YouVersion Logo
Search Icon

Ester 9

9
Caibidil IX.
Na Hiúduighe ar búaladh a naimhde dhoibh, 20 do chongmhadar féusta Púrim.
1Anois annsa dara mí déag, (do bí sin, mí Adar), ar an treas lá déag dhi, a núair do bhi aithne an rígh agus a órdughadh a ngar ré a ccur a ccrích, annsa ló ar shaóileadar naimhde na Niúduigheadh cumhacht dfagháil ós a ccionn, (matá gar hiompóigheadh é go contrardha, go raibh buáidh ag na Iúduighibh ós cionn na muinntire noch do fhúathuigh íad;)
2Do chruinnigheadar na Iúduighe íad féin a ccionn a chéile íona ccaithreachaibh air feadh uile phroibhinnseaoh an rígh Ahasuérus, do chur a láimhe annsa druing do thairg an dochar do dhéanamh: agus níor fhéud áonduine seasamh ríu; óir do ghabh eagla gach uile phobal rompa.
3Agus do chuidigheadar úachtaráin, agus riaghlóruigh, agus breitheámhuin, agus oifigidh an rígh, leis na Iúduighibh; do bhrigh gur luidh eagla Mhordecai orra.
4Oir mór Mordecai a ttigh an rígh, agus do chuáidh a chlú amach ar feadh na nuile phroibhinnseadh: óir dfás an duinesi Mordecai ní sa mhó agus ní sa mhó.
5Marso do bhuáileadar na Iúduighe a naimhde uile le buille an chloidhimh, agus le hár, agus le scrios, agus do rinneadar mar budh toil léo ris an luchd do fhúathuigh íad.
6Agus ann Súsan an pálás do mharbhadar na Iúduighe agus do mhuigheadar cúig céud fear.
7Agus Parsandata, agus Dalphon, agus Aspata,
8Agus Porata, agus Adaliah, agus Aridata,
9Agus Parmasta, agus Arisai, agus Aridai, agus Bhaiseata,
10Deich mhic Háman mhic Hammedata, námhuid na Niúduigheadh, do mharbhadar íad; acht air a néadáil níor leagadar a lámh.
11Tugadh an lásin a lathair an rígh uibhir na méide do marbhadh ann Súsan an pálás.
12¶ Agus a dubhairt an rígh re Hester an bhainríoghan, Do mharbh agus do scrios na Iúduighe cúig chéud fear ann Súsan an pálás, agus deithneamhar mac Háman; cred do rinneadar annsa chuid oile do proibhinnsibh an rígh? anois cred í hathchuinge? agus do bhéarthar dhuit í: nó cred é híarratus ní is mó? agus do dhéantar é.
13Annsin a dubhairt Ester, Más toil leis an rígh, tugthar cead do na Iúduighibh atá ann Súsan sin do dhéanamh a márach mar an ccéadna do réir órduighthe an láesi, agus crochtar deithneamhar mac Háman annsa chroich.
14Agus daithin an rígh a dhéanamh marsin: agus tugadh a nfógra ann Súsan; agus do chrochadar deich mic Háman.
15Oír do chruinnigheadar na Iúduighe do bhí ann Súsan íad féin a ccionn a chéile ar an cceathramhadh lá déag don mhí Adar mar an gcéadna, agus do mharbhadar trí chéad fear ann Súsan; acht níor leagadar a lamh air a néadáil.
16Acht na Iúduighe uile do bhí a bproibhinnsibh an rígh do chruinnigheadar íad féin a ccionn a chéile, agus do sheasadar ar son a nanma, agus fúaradar ciúnas ó na naimhdibh, agus do mharbhadar dá neasccáirdibh seachtmhoghad agus cúig mhíle, acht níor leagadar á lámha air an ccreich,
17Ar an treas lá déag do mhí Adar, agus ar an cceathrámhadh lá déag don mhí chéadna do shocruigheadar, agus do rinneadar lá féusta agus soláis de.
