YouVersion Logo
Search Icon

Gníomhartha 10

10
Caibidil X
Corneliuis caiptín díagha do na Cineudhachaibh, ar na bhaisdeadh le Peadar.
1Agus do bhí duine áirighe a Séasárea, dar bhainm Cornélius, caiptín an bhanna dhá ngóirthear an banna Eadáilleach, 2Duine ríaghalta, ar a raibh eagla Dé, maille ré na thigh uile, noch do bheireadh iomad déirce donphobal, agus do bhíodh ag guidhe Dé do ghnáth. 3Do chonnairc sé go soilléir a dtáibhse a dtimcheall a náomhadh húair don ló aingeal Dé ag teachd a steach chuige, agus ag rádh ris, A Chornéliuis. 4Agus ag féuchain dósan air go gér, agus ag gabháil eagla, a dubhairt sé, Créd é sin, a Thighearna? Agus a dubhairt seision ris, Do chuáidh húrnaighthe agus do dhéirce súas a gcoimhne a bhfiadhnuise Dé. 5Agus a nois cuir dáoine go Ioppá, agus cuir fios ar Shíomón, dar ab comhainm Peadar: 6Atá sé ar áoidheachd a bhfochair Shíomón áirighe fear leasaighe leathair, agá bhfuil a thigh láimh ris an bhfairge: foillséochaidh sé dhuit créud is cóir dhuit a dhéunamh. 7Agus ar nimtheachd don aingeal do leabhair le Cornéliuis, do ghoir sé chuige dís dá mhuinntir, agus saighdiúír díagha don druing do bhí na fhochair; 8Agus ar bhfoillsinghádh a niomláin dóibh, do chuir sé íad go Híoppá.
9Agus ar ná mharach, ag síubhal dóibhsean, agus ag drud ris an gcathraigh, do chuáidh Peadar súas ar an dtigh do dhéanamh úrnaighe dtimcheall an seaséadh húair. 10Agus tárla gur ghabh ocarus romhór é, agus ba mían ris bíadh chaitheamh: agus an feadh do bhádarsan ag ullmhúghadh neithe, do chúaidh seision a néull, 11Agus do chonnairc sé neamh osgailte, agus soighteach áirighe ag teachd a nsúas chuige, amhail bhraithlín mhór agus a cheithre beanna ceangailte, noch do léigeadh síos ar an dtalamh: 12Ann a raibh gach uile ghné bheathaidh cheathairchosaidh na talmhan, agus bheathaidh allta, agus phíasd shnámhus an talamh, agus éunlaith a naicéir. 13Agus tháinic gúth chuige, Eirigh, a Phéadair; marbh, agus ith. 14Achd a dubhairt Peadar, Ní headh, a Thighearna; óir níor ith mé ríamh éinni coitcheann nó neamhghlan. 15Agus a dubhairt an gúth ris a rís an dara huáir, Ná neíthe ghlan Día, ná habairse neamhghlan íad. 16Agus do rinneadh so fó thrí: agus a rís do tógbhadh an soitheach súas air neamh.
17Agus ar mbeith do Pheadar ag déunamh ámharuis ann féin créud í an táibhsise do chunnairc sé, Féuch, na teachdairighe do cuireadh ó Chornélius ag íarraidh thighe Shiómóin, agus do sheasadar ag an dorus, 18Agus do ghoíreadar, agus dfíafruigheadar an raibh Síomón dar chómhainm Peadar ann sin. 19Agus ar mbeith do Pheadar ag smuáineadh ar an dtáibhse, a dubhairt an Spiorad ris, Féuch, atá tríur fear dod íarraidh. 20Uime sin éiridh, téigh síos, agus imthigh ríu, gan amharus ar bith do bheith ort: óir is misi do chuir uáim íad. 21Ar ndul síos do Pheadar an tan sin chum na bhfear do cuireadh chuige ó Chornélius; a dubhairt sé, Féuchaidh, is misi an té atá sibhse íarraidh: créud é an tadhbhar fá dtangabhair? 22Agus a dubhradarsan, Cornélius an caiptín, duine comhthrom, air a bhfuil eagla Dé, agus fear deaghtheasda ag an gcineadh Iúdaighe uile, fuáir sé fógra ó Dhía tré aingeal náomhtha fios do chur ortsa dá thigh féin, agus éisdeachd ré briathra úaitse. 23An sin do ghoir sé a steach íad, agus tug sé áoidheachd dóibh. Agus ar na mhárach do imthigh Peadar ríu, agus dimthigh dream áirighe do na dearbhraithreachaibh do bhí a Níoppá ma ráon ris.
