Psailm 7
7
Psalm VII.
Do theith Daibhi rí ó namhdibh a anma, go Día.
Siggaion Dháibhi, noch do sheinn sé don TIGHEARNA, a ttaóbh bhríathar Chus an Beniamíteach.
1O a THIGHEARNA Día, ionnadsa chuirim mo dhóigh: tárthuigh mé ó nuile noch ghérleanas mé, agus sáor mé:
2Deagla go réubfeadh se manam amhuil leomhan, dhá strócadh a ccodchuibh, a nuáir nach bhfuil éinneach ann do ainicfeadh.
3O a THIGHEARNA mo Dhía, má rinne mé so; má atá éacceart ann mo lámhuibh;
4Má chuitigh mé olc ris an té do bhí a síothcháin riom; (fós, do ainic mé an té noch atá na námhuid dhamh gan chúis:)
5Déanadh mo námhaid gérleanmhuin air manam, agus gabhadh sé é; fós, saltradh sé síos mo bheatha air an ttalamh, agus léigeadh sé monóir san luáithreadh. Selah.
6Eírigh, a THIGHEARNA, an thfeirg, tóg súas thú féin tre anbhuirbe mo naimhdesi: agus múscuil ar mo shonsa chum an bhreitheamhnuis noch do fhúagruis.
7Mar sin cruinneochuid coimhthionól na ndaoine ad thimchioll: air a sonsan uimesin fillsi air árd.
8Béaruidh an TIGHEARNA breitheamhnus air an bpobal: breathnuigh misi, ó a THIGHEARNA, do reir mfiréantachda, agus do réir mo dhíoghruisi noch atá ionnam.
9O críochnuigheadh olc na cciontach; acht daingnigh an duine ceart: óir dearbhuidh an Día fíréanta na croidhthe agus na dubháin.
10Is o Dhía atá mo chosnamh, noch sháoras an díreach a ccroidhe.
11Do ní Día breitheamhnus air an bhfíréun, agus bí Día feargach ris an cciontach gach éanlá.
12Muna bhfillidh sé, cuirfe sé fáobhair air a chloidheamh; do lúb sé a bhodha, agus do rinne sé ullamh é.
13Do ghléus sé dhó mar an ccéadna oirnéis an bháis; dórduigh sé a shaigheada a naghaidh na ninghreamach.
14Féuch, bídh sé torrach le héicceart, agus do ghabh sé urchóid, agus do rug sé neimhfhírinne.
15Do rinne sé clais, agus do thochuil sé í, agus atá ar ttuitim annsa pholl noch do rinne sé féin.
16Fillfidh a urchóid air a cheann féin, agus tiocfuidh a fhoiréigion námhadach a núas air a bhaithis féin.
17Molfad an TIGHEARNA do réir a fhíréantachda: agus cánfad moladh dainm an TIGHEARNA is ro áirde.
Currently Selected:
Psailm 7: Bedell
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)