Matha 27
27
Caibidil XXVII
Eachdardha attáobh pháis, 50 Bháis. 66 agus Adhlaicthe Chríosd.
1Agus ar tteachd na maiden, do chúadar na hárdsagart, agus sinnsir an phobuil uile a ccomhuirle a naghuidh Iósa ionnas go ccuirfidis chum báis é: 2Agus na cheangal dhóibh, rugadar léo é, agus thugadar do Phóinnsius Piláit an túachdarán é.
3Ann sin mar do chonnairc Iúdas, do bhraith é, gur damnuigheadh é, do ghabh aithreachas e, agus do aisig sé na deich bpiósa fhithchead airgid do na hárdsasgartuibh agus do na sinnsearuibh, 4Ag rádh, Do pheacaigh mé ag brath na fola neimhchiontaigh. Achd a dubhradarsan, Créd é sin dúinne? Féuch féin dó sin. 5Agus ar dteilgean na bpíosadh airgid úadh ann sa teampoll, do dhealuigh sé ríu, agus ar nimtheachd do thochd sé é féin. 6Achd ar nglacadh an airgid do na hárdsagartuibh, a dubhradar, Ní coir a gcur ann sa chisde, oir is lúach fola iad, 7Agus ar ndéanamh comhairle dhóibhsean, do cheannchadar léo mach an photadóir, do chum eachdrann dadhlucadh ann. 8Ar a nadhbharsin goirthear don fhearunn úd, Fearann na fola, gus a niugh. 9(Ann sin do coimhlíonadh an ní a dubhradh tré Ieremías fáidh, ag rádh, Do ghabhadar chuca na deich nairgid fhithchead, lúach an té do measadh, do bhí ar ná mheas ó chlannuibh Israél; 10Agus tugadar íad ar mhach an photadóir, mar dórduigh an Tighearna dhamhsa.)
11Agus do sheas Iósa a bhfíadhnuisi an úachdaráin: agus do fhíafruigh an túachdarán de, ag rádh, An tusa an Rí úd na Niúdaighe? Agus a dubhairt Iósa ris, A deir tusa sin. 12Agus an tan do éligheadar na hárdsagair agus ná sinnsir é, níor fhreagair sé én ní. 13A deir Pioláit ris an tansin, An né nach ccluin tú créd a líonmhuireachda táid so do dhéanamh dfíadhnuisi ad aghaidh? 14Agus ní thug sé freagra ar éanfhocal do: ionnus gur ghabh iongantus mór an túachdarán. 15Achd cheana do chleachdadh an túachdarán bráighe do leigean a mach lá an fheusda chum an phobuil, an té budh áill léo. 16Agus do bhí aca an tan sin braíghe ró oirdheirc dar bhainm Barabbás. 17Ar a nadhbharsin ar na gcruínniughadhsan, a dubhairt Pioláit rui, Cia is toil libh do léigean chugaibh? Barabbas, nó Iósa ré nabarthar Críosd? 18Oír do bhí a fhios aige gur ab tré thnúth tugadar úatha é.
19Agus ar suidhe dhósan an a ccaithír bhreitheamhnuis, do chuir a bhean teachduireachd chuige, ag rádh, Ná biodh búain agad ris an bhfiréun úd: óir is mór do fhuiling misi a níugh a mbrionglóid ar a shon. 20Achd cheana tugadar úachdaráin na sagart agus na sinnsir fá deara don phobal Barabbás diarruigh, agus Iósa do chur chum báis. 21Agus ar bhfreagra don úachdarán a dubhairt sé ríu, Cía don días úd is mían libh do leígean chugaibh dhamh? Achd a dubhradarsan, Barabbás. 22A dubhairt Pioláid ríu, Ar an nadhbharsin créd do dhéana mé ré Hiósa, re nabarthar Críosd? a dubhradarsan uile ris, Crochthar é. 23Agusa dubhait an túachdarán, Créd é, an tolc do rinne se? Achd is móide do éighmheadarsan, ag rádh, Crochthar é.
24Agus ar bhfaicsin do Phióláid nach raibh tarbha dhó an én ní, achd gur mó an bhuáirt tháinic dhe, ar ngabháil uisge chuige, do ionnail sé a lámha a bhfíadhnuisi an phobail, ag rádh, A táimsi neimhchiontach ó fhuil an fhiréanuigh so: féuchuidhsi dhibh féin. 25Agus ar bhfreagra don phobal uile, a dubhradar, Biodh a fhuil oruinne, agus air ar gcloinn.
26Do léig sé chuca an tan sin Barabbás: agus ar sgiúrsadh Iósa, tug sé chum a crochda é. 27Ann sin rugadar saighdiúirí an úachdaráin Iósa léo don hall choitchionn, agus do chruinnigheadar an chuideachda shaighdíur uile na thimcheall. 28Agus do nochdadar é, agus do chuireadar brat córcra uime.
29Agus do fhígheadar coroíu spine, agus do chuireadar fá na cheann í, agus slat ghiolcuigh an a láimh dheis: agus do léigeadar ar a nglúinibh na fhiadhnuisi íad, agus do rinneadar fónamhad fáoi, ag rádh, Dia do bheatha, a rí na Niudaigheadh! 30Agus an tan do ghabhadar do sheilighibh air, do ghlacadar an tslat ghiolcuigh, agus do bhúaileadar an a cheann é. 31Agus an tan do rinneadar fonámhad fáoi, do bheanadar an róba dhe, agus do chuireadar a éuduighe féin uime, agus rugadar a mach é chum a chrochda. 32Agus ar ndul a mach dhóibh, fúaradar óglach ó Shírene, dar bhaimn Símón: agus do chuireadar dfíachuibh air dul leis do chum a chroiche diomchar.
