Psailm 5
5
Psalm V.
Guidhe anaghaidh naimhde na córa.
Don phrímhfhear ceóil air Nehilot, Psalm Dháibhi.
1Tabhair clúas dom bhríathruibh, ó a THIGHEARNA, meas mo smúaintighe.
2Eíst ré guth mo éighmhe, ó mo Rígh, agus mo Dhía: óir is chugadsa ghuidhfeas mé.
3Cluinfir mo ghuth air maidin, ó a THIGHEARNA; air maidin díreochaidh mé múrnaigh chugad, agus féuchfad súas.
4Oir ní Día thú agá bhfuil dúil a nurchoid: ní mó choimhneochus olc maílle riot.
5Ní sheasfaid na hamadáin ann do radharc: súathuighionn tú a nuile luchd déanta na héagcóra.
6Scriosta tú an luchd do labhrus bréug: biáidh fúath ag an TTIGHEARNA air a nduine fhuilteach agus mheabhlach.
7Acht air mo shonsa, tiocfa mé a steach ann do thigh a niomadamhlachd do thrócaire: agus ann heagla do dhéagh adhradh go nuige do theampall náomhtha.
8Treoruidh mé, ó a THIGHEARNA, ann thfíréantachd, do bhrígh mo naimhde; déan do shlighe díreach am fhiaghnuisi.
9Oír ní bhfuil dísleachd iona mbéul; is fíorurchóid an táobh a stigh dhíobh; is uáimh oscuilte a scornach, do níd bladar le na tteangaidh.
10Scrios íad, a Dhé; leagthar íad le na ccomhairlibh féin; teilg amach íad a niomadamhlachd a míghníomh; óir do rinneadar easáonta ad aghaidh.
11Acht gáirdigheadh a nuile dhuine do chuir a dhóigh ionnadsa: gáiridís lé lúathgáir go bráth, do bhrígh go ccumhduigh tusa íad: bidís mаr an ccéadna an dream learab ionmhain thainm, lúathgáireach ionnad.
12Oír thusa, a THIGHEARNA, beannocha tú an fíréun; le fabhar timchiollfar é amhuil budh le scéith.
Currently Selected:
Psailm 5: Bedell
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)