YouVersion Logo
Search Icon

II Croiniclibh 17

17
Caibidil XVII.
Do chuir Iehosaphat an eagluis; 12 agus an righeachd a nordughadh.
1Agus do ríoghuidh Iehosaphat a mhac iona ait, agus do neartuigh sé é feín a naghaidh Israel.
2Agus do chuir sé neart daoine a ccaithreachaibh daingne Iúdah uile, agus do chuir sé díonlungphort a bhfearann Iúdah, agus a ccaithreachaibh Ephraim, noch do ghabh Asa a athair.
3Agus do bhí an TIGHEARNA le Iehosaphat, do bhrígh gur shiubhuil sé a ccéidshlíghthibh a athar Dáibhi, agus nar íarr sé‐chum Baalim;
4Acht do ghuidh sé chum an TIGHEARNA Día a athar, agus do shiubhail sé iona aitheantuibh, agus ní do reír ghníomha Israel.
5Uimesin do dhaingnidh an TIGHEARNA an rioghacht iona láimh; agus thug Iúdah uile tiodhluice chum Iehosaphat; agus do bhí saidhbhrios agus onóir aige go lór.
6Agus do bhí a chroidhe ar na thógbhail suás a slighthibh an TIGHEARNA: tuilleamh fós do chuir sé na háité árda agus na garraín as Iúdah.
7¶ Mar an ccéadna air an ttreas bliadhuin dá ríghe do chuir sé teachta a ccionn a phrionnsadh, eadhon go Ben‐hail, agus go Hobadiah, agus go Sechariah, agus go Netaneel, agus go Micaiah, do theagasc a ccaithreachaibh Iúdah.
8Agus do chuir sé Lebhítigh leó, eadhon Semaiah, agus Netaniah, agus Sebadiah, agus Asahel, agus Semiramot, agus Iehonatan, agus Adoniiah, agus Tobiiah, agus Tob‐adoniiah, Lebhitigh; agus maille riú Elisama agus Iehoram, sagairt.
9Agus do theagaisceadar ann Iúdah, agus do bhí leabhar dlighe an TIGHEARNA aca, agus do chúadar timchioll ar feadh chaithreach Iúdah, agus do theagaisceadar an pobal.
10¶ Agus do thuit eagla an TIGHEARNA air uile rioghachtuibh na ccríoch do bhí timchioll Iúdah, ionnus nach dearnadar cogadh a naghaidh Iehosaphat.
11Thugadar fós cuid do na Philistinibh tiodhluice chum Iehosaphat, agus cíos airgid; agus thugadar na Harábianuigh tréada chuige, seachd míle agus seachd ccéad reithe, agus seachd míle agus seachd cceúd poc.
12¶ Agus dfás Iehosaphat mór go hadhbhal; agus do chuir sé suás ann Iúdah caisléin, agus caithreacha stóir.
13Agus do bhí iomad gnothuigheadh aige a ccaithreachaibh Iúdah: agus luchd coguidh, daoine neartmhara gaisgeamhla, ann Ierusalem.
14Agus is íadso a nuibhre do reír thighe a naithreadh: do Iúdah, caíptínigh mílteadh; Adnah an té budh oirdhearca, agus daoine cumasacha a ngaisceadh na fhochair trí cheád míle.
15Agus na dhiaighsin do bhí Iehohanan an caiptin, agus na fhochair sin dhá chéad agus ceithre fithchid míle.
16Agus na dhiaigh sin Amasiah mhac Sichri, noch dofráil é feín go toileamhuil don TIGHEARNA; agus maille ris dhá chéad míle fear láidir beódha.
17Agus do Bheniamin; Eliada fear cumasach a ccródhachd, agus maille ris daoine armtha re bogha agus re sgéith dha chéad míle.
18Agus na dhiaigh sin do bhí Iehosabad, agus maille ris sin céud agus ceithre fithchid míle reígh gléasta chum an chogaidh.
19Do bhádar so ag feithiomh air an rígh, taobh amúigh don druing do chuir an rígh a ccaithreachuibh daingue air feadh Iúdah uile.

Currently Selected:

II Croiniclibh 17: Bedell

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for II Croiniclibh 17