33Agus an tan tangadar gus an ionad dar ab ainm Golgótá, (is ionnan sin ré rádh, agus áit na cloigne,) 34Tugadar bhíneigre agus domblas tri na chéile ré nól dhó: agus an tan do bhláis sé é, níor bháill leis a ól. 35Agus a ndiáigh a chrochda dhóibh, do roinneadar a éaduighe, ag cur cranchuir orrtha: ionnas go gcomhlíonfuidhe an ní a dubhradh ón fháidh, Do roinneadar méaduighe dhóibh féin, agus do chuireadar crannchar ar mo chúluidh. 36Agus ar suidhe dhóibh, do choimhéad siad é ann sin; 37Agus do chuireadar a choir bháis sgríobhtha ós a chionn, IS E SO IOSA RI NA NIUDAIGHEADH. 38Do crochadh días gaduidhe maille ris an tan sin, fear ar a dheis, agus fear ar láimh chlí.
39Agus an mhuinntir do ghabhadh tháiris do imdheargaidís é, ag crothadh a gceann. 40Agus ag radh, Thusa lagus an teampoll, agus chuirios súas a dtri lá é, fóir ort féin. Mas tú Mac Dé tárr a núas as an gcroich. 41Agus mar an gcéadna a dubhradar úachdaráin na sagart, maille ris na sgríobuidhibh agus ris na sinnsearuibh, ag fonámhad fáoi, 42Do fhóir sé ar dháoinibh eile; agus ní heidir leis é féin dfhóirighin. Más é Rí Israél, tigeadh sé a núas a nois as an gcroich, agus creidfiomáoidne dhó. 43Do bhí a dhóchus a Ndía; sáoradh sé é a nois, mas áill leis é: óir a dubhairt sé, Is misi Mac Dé. 44Agus tugadar na gaduighthe, do chrochadh maráon ris, an scannail chéadna dhó. 45Agus do bhí dorchadas ar an dtalamh uile ón seiseadh húair go sóithe an náomhadh húair. 46Agus timcheall an náomhadh húair do éigh Iósa do ghuth ard, ag rádh, Elí, Elí, lama Sabactáni? sé sin re rádh, Mo Dhía, mo Dhiá, créd far thréig tú mé? 47Agus ar na chloisdin sin a dubhradar cuid dá raibh na seasamh a láthair an sin, Atá an fearso ag gairm Elías 48Agus do rith fear dhiobh ar an mball, agus ar nglacadh spuinc, agus ar na lionadh do bhinéigre, agus ar na chur a dtímcheall shlaite ghiolcaigh, tug sé deoch dhó ré nól. 49Achd a dubhradar an chuid eile, Léig dhó, faiceam an dtiocfa Elías dá sháoradh.
50Agus ar néigheamh a rís Díosa, do ghuth mhór, do chúaidh a spiorad as. 51Agus, féuch, do réub brat roinnte an teampoíll na dhá chuid ó úachdar go hióchdar; agus do criothnuigh an talamh agus do sgoilteadar na cairgeach; 52Agus dosgladar na tuámaidhe; agus déirgheadar morán do chorpuibh na ndáoine náomhtha do bhí na gcodladh, 53Agus ar ndul a mach as na tuámuidhibh dhoibh a ndiaigh a eiséirghesean, do chúadar a sdeach do chathuir náomhtha, agus do fhoillsigheadar íad féin do mhórán.
54Achd ar bhfaicsin an chreatha talmhon, agus na neitheadh do éirigh ann, don chaptín agus dá raibh na fhochaír, ag coimhéad Iósa, do ghabh eagla mhór íad, ag rádh, Go fírinneach dob é so mac Dé. 55Agus do bhadar ann sin móran ban ag féachain air a bhfad úadh, no lean Iósa ón Ghalile, ag déanamh seirbhise dhó. 56Eidir a raibh Muire Mágdalén, agus Muire mathair Sheamuis, agus Iosé, agus mathair chloinne Sebedeí.
57Achd an tan do bhí deireadh an láoi ann, táinic duine saidhbhir ó Arimatéa, dár bhainm Ióseph, do bhí fós na dheisciobal ag Iósa: 58Agus do chúaidh sé dionsuighe Phiolaid, agus díarr sé corp Iósa. Ann sin a dubhairt Pioláid an corp do thabhairt do. 59Agus an tan fúair Ióseph an corp, do fhill sé línéudach glan na thimcheall, 60Agus do chuir sé an a thuáma nuá féin é, noch do thochuil sé a gcarruig: agus ar niompodh leice moiré dhó air dhoruis an túama, do imthigh sé roimhe. 61Agus do bhí Muire Mhagdalén, agus an Muire eile ann sin na suidhe as comhair an túama.
62Agus an lá andíaigh a nullmhuighthe, do chruinnigheadar úachdaráin na sagart agus na Phairisínigh go Píoláid, 63Ag rádh, A thighearna, is cuimhain linn an tan do bhí an mealltóir úd béo, go ndubhairt sé, Eireóchuidh mé tair éis thrí lá. 64Ar a nadhbharsin aithin coimhéad do chur ar an ttúama go ceann an treas lá, ar eagla go dtiucfaidis a dheisciobail annsa noidhche, agus go ngoidfidis é, agus gi naibéoradís ris an bpobal, Do éirigh sé ó mharbhuibh: agus bíaidh an seachrán dheigheanach ni is measa ná an chéud seachrán. 65A dubhairt Pioláit ríu, Atá faire agaibhsi: imthighidh, daingnighidh mar is éol dáoibh féin é. 66Agus ar nimtheachd dóibhsean, do dhaingniodar an túama, ar gcur comhartha ar an gloich, maille ré faire.
Currently Selected:
Matha 27: Bedell
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)

: