YouVersion Logo
Search Icon

Gníomhartha 28

28
Caibidil XXVIII
Pól an slánughadh na neaslán ar a tslighe, 14 rainic an Roimh, 30 agus theagaisc ann sin dhá beliadhan.
1Agus ar dteachd dóibh slán, dó aithneadar ann sin gur Melita do bainm don oilén. 2Agus níor bheag an dáonnachd do rínneadar na dáoine barbartha oruinn: oír ar bhfadógh teineadh dhoibh, do ghabhadar sinn uíle chuca, ar son an cheatha do bhi ag teachd, agus air son an fhúachda.
3Agus ar gcruinniughadh mhoráin spriosan do Phól, agus ar na gcur dhó ar an dteine, táinic aithir nimhe amach as an teas, agus do léim sé ar a láimh. 4Agus ar bhfaicsin na péisde croichde as a laimh do na dáoinibh barbartha, a dubhradar ría chéile, Go deimhin is fear dúnmharbhtha é, dá nach bhfuilngeann dioghaltus a bheith beó, giodh tháinic sé slám ón bhfairge. 5Achd ar gcrothadh na péisde dhósan sa teini, níor airidh sé dochar ar bith. 6Gidheadh do bhí súil acasan ré hát dó, nó ré na thuitim síos marbh go hobann: achd ar mbéith dhóibh a bhfád ag fuireadh, agus nach bhfacadar dochar ar bith ag teagmháil dó, ar nathrughadh inntinne, a dubhradar gur día é.
7Agus a dtimcheall na háitesin do bhí fearann ag ceannphort a noíléin, dar bhainm Publius; noch do ghabh sinne chuige, agus tug áoigheachd dhúinn ar feadh thrí lá go rocháirdeamhail. 8Agus tárlá, go raibh athair Phuibliuis na luighe ré fíabhrus agus ré flucsa fola: agá ndeachaigh Pól dá ionnsuighe, agus ar ndéanamh urnaighe, ar gcur a lámh air, do shlánuighe sé é. 9Agus ar na dhéunamh so, tangadar, an mhéid do bhí easlán sa noiléun chuige, agus do shlánaigheadh íad: 10Noch mar an gcéudna tug dhúinn onóir mhór; agus ar ndealadh dhúinn ríu, do chuireadar linn na neithe do bhí na riachdanus orainn.
11Agus a gcionn thrí mhíos na dhiáigh sin do sheólamar a luing do longaibh Alecsándria, do bhí ag caitheamh an ghéimhridh sa noiléun, agus a sé fá comhartha dhi Castor agus Pollux. 12Agus ar dteachd dúinn go Siracúsa, dfanamar ann trí lá. 13Agus ar seóladh dhúinn timcheall as sin, tangamar go Rhégium: agus a gcionn laé na dhiáigh sin do shéid an gháoth a ndeas, agus tangamar lá ar na mhárach go Puteóli: 14Mar a bhfúaramar dearbhraithreacha, agus do chuireadar impidhe oruinn fanmhuin na bhfochair feadh seachdmhuine: agus már sin do thríallamar romhuinn don Róimh. 15Agus as sin ar bhfagháil ar sgéul do na braithribh, tangadar do theagmháil dúinn go margadh Appius, agus gus na trí táibheirnibh: agus ar na bhfaicsin do Phól, rug sé buidheachus ré Día, agus do ghabh sé meisneach chuige.
16Agus ar dteachd dúinn don Róimh, tug an caiptín na braighde dáirdghinerál na slógh: achd tugadh cead do Phól bheith ris féin a bhfarradh shaighdiúir do choimhéudfadh é. 17Agus tárla, a gcionn thrí lá na dhiáigh sin, gur ghoir Pól úaisle na Niúdaigheadh a gceann a chéile: agus ar gcruinniughadh dhóibh, a dubhairt sé ríu. A fheara agus a bhraithreacha, bíodh nách dearna misi éinní a naghaidh an phobail, ná ghnáthnaighe na sinnsear, gidheadh tugadh mé ceangailte ó Ierusalém a lámhaibh na Rómhanach. 18Noch lér mían tar éis mo theasdaighe, mo léigean fá sgáoil, do bhrígh nach raibh coir ar both bháis orum. 19Achd ar labhairt go contrárdha do na Iúdaighibh, do béigean damh dul fá chomairce Shéasair; ní hé go bhfuil adhbhar ar bith agam fá a neileóchainn mo chineadh. 20Uime sin is fá a nadhbharsa do chuir mé fios oraibhse, chum bhar bhfaicsiona, agus labhartha ribh: oír is ar son mhuiníghine Israél atáim ceangailte sa slabhradhsa. 21Agus a dubhradarsan ris, Níor ghlacamairne fíu na leitre ó thír Iúdaighe ad thimcheall, agus ní tháinic fós neach ar bith do na dearbhraithribh dfoillsiughadh ná dinnisin uile ar bith ort. 22Achd budh mían rinn a chlos uáit na neithe bhreathnuigheas tú: oír do tháobh a nuirsde, is aithnigh dhúinn do dticthear na aghaidh sa nuile áit.
23Agus ar ndéunamh láe ris dóibh, tangadar mórán chuige dhá lóisdín; noch dhar fhoillsigh sé rioghachd Dé, maille ré fíadhnuise do dheunamh, dhá dtarraing ré na theagusg chum na neitheadh do bhean ré Híosa, as reachd Mháoisí, agus ann sna faidhibh, ó mhaidin go hoidhche. 24Agus do aontuigheadar cuid díobh do na neíthibh a dubhairt sé, agus cuid eile nar aontaigh. 25Agus ar mbeith dhóibh contrárdha dhá chéile, do sgáoileadar as sin, ar rádh na héinbhréithresi do Phól, Is maith do labhair an Spiorad Náomh tré san bhfaidh Esaías ré ar naithreachaibhne, 26Ag rádh, Imthigh romhad chum an phobailse, agus abair, Cluinfidh sibh ré bhur gclúasaibh, agus ní thuigfidhe; agus do chifidh ré bhur súilibh, agus ní budh leir dháoibh: 27Oír atá cróidhe an phobailse ar na ramhrughadh, agus do bhádar a gclúasa bodhar chum éisdeachda, agus do cháochadar a súile; deagla go bhfaicfedís ré na súilibh, agus go gcluinfedís ré na gclúasaibh, agus go dtuigfedis ré na gcroidhthibh, agus go bhfillfedís, agus go slaineochainnse íad. 28Uime sin bíodh a fhios agaibhse, go bhfuil an slánúghadhsa Dé ar na chur chum na Gcineadhach, agus go gcluinfid siadsan é. 29Agus ar rádh na neitheannsa dhó, do imthigheadar na Iúdaighe amach, agus do bhí iomad diosbóireachda aca eatorra féin.
30Agus do chomhnuigh Pól dhá bhlíadhain go hiomlán a dtigh do réidhigh sé dhó féin, agus do ghabhadh ris na huile dháoine do thigeadh a steach chuige, 31Ag seanmórughadh rioghachda Dé, agus ag teasgusg na neitheann bheanus ris an Dtighearna Iósa Críosd, maille ré gach uile chumus labhartha, gan toirmeasg.

Currently Selected:

Gníomhartha 28: Bedell

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in