YouVersion Logo
Search Icon

Matha 22

22
Caibidil XXII
Cuíreadh chum banais phósda Mhic an rígh mhóir. 15 Agus frégartha, ionacceastannuibh craiplidheach.
1Agus ar bhfreagra Diósa, do labhair sé a rís riu a gcosmhalachdaibh, ag rádh, 2Is cosmhuil an flaitheas neamhdha ré ríghe aírighthe, do rinne banais phósda dá mhac féin, 3Agus do chuir sé a shearbhfhoghantuidhe do ghairm na muinntire fúair cuireadh chum na bainnse: achd niór bháill leósan theachd. 4A rís, do chuir sé shearbhfhoghantuidhe eile chuca, da rádh, Abruighsi ris an mhuinntir úd dár tugadh cuireadh, Féuch, do ullmhuigh mé mó dhínnéir; á táid mo dhaimh agus mainmhinntighe bíadhta ar na marbhadh, agus a tá gach uile ní ullamh: tigidh chum na bainnse. 5Achd tugadarsan faillighe an so, agus do imthigheadar, fear dhíobh dá fhearann féin, agus fear eile chum a cheannuigheachda: 6Agus rugadar an chuid eile dhíobh ar a shearbhfhoghantuidhibhsean, agus tugadar easonóir dhóibh, agus do mharbhadar íad. 7Agus an tan do chúalaidh an rí so, do ghabh fearg e: agus ar gcur a shlúaghthe úadh, do sgrios sé an luchd dúnmharbhtha úd, agus do loisg sé a gcathair. 8A deir sé an tansin ré na shearbhfhoghantuíghibh, Go fírinneach a tá an bhannis ullamh, gidheadh an dream fúair an cuireadh niór bhfiú iád é. 9Ar a nadhbharsin imdhighsi a gcomhrac na ród, agus gidh bé ar bith dáoine do gheabhtháoí ann, goiridh chum na bainnse íad. 10Agus ar ndul a mach do na searbhfhoghantuídhibh ar na slighthibh, do chruinnigheadar gach uile dhuine da bhfuáradar, eidir olc agus maith: agus do líonadh teagh na bainnsé do aóidheadhibh do shuidh chum bídh.
11Agus ar ndul a sdeach do rígh dféachain ar a luch cuiridh, do chonnairc sé duine an nag nach raíbh éadach bainnse uime: 12Agus a deir sé ris, A chompánuigh, cionnas tháinic tusa a sdeach ann so gan éadach bainnse umad? Achd ní raibh áonfhocal aigesean. 13A dubhairt an rí ré na ghiollaidhibh an tráthsin, Ar gceangal a chos agus a lámh súd, tóguidh é, agus teilgidh ann sa dorchadus a muich é; mar a mbía gul agus gíosgán fíacal. 14Oír atá mórán ar na ngairm, agus beagán ar na dtogha.
15Ag imtheachd ann sin do na Pharisíneachaibh, do chúadar a gcomhairle cionnas ghéabhadis é iona bríathruibh 16Ar a nadhbharsin cuirid síad a ndeisciobuil féin chuige maille ré muinntir Iorúaith, ag rádh, A mhaighisdir, a tá a fhios aguinn gur ab duine fírinneach thusa, agus go dteagasgann tú slíghe De go fírinneach, agus nach bhfuil cás agad a náonnduine: óir ní fhéachann tú do phearsain na ndáoine. 17Ar a nadhbharsin innis dúinne, créd do chíthear dhuit? An cóir cíos do thabhairt do Shéasar, no gan a thabhairt? 18Agus ar naíthne a mailíse Diósa a dubhairt sé, Créd fa a gcuirthí cathughadh oram, a luchd an fhúarchrábhaigh? 19Taisbéanuidh dhamh airgead an chíosa. Agus tugadarsan, pighinn chuige. 20Agus a dubhair sé ríu, Cía dár ab íomháigh so agus cía ré a mbeanann an sgríbhinn so na thimcheall? 21A deiridsean ris, Ré Séasar. A deir seasean ríu, an tráthsin, Ar a nadhbharsin tabhuidh do Shéasar na neither is lé Séasar; agus na neither is lé Día do Dhía. 22Agus ar na chluinsin so, do ghabh iongantus íad, agus ar sgur dhe, do imthigheadar.
