YouVersion Logo
Search Icon

Eoin 17

17
An Sagart Íosa ag Guí
1Dúirt Íosa an chaint sin agus ar thógáil a shúl chun na bhflaitheas dúirt sé:
“A Athair, tá an uair tagtha.
Tabhair glóir do do Mhac,
ionas go dtabharfadh do Mhac glóir duit:
2faoi mar a thug tú cumhacht dó ar an uile dhuine,
ionas, gach duine a thug tú dó,
go dtabharfaidh sé an bheatha shíoraí dóibh.
3Is í seo an bheatha shíoraí:
iad a chur aithne ortsa, an t‑aon Dia fírinneach amháin,
agus ar Íosa Críost, a chuir tú uait.
4Thug mise glóir duit ar talamh;
tá an obair déanta agam a thug tú dom le déanamh.
5Agus anois mar sin, a Athair,
tabhair-sé glóir domsa i do láthair
leis an nglóir chéanna a bhí agam i do láthair,
sula raibh an domhan ann.
6D'fhoilsigh mé d'ainm
do na daoine a thug tú dom as an saol;
ba leatsa iad, agus thug tú domsa iad,
agus tá do bhriathar coinnithe acu.
7Tá a fhios acu anois gur uaitse,
gach ní dár thug tú dom;
8óir na briathra a thug tú dom, thug mé dóibh iad,
agus ghlac siad iad agus thuig siad go fíor
gur uaitse a tháinig mé,
agus chreid siad gur tú a chuir uait mé.
9Ar a son atáim ag guí; ní ar son an tsaoil
atáim ag guí ach ar son na muintire
a thug tú dom, mar is leatsa iad.
10Leatsa gach ní is liomsa
agus liomsa gach ní is leatsa,
agus tá glóir faighte agam iontu.
11Nílim ar an saol feasta
ach tá siadsan ar an saol
agus táim ag dul ag triall ortsa.
A Athair naofa coinnigh iad i d'ainm -
an t‑ainm a chuir tú faoi mo chúram,
ionas go mba aon iad faoi mar is aon sinne.
12Fad a bhí mé faru,
choinnigh mé iad i d'ainm
- an t‑ainm a chuir tú faoi mo chúram,
agus thug mé aire dóibh,
agus níor imigh íde ar aon duine acu,
ach ar mhac na híde,
ionas go gcomhlíonfaí an scrioptúr.
13Ach anois táim ag teacht ag triall ort,
agus tá an chaint seo á rá agam ar an saol,
ionas go mbeadh an lúcháir is liomsa
go hiomlán acu iontu féin.
14Thug mé dóibh do bhriathar,
agus thug an saol fuath dóibh,
óir ní den saol iad, faoi mar nach den saol mise.
15Nílim á ghuí go dtógfá as an saol iad,
ach go gcoinneofá ón Olc iad.
16Ní den saol iad, faoi mar nach den saol mise.
17Déan iad a naomhú san fhírinne.
Is fírinne do bhriathar.
18Faoi mar a chuir tusa mise uait isteach sa saol,
chuir mise iadsan isteach sa saol.
19Naomhaím mé féin ar a son,
ionas go mbeidh siadsan, chomh maith,
naomhaithe san fhírinne.
20Ní ar a son-san amháin atáim ag guí,
ach, mar an gcéanna, ar son na ndaoine
a chreidfidh ionam trína mbriathar;
21ionas go mba aon iad go léir,
faoi mar atá tusa, a Athair, ionamsa
agus mise ionatsa;
go mbeidís seo ina n‑aon ionainn
i dtreo go gcreidfidh an saol gur chuir tú uait mé.
22Agus an ghlóir a thug tú dom,
thug mise dóibhsean é,
ionas go mba aon iad faoi mar is aon sinne;
23mise iontu-san, agus tusa ionam-sa,
ionas go mba aon iad go foirfe,
agus go mbeadh a fhios ag an saol
gur chuir tú uait mé,
agus gur thug tú grá dóibh seo
faoi mar a thug tú grá domsa.
24A Athair, an mhuintir a thug tú dom,
is mian liom, an áit ina bhfuilimse,
iadsan a bheith ann mar aon liom,
ionas go bhfeicfidh siad mo ghlóir,
an ghlóir a thug tú dom;
mar gur thug tú grá dom roimh chruthú an domhain.
25A Athair na córa, ní raibh aithne ag an saol ort;
ach bhí aithne agamsa ort,
agus bhí a fhios acu seo gur chuir tú uait mé.
26Agus thug mé dóibh, agus tabharfaidh, eolas ar d'ainm,
ionas, an grá a thug tú dom,
go mbeadh sé iontu seo, agus mise iontu.”

Currently Selected:

Eoin 17: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy