YouVersion Logo
Search Icon

Esra 5

5
Caibidil V.
Tré thairghir na bfágh, do ghabh Serubbabel um thigh Dé, do chur súas.
1Ansin do thairghireadar na faighe, Haggai an faigh, agus Sechariah mhac Iddo, do na Iúduighibh do bhí ann Iúdah agus ann Ierusalem a nainm Dé Israel, dóibhsion féin.
2Ann sin déirigh Serubbabel mhac Sealtiel, agus Iessua mhac Iosadac súas, agus do thionnscnadar tigh Dé do chur súas noch atá ann Ierusalem: agus fáighe Dé maille ríu ag congnamh dhóibh.
3¶ Fá namsin féin tháinic Tatnai chuca, uachdarán na taoibhesi a bhus do nabhuinn, agus Setar‐bosnai, agus a ccompanuigh, agus a dubhradar marso ríu, Cia daithin daóibhse an tighse do chur súas, agus an ballaso do dhéanamh?
4Annsin a dubhramairne ríu ar an modhso, Cá hainm an mhuinntir do ní a nobairsi?
5Acht do bhí súil a Ndé ar sheanoiribh na Niuduigheadh, go nar fhéadadar tabhairt orra scur, nó go ttáiníc an chúis go Dárius: agus annsin dfilleadar freagra le litir a ttáobh na cúisesi.
6¶ Cóib na litreach do chuir Tatnai ríaghlaitheóir don taóibhse do nabhuinn, agus Setar‐bosnai, agus a chompanuigh na Hapharsachitigh, noch do bhí ar an ttaóibhsi do nabhuinn, go Dárius an rígh:
7Do chuireadar litir chuige, iona raibh scríobhtha marso; Go Dárius an rígh, a nuile shíothcháin.
8Bíodh a fhios ag an rígh, go ndeachamairne go cúigeadh Iudeáh, go tigh an Dé mhóir, noch do rinneadh le clochaibh móra, agus do leagadh adhmad ar na balladhuibh, agus atá a nobairsi ag dul ar a haghaidh go lúath, agus atá sí ag éirghe léo.
9Ann sin dfíafruigheamairne do na seanóiribh sin, agus a dubhramar ríu marso, Cía daithin díbhsi an tigh se do dhéanamh, agus na balladhaso do chur súas?
10Dfíafruigheamar a nanmanna mar an ccéadna, da ninnisin dúitse, go scríobhthamóis anmanna na ndáoine do bféarr dhíobh.
11Agus is marso do fhreagradar sinn, gha radh, Is sinne serbhísigh Dé nimhe agus talmhan, agus atámuid ag cur súas an tighe do rinneadh mórán bliadhan ó shin, noch do rinne rígh mór Disrael agus do chúir súas é.
12Acht tar éis ar naithreadh do bhrostughadh Dé neimhe chum feirge, thug sé a láimh Nebuchadnesar rígh na Babilóine, an Caldéanach íad, noch do scrios an tighse, agus rug na daóine leís don Bhabilóin.
13Acht annsa chéidbhliadhuin do Chirus rígh na Babilóine thug an rígh céadna sin Círus fúagra an tighse Dé do dhéanamh.
14Agus mar an ccéadna soithighe óir agus airgid thighe Dé, noch rug Nebuchadnesar as an tteampall do bhí ann Ierusalem, agus rug íad go teampall na Baibilóine, thug Cirus an rígh íad sin amach as teampall na Babilóine, agus tugadh dáon íad, dar bhainm Sesbassar, dá ndéarna seision úachdarán;
15Agus a dubhairt sé ris, Glac na soithighe, imthigh, beir leachd íad gus an teampall atá ann Ierusalem, agus cuirthear tigh Dé súas iona áit féin.
16Annsin tháinic an Sesbassar sin, agus do shuighidh bunáit thighe Dé noch atá ann Ierusalem: agus ó namsin go nuige a nuairsi atá sé agá chur súas, agus ní bhfuil sé criochnuighthe fós.
17A nois ar a nadhbharsin, mas toil leis an rígh é, déantar cúartughadh a ttigh ionmhuis an rígh, noch atá annsin san Bhabilóin, dá fhéuchuin an marsin atá, go ttug an rígh Círus fúagra an tighse Dé do dhéanamh ann Ierusalem, agus cuireadh an rígh a thoil chuguinne a ttaobh na cúisesi.

Currently Selected:

Esra 5: Bedell

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in