24Agus an lá na dhiáigh sin do chuádar a steach go Séasaréa. Agus do bhí Cornélius ag fuireach ríu, ar ngairm a gháoil agus a charad ndiongmhala a gceann a chéile dhó. 25Agus tárla ré dteachd Pheadair a sdeach, go dtáinic Cornélius do theagmháil dó, agus do onóraigh sé é, dhá léigean féin síos agá chosaibh. 26Achd do thóg Peadar súas é, ag rádh, Eiridh; oír as duine misi féin. 27Agus ar mbeith dhó ag comhrádh ris, do chuáidh sé a steach, agus fuair sé mórán ar gcruinniughadh a gceann a chéile. 28Agus a dubhairt sé ríu, Atá a fhios agaibhse nách dlightheach do Iúdaighe é féin do cheangal deachdrannach, nó teachd dá ghoire; gidheadh do fhoillsigh Día dhamhsa gan duine coitcheann nó neamhghlan do ghairm do neach ar bith. 29Ar a nadhbharsin tháinig mé gan díultadh, a núair do cuireadh fios oram: uime sin fíafruighim créud é an tádhbhar fár chuireabhair fios oram? 30A dubhairt Cornélius an tan sin, Ré ceithre lá gus a nuáirse do bhí mé ag déunamh troisge; agus sa náomhadh huáir do bhí mé ag déunamh urnaighe ann mo thigh féin, agus, féuch, do sheas neach am fhíadhnuise a néudach dheallruightheach, 31Agus a dubhairt sé, A Chornélius, do héisdeadh húrnaighe, agus do coimhnigheadh do dhéirc a bhfíadhnuise Dé. 32Uime sin cuir fios go Híoppá, agus goir chugad Síomón, dar comhainm Peadar; atá se ar aóidheachd a dtigh Shíomóin fhir leasaighthe leathair láimh ris an bhfáirrge: agus an tan thiucfas sé, laibheóruigh sé riotsa. 33Ar a nadhbharsa a nuáir sin féin do chuir me fios ortsa; agus as maith do rinne tú theachd. Uime sin a nois atámuid uile a bhfiadhnuise Dé, chum eisdeachda gacha uile neithe do haithnigheadh dhiotsa ó Dhía.
34Agus ar nosgladh a bhéil do Pheadar a dubhairt sé, Do gheibhim go fírinneach nach bhféuchann Día do phearsannaibh seach a chéile: 35Achd am gach uile chineadh gabhuidh sé ris an tí, air ambí a eagla agus do ní ceart. 36An bhríathar noch do fhoillsigh sé do chloinn Israél, ag soisgéulughadh síothchána tré Iósa Críosd: noch atá na Thighearna ós cionn na nuile: 37Atá a fhios agaibhse, créud do rinneadh feadh thíre Iúdaidhe uile, ag tosughadh ón Ngalilé, tar éis an bhaisdigh noch do sheanmóraidh Eóin; 38Cionnus do ung Día Iósa Nasárrgha ris an Spiorad Náomh agus lé cumhachdaibh: noch do chuáidh timcheall ag déunamh maitheasa, agus ag sláunughadh gach a raibh fá leathtrom tré chumhachdaibh an diabhail; óir do bhí Día maille ris. 39Agus atámaóidbe dfíadhnuise ar na huile neithe do rinne sé a ttír Iúdaighe, agus a Niarusalém; noch do mharbhadar dhá chrochadh a gcroich: 40Do thog Día é so súas an treas lá, agus dfoillsigh sé é; 41Ni don phobál uile achd do na fíadhnuisibh do thogh Día roimh láimh, eadhon dúinne, noch do ith agus do ibh na fhochair tar éis a éiseirghe ó mharbhaibh. 42Agus tug áithne dhúinne seanmóir a dhéunamh don phobal, agus fíadhnuise do déunamh gur ab eision do hórduigheadh ó Dhía na bhreitheamh ar bhéodhaibh agus ar mharbhaibh. 43Do níd na fáidhe uile fíadhnuise dhó so, go bhfaghann gach áon chreideas ann maitheamhnus na bpeacadh tré na ainm. 44Ar mbeith fós do Pheadar ag labhairt na mbríatharsa, do thuirrling an Spiorad Náomh ar gach áon da ccúalaidh an bhríathar. 45Agus na creidmhighe don timcheallghearradh tháinic ré Peadar, do ghabh uathbhás íad, do bhrígh gur dóirteadh fós ar na Cineadhachaibh tiodhlacadh an Spioraid Naóimh. 46Oír do chúaladar íadsan ag labhairt lé teangthaibh, agus ag adhmholadh Dé. Do fhreagair Peadar an tan sin, 47An féidir do neach ar bith uisge do thoirmeasg, do chum nach baisfi íad só, noch do ghabh an Spiorad Náomh chomhmaith rinne? 48Agus do aithin sé dhíobh baisdeadh ghabhail chuca a nainm an Tighearna. Do íarradar airsion an tan sin fanmhuin na bhfochair láethe áirighe.

Currently Selected:

Gníomhartha 10: Bedell

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in