Gníomhartha 13
13
Caibidil XIII
Pól agus Barnabas ar na ccur ar leith chum oibre an tsoisgeil, 8 agus Elimas an dráoi (ag cur na naghaidh) ar na dheanamh dall.
1Agus do bhadar a neagluis na Hantíochia faidhe áirighe agus luchd teaguisg; mar atá Barnabas agus Siméon da ngoirthí Niger, ugus Lúcius ó Chiréne, agus Manahen, comhalta Ioruáidh an tetrarcha, agus Saul. 2Agus ar mbeith dhóibh ag minisdrálachd don Tighearna, agus deanamh trosga, a dubhairt an Spiorad Náomh, Cuiridh air leith dhamh Barnabas agus Sául fa chomhair na hoibre chum ar ghoir mé íad. 3An sin ar ndéunamh troisge agus úrnaighe dhóibh, agus ar gcur lámh ortha, do léigeadar úatha íad.
4Uime sin ar mbeith dhóibhsion ar na gcur amach ón Spiorad Náomh, do chúadar síos go Seléucia; agus as sin do shéoladar go Cíprus. 5Agus at dteachd dhóibh go Salamis, do sheanmóraigheadar bríathar Dé a sinagógaibh na Níudaighe: agus do bhí Eóin aca fós mar óglach.
6Agus ar ndul dóibh thríd a noiléun go Páphus, fúaradar draói áirighe, faidh fallsa, Iúdaighe, dár bhainm Baríesus: 7Noch do bhí a bhfochair a núáchdaráin, Sergius Paulus, duine tuigsionach; Ar ngairm Bharnabais agus Sháuil dhó so chuige, díarr sé briathar Dé déisdeachd. 8Achd do chuír Elimas an dráoi, (óir as mar so eidirmhínighthear a ainm,) na naghaidh, ag iarraidh a núachdaráin diompógh on gcreideamh.
9Achd ar mbeith do Shául, (da ngoirthear fós Pól,) lán don Spiorad Náomh, ag féuchain air go gér. 10A dubhairt sé. Afhir lán do mheabhail agus dolc, a mhic an díabhail, agus a namhuid na huile fhiréntachda, an é nach sguirfe tú do shlighthibh diorgha an Tighearna do chur bunoscionn? 11Agus anois, féuch, lámh an Tighearna ad aghaidh, agus biaidh tú dall, gan amharc na gréine agad feadh sealad. Agus ris sin féin do thuit céo agus dorchadus air; agus do shir sé fa gcuáirt dream éigin do threoróchadh ar láimh é. 12Ar bhfaicsin don uachdarán, an tan sin a ní do rinneadh ann, do chreid sé, ag déanamh iongantuis fá theagusg an Tighearna.
13Agus ar nimtheachd do Phól agus don druing do bhí na fhochair a luing ó Pháphus, tangadar go Pérge na Pamphília: Agus ar ndeulughadh Deóin ríu, dfill sé go Hiarusalém.
14Agus ar ndul dóibhsion ó Pheirge, tangadar go Hantióchia na Pisídia, agus ar ndul a steach dhóibh don tsinagóig lá na sabbóide, do shuígheadar síos. 15Agus tar éis léighthe an reachda agus na bhfáigheadh do chuireadar uachdaráin na sionagóige teachdaireachd chuca, ag rádh, A fheara agus a dhearbhráithreacha, má atá agaibh briathar ar bith lé a dteagaisgfí an pobal, labhruidh í.
16Ar neirghe súas do Phól an tan sin, agus ar sméideadh dhó ré na láimh, a dubhairt sé, A fheara Israélacha, agus sibhse ar a bhfuil eagla Dé, éisdigh. 17Do thogh Día an phobailse Israél ar naithreacha, agus do árdaigh sé an pobal an tan do bhádar na gcomhnuighe sa Néigipt, dp thréoraigh sé as sin amach íad ré laimh áird. 18Agus a dtimcheall aimsire dhá fhichead bliadhan do fhulaing sé a mbéasa sa bhfásach. 19Agus ar sgrios dó na seachd gcineadhach a dtír Chánaan, do roinn sé ré crannchar a bhfearann dóibh. 20Agus na dhíaigh sin, a dtimcheall dheich mblíadhan agus dá fhichead agus cheithre gcéud tug sé breitheumhain dóibh, go dteachd Shamuel an fáidh. 21Agus na dhíaigh sin díarradar rí, agus tug Día Sául dóibh mac Chis, fear do threibh Bheniamin, feadh dhá fhichead bliadhan. 22Agus ar na áthrughadh súd dhó, do thóg sé súas Dáibhí na rígh dhóibh; dá ndearnaidh sé mar an gcédna fíadhnuise, ag rádh, Fuáir mé Dáibhí mac Iesse, na dhuine do réir mo chroidhe féin, noch do dhéunaigh mo thoil uile.
23As dá shíol so do thóg Día súas do réir na geallamhna an Slánaightheóir, Iósa Diosrael: 24Ar mbeith Deóin roimh eísion do theachd ag seanmórughadh bhaisdigh na haithrighe do phobal Israél uile. 25Agus ar gcóimhlíonadh a sheala Deóin, a dubhairt sé, An té sháoilti, ní misi é. Achd féuch, tig neach am dhiáigh, ag nach fíu mé íallach a bhróg do sgaóileadh. 26A fheara agus a dhearbhraithreacha, chlann fíne Abraham, agus an mhéid agaibh ar a bhfuil eagla Dé, is chugaibhse do cuireadh bríathar na sláintese. 27Oír an dream do áitrigh a Níarusalém, agus a núachdaráin, ar mbeith dhóibh gan éolus aca airsean, na air bhríathruibh na bhfaigheadh léughthar gacha sábbóid, air na dhamnúghadhsan dóibh do choimhlíonadar íad. 28Agus bíodh nach bhfúaradar coir ar bith bháis air, díarradar ar Phílaid a bhásughadh. 29Agus ar gcriochnughadh na nuile neitheann dóibh do bhí ar na sgriobhadh na thimcheallsan, do leagadar a núas as an gcroich, agus do chuireadar a dtúama é. 30Achd do thóg Día súas ó mharbhaibh é: 31Noch do taisbéunadh feadh mhóráin do láethibh don druing do chuáidh a náoinfheachd ris súas ón Ngalile go Hiarusalém, agus ata na bhfíadhnuisibh dhó a dtáobh an phobail.
32Agus soisgéulamáoidne dhíbhse an gealladh do rinneadh dona haithreachaibh, 33Gur choimhlíon Día dhúinne a gclann é, at dtógbháil Iósa súas arís; mar atá sgríobhtha fós ann sa dara Salm, Is tusa mo Mhacsa, a niugh do ghein mé thú. 34Agus do bhrígh gur thóg sé súas é ó mharbhaibh, agus nach bhfillfidh air ais chum trúaidhlighthe, a dubhairt sé mar so, Do bhéura mé dhíbh neithe náomhtha diongmhalta Dháibhí. 35Uime sin a deir sé a nionad eile, Ní fhuiléongaidh tú do Neach Náomhtha féin dfaicsin trúaidhlighthe. 36Oír go deimhin, ar ndéunamh seirbhíse do Dháibhi, ann a gheinealach féin tré chomhairle Dé, do chodail sé, agus do cuireadh a bhfochair a aithreadh é, agus do chunnairc sé truáilléadh. 37Achd an té, do thóg Día súas, ní fhacaidh sé trúailleadh.
38Ar a nadhbharsin bíodh a fhios agaibh a fhir agus a bhraithreacha, gur trés an bhfearso foillsighthear dhibh maithfeachus na bpeacadh: 39Agus go bhfuil gach áon chreideas ar na sháoradh thrídsion ó na huile neithibh, dá nár bhféidir sibhse do sháoradh a reachd Mháoise. 40Uime sin tabhraidh bhur naire ribh, nách dteigeumhadh dháoibh, a ní atá ar na rádh ris na fáidhibh; 41Féuchaidh, a luchd na tarcaisne, agus bíodh iongantus oraibh, agus leathnuighidh mar cheó: óir oibrighim se obair ann bhur láethibh, obair nach ccreidfeadh sibh, dá bhfoillsúigheadh duine dhíbh é.
42Agus ar nimtheachd amach as an tsionagóig do na Iúdaighibh, díarradar na Cineadhaigh dachuinge orrtha na briathrasa labhairt ríu féin an tsabbóid na dhiáighsin. 43Agus ar sgáoileadh don choimhthionól, do leanadar mórán do na Iúdaighibh, agus do dháoinibh ríaghalta coigchríchthe thainic chum creidmhe Pól agus Barnabas: noch do no, labhair ríu, agus do chomhairligh dhóibh fúireach a ngrasuibh Dé.
44An céudlá sabboide na dhiáigh sin is beag nar chruinnigh an chathair uile a bhfochair a chéile deisdeachd bhréithre Dé. 45Achd ar a bhfaicsin an phobail do na Iúdaighibh, do líonadh do thnúth íad, agus tangadar a naghaidh na neitheann do labhair pól, da gconntrarghadh agus ag labhairt ortha go masluightheach.
46Achd ar ndéunamh dánachda do Phól, agus do Bharnabas, a dubhradar, Is ribhse ar tús dob éigean bríathar Dé do labhairt: gidheadh ó churtháoi ar gcúl í, agus go mbeirthí do bhreith nach fíu sibh an bheatha mharthanach dfagháil, féuch, atámaidne ag filleadh chum na Gcineadhach. 47Oír is mar sin do aithin an Tighearna dhínn, ag rádh, Do chuir mé thú mar sholas do na Cineadhachaibh, agus marshlánughadh go leithimlibh na talmhan.
48Agus ar gclós na neitheannsa do na Cineadhachaibh, do ghabh gáireachus íad, agus do ghlóraigheadar bríathar an Tighearna: agus do chreideadar an mhéid do bhí ar na nórdughadh chum na beatha marthanaighe. 49Agus do leathnaigh bríathar an Tighearna air feadh na tíre uile. 50Achd do bhrosduígheadar na Iúdaighe mná ríaghalta agus mácanta, agus náisle na caithreach, agus do thógadar gérleanmhuin ar Phól agus ar Bharnabas, agus do chuireadar amach as a dtéorannaibh íad. 51Achd ar gcrathadh dhóibhsion luaithrigh a gcos na naghaidh, tangadar go Hicónium. 52Agus do líonadh na deisciobal do gháirdeachas, agus don Spiorad Náomh.
Currently Selected:
Gníomhartha 13: Bedell
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)