18Acht na Iúduighe do bhí ann Susan do chruinnigheadar a bhfochair a chéile ar an treas déag don mhí sin, agus ar an cceathramhadh lá déug dhi; agus air an ccúigeadh déug don mhí chéadna do shúaimhnigheadar, agus do rinneadar dhe lá féusta agus sóláis.
19Uime sin do rinneadar Iúduighe na mbailteadh mbeag do chomhnuidh a mbaíltibh gan bhalladha, an ceathramhadh lá déag do mhí Adar na lúathgháire agus féusta, agus na lá mhaith, agus do chur oirchiseacht chum a chéile.
20¶ Agus do scríobh Mordecai na neíthesi, agus do chuir se litreacha chum na Niúduigheadh óile do bhí a nuile phroibhinnsibh an rígh Ahasuerus, a bhfogus agus a ccéin,
21Dá bhúanughadh so na measc, go ccongmhuidís an ceathramhadh lá déug don mhí Adar, agus an cúigeadh lá dhi, gacha blíadhna,
22Mar an láethe ar shuaimhnigheadar na Iúduighe ó na naimhdibh, agus an mhí do hiompóigheadh chuca ó dhólás go sólás, agus ó dhóbrón go la mhaith: go ndéindís dhíobh láethe feasta agus gáirdeachuis, agus oirchiseachd do chur chum a chéile, agus tiodhluicthe chum na mbocht.
23Agus do ghabhadar na Iúduighe orra féin a dhéanamh mar do thosuigheadar, agus mar do scríobh Mordecai chuca;
24Do bhrígh gur thríall Háman mhac Hammedata, an Tagagiteach, námhuid na Niuduigheadh uile, a naghuidh na Níuduigheadh chum a scriosta, agus gur theilg Pur, (eadhon crannchar), dá ndíothughadh, agus dá scrios;
25Acht a núair tháinic Ester a lathair an rígh, daithin se le litreachaibh an droichthionnsgnamh, do thríall sé a naghaidh na Niúduigheadh, dfilleadh ar a cheann féin, agus é féin agus a mhic do chrochadh san ccroich.
26Ar a nadhbharsin do ghoireadar Púrim do na láethibhsin, ón nainm Pur. Uimesin ar son bhríathar na litreach, agus ar son gach neithe dá bhfacadar a ttáobh a nadhbhairsi, agus noch déirigh dhóibh.
27Dórduigheadar na Iúduighe, agus do ghabhadar orra féin, agus air a sliocht, agus ar gach uile dhuine dá cceingeoladh ríu, iondus nach bhfailleochthai é, go ccoimhéadfaidís an dá lá so do réir a scríbhinne, agus do réir a nuáire cinnte gacha blíadhna;
28Agus go ccuímhneocthaoi na láethesi agus go ccimhéadfuidhe íad ar feadh gach éainghemealuigh, gach éaintreibhe, gach phroibhinnse, agus gach éanchaithreacha; agus nach bhfailleochthaoi na láetheso Púrim ó bheith a measc na Niúduigheadh, nó a ccuimhne do dhul a mbáthadh ó na síol.
29Ann sín do scriobh Ester an bhainríoghan, inghean Abihail, agus Mordecai an Iúduigh, maille ris a nuile úghdarrás, chum an dara litresi Phúrim do dhaingniughadh.
30Agus do chuir sé na litreacha chum na Níuduigheadh uile, chum na ccéud agus na seacht bproibhinnseadh fithchiod do rioghachta Ahasuerus, maille re bríathruibh síothchána agus fírinne,
31Do dhaingniughadh na laétheadhso an Phúrim iona naimsearuibh cinnte, do réir mar do aithin Mordecai an Iúduigh agus Ester an bhainrioghan díobh, agus mar do órduigheadar air a son féin agus air son a síl, adhbhar a ttroisge agus a ngearáin.
32Agus do dhaingnidh órdughadh Ester na cúisesi an Phúrim; agus do scríobhadh annsa leabhar é.

Currently Selected:

Ester 9: Bedell

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in