23An lásin féin tangadar na Saduicínigh, a deir nach bhfuil eiseirghe ann chuige, agus do chuireadar ceisd air, 24Ag rádh, A mhaighisdir, a dubhairt Máoisi, Dá bhfagadh aonnduine bás, gan chloinn aige, pósfuidh a dhearbhrathair a bhen do dhligheadh comhfhoguis, agus tóigeabhuidh sé siól dá dhearbhráthair. 25Agus do bhádar móirsheisear dearbhráthar eadrainne: agus tar éis mná do thabhairt don chéad duine, fúair sé bás, agus an tan nach raibh sliochd aige, do fhágaibh sé a bhean agá dhearbhráthair: 26Agus déirghe mar an gcéadna don dara, agus don treas dearbhráthair, go soithe an seachdmhadh dearbhráthair. 27Agus na ndiáigh úile fúair an bhean bás. 28Ar a nadhbharsin ann sa neiséirghe, cía don mhóirsheisear da madh bean í? óir do bhí sí aca uile. 29Agus ar bhfreagra Diósa a dubhairt sé ríu, A tá sibh ar seachrán, gan éolus na sgrioptúr, na chúmhachd Dé agaibh. 30Oír ann sa neiséirghe ní thabhruid fir mná, agus ní tugthar mná dfearaibh, achd a táid síad mar ainglibh Dé ar neamh. 31Achd a né nach ar léaghabhair an ní a dubhairt Día ribh, a dtimcheall eiséirghe ná marbh, ag rádh, 32Is misi Día Abraham, agus Día Isáac, agus Día Iácob? ni hé Día Dia na marbh, achd na mbéo. 33Agus an tráth do chúaluidh an pobal sin, do ghabh iongnadh iád tré na theagasgan.
34Agus an tán do chúaladar na Phairisínigh gur chuir sé na Saduisínigh na dtochd, do chruinnigheadar a gceann a chéile. 35Agus do chuir doctúir dlighe áirighthe dhióbhsan, ceisd air, dá theasdughadh, agus ag rádh, 36A Mhaighisdir, cía hí a naithne is mó sa dligheadh? 37Agus a dubhairt Iósa ris, Gráidheóchuidh tú do Thighearna Día léd chroidhe uile, agus léd anam uile, agus léd smuáintiughadh uile. 38A sí so an chéad aithne, agus a naithne mhór. 39Agus is cosmhuil an dara háithne ría so, Gráidheóchuidh tú do chomharsa mar thú féin. 40Is ann sa dá aithnese atá suim an dlighe, agus na bhfáidheadh.
41Agus an tan do bhádar na Pharisinigh cruinn a bhfochair a cheile, do fhíafruidh Iósa dhíobh, 42Ag rádh, Créd do chithear dhíbhse a dtimcheall Chriósd? cía dár mhac é? A deiridsean ris, Mac Dháibhí. 43A deir seisean ríu, Ma seadh cionnas ghoireas Daibhí san spioruid Tighearna dhe, ag rádh, 44A dubhairt an TIGHEARNA rém Thighearna sa, Suidh ar mo láimh dheis, no go gcuire mé do náimhde na sdol fád chosuibh? 45Ar a nadhbharsin ma ghoireann Dáibhí Tighearna dhe, cionnas a tá sé na mhac aige? 46Agus níor bhéidir lé háonnduine freagra ar bith do thabhairt air, agus níor lamh éinneach ón lásin suás ar bith dfíafruighe dhe.

Currently Selected:

Matha 22: Bedell

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in