é le bheith santach; 6agus ní dhearnamar é lena thabhairt oraibh nó ar dhaoine nach sibh a rá gur mór an clú dúinn é, cé go bhféadfaimis dea-chlú a thabhú mar aspail Chríost. 7Ach bhíomar chomh min mánla libh le buime a chealgaíos a leanaí. 8Bhíomar mar sin ag imirt dáimhe oraibh, agus sinne réidh ullamh le soiscéal Dé agus le rún ár gcroíthe a ligean libh, ó ba mhór an cion a bhí againn oraibh.
9Mar nár chuimhneach libh, a bhráithre, ar chuireamar orainn féin de thromshaothar agus dʼobair chrua; a bhíodh ag síorobair oíche is lá, as an leisce a bhí orainn bheith mar ualach oraibh, fad agus bhíomar ag seanmóireacht shoiscéal Dé daoibh. 10Bíodh a fhianaise oraibh féin agus ar Dhia freisin, cad é chomh naofa ceart neamhpheacúil agus a bhíomar libh a bhfuil creideamh agaibh; 11mar is feasach daoibh go rabhamar libh mar bhíos athair lena chlann féin ag cur comhairle ar gach duine agaibh agus ag iarraidh go dian oraibh 12bhur mbeatha a eagrú mar a dhlíonn sibh do Dhia, a thug gairm daoibh chun a ríochta agus chun a ghlóire.
13Agus bímid á altú seo go buan, nuair a ghlac sibh le briathar Dé a chuala sibh uainn, nár ghlac sibh leis mar bhriathar daonna ach leis an mbriathar diaga atá ann i bhfírinne atá ag oibriú ionaibh, i lucht an chreidimh. 14Mar thosaigh sibhse, a bhráithre, ar dhéanamh aithrise ar a bhfuil dʼeaglaisí ag Dia in Íosa Críost inlúdaea; ó dʼfhulaing sibh an íde chéanna ó bhur gcine féin a dʼfhulaing siadsan ó na Giúdaigh, 15a chuir an Tiama Íosa agus a chuir na fáithe chun báis, agus a chuir an tóir orainne, agus a bhíos ag déanamh míshásaimh Dé agus aimhleas daoine, 16ag cur toirmisc orainne faoi labhairt leis na Gintlithe ionas go slánófaí iad—de gheall ar mhaol a chur ar a bpeacaí. Ach is amhlaidh atá fearg Dé tar éis titim anuas orthu faoi dheireadh.
17Ach ó bhí orainn scaradh libh seal tamaill, a bhráithre, i gcorp agus ní i gcroí, ba mhóide ár ndúil agus ár ndúth-racht amharc a fháil ar ghnúis a chéile; 18ó bhí mian orainn teacht chugaibh—ormsa, Pól, arís agus arís—murab é gur chuir Sátan cosc linn. 19Mar cad é a bheas againn mar ábhar dóchais agus lúcháire agus mar bhláthfhleasc le bheith ag maíomh as os comhair ár dTiama Íosa nuair a thiocfas sé? Nach sibhse? 20Is sibhse is cúis lenár nglóir agus lenár n-áthas.

Currently Selected:

1 Tesalóinigh 2: OC1970

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in