YouVersion Logo
Search Icon

Matha 17

17
Caibidil XVII
Athrughadh agus deallrughadh cruth Chríosd. 22 A thairrgir um a cheasadh. 24 Agus iocadh an chanucais.
1Agus a gcionn sé lá beiridh Iósa Peadar, agus Séumas, agus Eóin a dhearbhráthair, agus tréoruighidh íad ar leith go slíabh árd, 2Agus do háthruigheadh a chruth an a bhfiadnuisi: agus do dheallruigh a aghuidh mar an ngréin, agus do rinneadh a éuduighe geal mar an solas. 3Agus, féuch, do taidhbhrigheadh dhóibh Máoise, agus Elías, a ccomhrádh ris. 4Agus ar bhfreagra do Pheadar, a dubhairt sé ré Híosa, A Thighearna, is maith dhúinn bheith ann so: mas áil leachd, déanam trí botha ann so; both dhuitsi, both so Mháoisi, agus both Delías. 5Suil do sguir seisean do labhairt, féuch, do theilg néull soillseach sgáile orrtha: agus feuch táinic guth as an néull, ag rádh, Ag so an Mac grádhach úd agamsa, an a bhfuil mo thoil mhaithe; Eisdigh ris. 6Agus an tráth do chúaladar na deisgiobuil so, do thuiteadar air a naghuidh, agus do ghabh eagla romhór íad. 7Agus ar dteachd Diósa do bhean sé ríu, agus a dubhairt sé, Eirghidh, agus na bíodh eagla oruibh. 8Agus ar dtogbháil a súl dóibh, ni fhacadar éin neach, achd Iósa na áonar.
9Agus an tráth thangadar a núas do tslíabh, do aithin Iósa dhióbh, ag radh, Na hinnisidh déinneach an ní do taidhbhridheadh dháoibh, no go néirghe Man an duine ó mharbhaibh. 10Agus do fhiafruigheadar a dheisciobail dheisean, ag rádh, Maseadh cred fa a nabruid na sgriobhuidhe gur ab éigin Elías do theachd air tús? 11Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt se ríu, Tiocfuidh Elías go fírrinneach ar tús, agus aiseoguidh sé gach éin ní. 12Achd a deirimsi ribh, go dtáinic Elías cheana, agus nach ar aithnigheadar é, achd go ndearnadar a dtoil féin ris. Is mar sin fhuiléongas Mac an duine mar an gcéadna úatha. 13Do thuigeadar na deisciobuil ann sin gur ab a dtimcheall Eóin Baisde do labhair sé riú.
14Agus an tan tangadar a gceann an choimthionóil, do chuáidh neach airighe chuige, ag slénchduin ar a ghlúinibh dhó, agus ag rádh, 15A Thighearna, déana trocaire ar mo mhac: oi bhídh sé tinn lé goin an ré agus is mor dolc fhuilngeas sé: óir tuitidh sé a dteinidh go minic, agus a nuisge go minic. 16Agus do thairg mé dod dheisciobluibhsi é, agus níor fhéadadar a leigheas. 17Agus ar bhfreagra Diosa a dubhairt sé, A chineadh dótheaguisg gan chreideamh, gá fad fós bhías mé bhur bhfochair? gá fad fos fhuiléongas mé sibh? tabhruidh chugamsa ann so é. 18Agus do spreag Iósa an deamhan; agus do imthigh sé as: agus do bhí an leanabh slán ó núairsin a mach.
19Ar dteachd do na deisciobluibh chum Iósa an tráthsin fa leith, a dubhradar, Créd é an fáth nach ar fhéadamáirne súd do theilgean a mách? 20Agus a dubhairt Iósa riú, Ar son bhur míchreidimh: oir a deirim ribh go fírinneach, Dá mbeith oiread re gráinne musdaird do chreideamh agaibh, a déartháoi ris an slíabh so, Athruigh as so ann súd a nunn; agus athrrochuidh sé; agus ní bhía ní ar bith nach budh éidir libh. 21Achd cheana ni théid an sort deamhanso a mach achd lé hurnuighthe agus le trosgadh.
22Agus ar ndéanamh comhnuighe ann sa Ghalilé dhóibh, a dubhairt Iósa ríu, Do bhéarthar Mac an duine a láimhaibh na ndáoine: 23Agus muirfid síad é, achd an treas lá eírochaidh sé arís. Agus do ghabh dobhrón romhór íadsan.
24Agus ar dteachd dhóibh go Capernáum, tangadar luchd na cióschána do ghlacadh go Peadar, agus a dubhradar, Nach íocann bhur maighisdirsi an cióscháin? 25A deir seisean, Iócuidh. Agus an tráth do chúaidh sé a sdeach don tigh, do labhair Iósa risean ar tús, ag rádh, Créd í do bharamhuilsi, a Shímóin? cía ar a dtógbhuid ríghthe na talman cios nó cánáchas? an ó ná gcloinn féin, nó ó choimhthighe? 26A deir Peadar ris, O choimhthighe. A dubhairt Iósa ris, Ar a nadhbharsin atáid an chlann sáor. 27Achd ionnas, nach dtiobhramáois oilbhéim dhóibh, imthighsi chum na fáirge, agus teilg innte dubhán, agus tóg an cédiasg thiocfas a nios; agus ar nosgladh a bhéuil, do gheabha tú piósa airgid: glac sin, agus tabhair dhóibh é ar mo shonsa agus ar do shon féin.

Currently Selected:

Matha 17: Bedell

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in