YouVersion Logo
Search Icon

II Croiniclibh 8

8
Caibidil VIII.
Reachd Sholaimh iona righeachd, 11 Agus iona thigh.
1Agus tárla (a ccionn fhithchid blíadhan, iona ndéarna Solamh tigh an TIGHEARNA, agus a thigh féin,)
2Gur chuir Solamh súas, na caithreacha do aisig Huram do Sholamh, agus thug sé air chloinn Israel comhnuigh ionta.
3Agus do chuáidh Solamh go Hamat‐Sobah, agus rug sé búaidh uirre.
4Agus do chuir sé Tadmor súas annsa bhfásach, agus na huile chaithreacha stóir, noch do chuir sé súas ann Hamat.
5Mar an gcéadna do rinne sé Bet‐horon uachdarach, agus Bet‐horon íochdarach, caithreacha daingne, go mballadhuibh, ngeatadhuibh, agus mbarradhuibh;
6Agus Baalat, agus na caithreacha stóir do bhí ag Solamh, agus na caithreacha carbad uile, agus caithreacha na mharcshluáigh, agus a nuile ní dar thoil le Solamh do chur súas ann Ierusalem, agus a Lebanon, agus air feadh dhúithche a thighearnuis uile.
7Ar son an mhéid do fágbhadh do na Hittitibh, agus do na Hamorítibh, agus do na Perisitibh, agus do na Hibhitibh, agus do na Iebusitibh, nach raibh Disrael,
8A cclann sin, noch do fágbhadh na ndiáigh san tír, nach ar dhíthlairigheadar clann Israel, do chuir Solamh íad fa chíos gus a niugh.
9Acht do chloinn Israel ní dhéarnuidh Solamh serbhísigh chum oibre ar bith; achd do bhádar na luchd cogaidh, agus togha a chaiptíneadh, agus caiptínigh a charbad agus a mharcshlúagh.
10Agus dob íadso príomh oifigidh an rígh Soluimh, eadhon dhá chéad agus cáogad, agá raibh cumhachda ós cionn an phobail.
11¶ Agus thug Solamh inghean Phárao leis súas as cathruigh Dhaibhi don tigh do rinne sé dhi: óir a dubhairt sé, Ni bhiáidh mo bheansa na comhnuidhe a ttigh Dháibhi rígh Israel, do bhrígh go bhfuil a náit náomhtha, iona ttáinic aírc an TIGHEARNA.
12¶ Ann sin dofráil Solamh ofrála loisge don TIGHEARNA air altóir an TIGHEARNA, noch do chuir sé súas as coinne an phóirse,
13Eadhon do réir mhiosúir áirigh gach laói, ofrail do réir aithne Mhaóise, ar na Sabboidibh, agus air na reéibh núadha, agus air na féustaibh sollamanta, trí huáire san mbliadhain, eadhon a bhféasta a naráin gan loibhín, agus a bhféasta na seachdmhuineadh, agus a bhféasta na ttabernacuil.
14¶ Agus dórduigh sé, do réir órduigh Dháibhi a athar, seala na sagart chum a serbhíse, agus na Lebhíteach chum a ccúram, do mholadh agus do fhríthéolamh a bhfiaghnuise na sagart, mar dob iomchubhuidh doifig gach aon laói: na doirseóirigh mar an gcéadna iona sealuibh ag gach aóingheata: óir is mar sin do aithin Dáibhi óglach Dé.
15Agus níor dhealuigheadar ré haithne an rígh do na sagartuibh agus do na Lebhitibh a ttaobh chúise ar bith, nó a ttáobh na nionnmhus.
16¶ Anois do ghléusadh obair Sholuimh uile ón ló fár cuireadh bunáit thighe an TIGHEARNA, nó go raibh sé críochnuigh. Mar sin do rinneadh tigh Dé go hiomlán.
17¶ Ann sin do chuáidh Solamh go Hesion‐geber, agus go Helot, air thaóibh na fairge a bhfearann Edom.
18Agus do chuir Húram chuige a lámhaibh a sherbhíseach longa, agus serbhísigh agá raibh éolus na fairge; agus do chúadar lé muinntir Sholuimh go Hophir, agus thugadar as sin ceithre chéad agus cáogad tallann óir, agus thugadar gus an rígh Solamh íad.

Currently Selected:

II Croiniclibh 8: Bedell

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for II Croiniclibh 8