YouVersion Logo
Search Icon

Eoin 14

14
1Ná bíodh buaireamh ar bhur gcroí:
creideann sibh i nDia; creidigí ionamsa leis.
2Is iomaí áras i dteach m'Athar.
Mura mbeadh, d'inseoinn daoibh é.
Óir táim ag dul ag cur áite i gcóir daoibh,
3agus má théim agus áit a chur i gcóir daoibh,
tiocfaidh mé arís agus tógfaidh mé sibh chugam féin;
i dtreo, an áit ina mbeidh mise,
go mbeidh sibhse chomh maith.
4Tá eolas na slí agaibh mar a bhfuilim ag dul.”
5Dúirt Tomás leis: “A Thiarna, ní eol dúinn cá bhfuil tú ag dul agus cén chaoi is féidir dúinn eolas na slí a bheith againn?” 6Dúirt Íosa leis:
“Is mise an tslí, an fhírinne agus an bheatha.
Ní thagann aon duine go dtí an tAthair ach tríomsa.
7Dá mbeadh aithne agaibh ormsa,
d'aithneodh sibh m'Athair chomh maith.
Tá aithne agaibh air feasta,
agus tá radharc faighte agaibh air.”
8Dúirt Pilib leis: “A Thiarna, taispeáin dúinn an tAthair agus is leor dúinn sin.” 9Dúirt Íosa leis: “An bhfuilim an fad sin aimsire, a Philib, in bhur measc agus gan aithne agat orm?
An té a chonaic mise, chonaic sé an tAthair.
Conas, mar sin, a deir tú:
‘Taispeáin dúinn an tAthair’?
10Nach gcreideann tú go bhfuilimse san Athair
agus an tAthair ionamsa?
Na briathra a labhraímse libh,
ní uaim féin a labhraím iad,
ach an tAthair atá ina chónaí ionamsa,
eisean a dhéanann na hoibreacha.
11Creidigí uaimse é go bhfuilimse san Athair
agus an tAthair ionamsa.
12Nó murab é sin, creidigí mar gheall ar na hoibreacha féin.
Amen, Amen, a deirim libh,
an té a chreideann ionamsa,
na hoibreacha a dhéanaimse,
déanfaidh seisean iad chomh maith,
agus déanfaidh sé oibreacha is mó ná iad;
mar táimse ag dul chun an Athar.
13Cibé ní a iarrfaidh sibh i m'ainm déanfaidh mé é,
i dtreo go dtabharfaí glóir don Athair tríd an Mac.
14Má iarrann sibh aon ní orm i m'ainm,
déanfaidh mé é.
15Má tá grá agaibh dom, coinneoidh sibh m'aitheanta.
16Agus iarrfaidh mé ar m'Athair é,
agus tabharfaidh sé Abhcóide eile daoibh
chun fanacht faraibh go deo -
17Spiorad na Fírinne,
nach féidir don saol a ghlacadh,
mar ní fheiceann sé é ná ní aithníonn sé é.
Ach aithníonn sibhse é
mar fanann sé faraibh, agus beidh sé ionaibh.
18Ní fhágfaidh mé in bhur ndílleachtaí sibh;
tiocfaidh mé ar ais chugaibh.
19Tamall beag eile agus siúd é an saol
agus gan radharc aige ormsa feasta;
ach tá radharc agaibhse orm,
óir táimse beo agus beidh sibhse beo chomh maith.
20An lá sin aithneoidh sibh go bhfuilimse i m'Athair,
agus go bhfuil sibhse ionamsa, agus mise ionaibh.
21An té a bhfuil m'aitheantasa aige agus a choinníonn iad,
sin é an té a bhfuil grá aige dom.
An té a bhfuil grá aige dom,
beidh grá ag m'Athair dó,
agus beidh grá agam dó,
agus taispeánfaidh mé mé féin dó.”
22Dúirt Iúdás - níorbh é fear Isceiriót é: “A Thiarna, cad é seo? Nach bhfuil tú chun tú féin a thaispeáint don saol, ach dúinne?” 23D'fhreagair Íosa:
“Má bhíonn grá ag duine dom,” ar sé leis,
“coinneoidh sé mo bhriathar,
agus beidh grá ag m'Athair dó,
agus tiocfaimid chuige,
agus déanfaimid cónaí mar aon leis.
24An té nach mbíonn grá aige dom,
ní choinníonn sé mo bhriathra.
Ach an briathar a chluineann sibh, ní liom féin é,
ach leis an Athair a chuir uaidh mé.
25Tá an méid sin inste agam daoibh,
fad a bhí mé ag fanacht agaibh,
26ach an tAbhcóide, an Spiorad Naomh,
a chuirfidh an tAthair uaidh i m'ainmse,
múinfidh seisean an uile ní daoibh,
agus cuirfidh sé i gcuimhne daoibh,
ar inis mise daoibh.
27Fágaim síocháin agaibh;
tugaim mo shíocháin daoibh.
Ní thugaim daoibh í mar a thugann an saol í.
Ná bíodh bhur gcroí buartha agus ná bíodh eagla air.
28Chuala sibh mé á rá libh:
‘Táim ag imeacht uaibh,
agus tiocfaidh mé ar ais chugaibh.’
Dá mbeadh grá agaibh dom,
bheadh áthas oraibh,
óir táim ag dul go dtí an tAthair,
mar is mó an tAthair ná mise.
29Agus anois, tá sé inste agam daoibh,
sula dtiocfaidh sé chun críche,
ionas, nuair a thiocfaidh sé chun críche,
go gcreidfidh sibh.
30Ní labhróidh mé mórán eile libh,
mar tá prionsa an tsaoil seo ag teacht
agus níl neart ar bith aige ormsa.
31Ach caithfidh an saol a aithint
go bhfuil grá agam don Athair,
agus go ndéanaim de réir mar a d'ordaigh an tAthair dom.
Éirígí, agus téimis as seo.

Currently Selected:

Eoin 14: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy