Gníomhartha 24
24
Caibidil XXIV
Fréagra Phóil do Thertullus a lathair Fhelics, 25 neach do chríothnuigh re an theagasc.
1Agus a gcionn chúig lá na dhiáigh sin tháinig Ananias an tárdsagurt a núas maille ris na sinnsearuibh, agus ré Tertullus fear deagh labhartha áirighe, noch do fhoillsigh íad féin a bhfiadhnuisi a núachdaráin a naghuidh Phóil. 2Agus a núair do goireadh amach é, do thionnsguin Tertullus a éiliughadh, ag rádh, 3A Fhélix ro oirdheirc, admhamáoid go follus, agus an gach áonáit, maille ré gach uile bhuidheachas, go bhfuilmíd ag fagháil iomud siódhchana thriódsa, agus go bhfuilid mórán do neithibh tré do ghliocasa ar na gceartughadh a measg an chinidhsi. 4Achd deagla, go dtuirseóchuinn thú ní sa mhó, guidhim thú dod mhóircheart féin, éisdeachd linn go haithghearr. 5Oír do fuaramar an fearsa mar phláigh, agus ag cur cheannairc eidir na Iúduighibh uile ar feadh an domhuin, agus na cheannfeadhna dórd na Nasaréunach: 6Agus mar an gcéudna do thogair sé an teampall do shalchadh: agus do chuireamairne lámh ann, agus do shanntuigheamar breitheamhnus do thabhairt air do réir ar ndlighe féin. 7Achd táinic an túachdarán Lísias orainn, agus rug sé lé hainneart mór as ar lámhuibh é, 8Agus do áithin sé da luchd éilighthe teachd chugadsa: ó na bhféudfa tusa gach éun sgéula dfagháil fá na neithibhse chuirmídne na leith, dá leana tú ar a níarruidh. 9Agus do áontuigheadar na Iúdaighe mar an gcéudna leis, dá rádh gurab mar sin do bhadár na neithe sin.
10Achd ar sméideadh do núachdarán air Phól chum labhartha, do fhreaguir sé, As romhóide mfonn fá fhreagra ar mo shon féin, go bhfuil a fhios agum thusa bheith ré mórán do bhlíadhnuibh ad bhreitheamh ar an gcineadhso. 11Oír féuduigh tú a fhios dfagháil, nach mó ná dhá lá dhéug ó chúaidh misi súas go Híarusalém do dhéunamh eadarghuidhe. 12Agus nách bhfuaradar ag diosbóireachd ré duine ar bith sa teampall mé, ná ag glúasachd an phobail, ná ann sna sinagóguibh, na fós sa chathraigh: 13Agus ní héidir léo na neithesi atáid síad déiliughadh oram a nois a chrúthúghadh. 14Achd admhuim so dhuitsi, go ndéunuim seirbhís do Dhía ar naithreach, do réir na sligheadh úd dá ngoiridsean eiríceachd, ag creideamh dá gach uile ní dhá bhfuil sgriobhtha ann sa dligheadh agus ann sna faidhibh: 15Agus go bhfuil dóigh agam a Ndía, ré a bhfuil a súilsean fós, go dtiocfa éiséirighe na marbh, eidir firéun agus neimhfhíréun. 16Is ar a shon so sháothruighim coinsías glan do bheith agam, gach uile úair a dtáobh Dé, agus dáoine. 17Agus táinic mé a nois tar éis mhórán blíadhan a measg mo chinidh féin, chum déirce agus ofrála dhéunamh. 18Ann a bhfúaradar Iúdaighe áirighe don Asía mé ar mo ghlanadh sa teampoll, gan chonghair, gan bhuaidhreadh. 19Noch dar chóir seasamh ann so ad fhiadhnuisisi maille riumsa, agus méiliughadh, dha mbeith ní ar bith aca ré a chur am aghaidh. 20No abruid an mhuintírse féin, ma fuáradar éugcóir ar bith ionnam, an tan do sheas mé a bhfíadhnuisi na comhairle, 21Achd amháin ar son a néanghotha so, do éimh mé an tráth do sheas me na lár, Gur ab fa eiseirghe na marbh atáim dom éiliughadh aguibhsi a niugh.
22Agus mar do chúaluidh Félics na neithesi, dó chuir sé ar athlá íad, ag rádh, A núair do ghéubha mé fios na neitheadh bheanus ris a tslighese ní as fearr, an tan thiocfas Lísias an tuachdarán a núas, cuirfidh mé bhur gcúis a gcrích. 23Agus do aithin sé don chaiptín Pól do chúmhdach, agus socamhal do thabhairt dó, agus gan a bhacadh déunduíne dá cháirdibh a fhriothólamh ná dhúl dá ionnsuighidh.
24Agus a gcionn laetheadh áirighe, ar mbeith do Fhélics maille ré na mhnáoi Drusilla, noch do bhí na Iúdaighe a lathair, do chuir sé fios ar Phól, agus do éisd sé ris a dtimcheall an chreidimh a Gcríosd. 25Agus an tan do labhair sé riu a dtimcheall na firéantachda, agus na measarrdhachda, agus an bhreitheamhnuis atá ag teachd, ar gcriothnughadh Dfélics, a dubhairt sé, Imthigh romhad a nois; agus a núair bhías úain agamsa air, cuirfidh mé fios ort. 26Agus do bhí súil aige fós go dtiubhradh Pól airgead dó do chionn a sgáoilte: air a nadhbharsin ag cur feasa air go minic, do labhradh sé ris. 27Agus ar gcoimhliónadh dhá bhlíadhan táinic Porcius Festus a náit Fhélics: agus ar mbeith fonnmhar Dfelics air bhuídheachus na Niúdaigheadh do thuilleamhuin, dfag sé Pól ceanguilte.
Currently Selected:
Gníomhartha 24: Bedell
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)