YouVersion Logo
Search Icon

Iúidit 1

1
Beirt Fhathach i nGleic
1Bhí rí na hAsaírigh fadó, Nabúcadnazar, a raibh cónaí air i gcathair mhór Nínivé. Sa dara blian déag ina rí dhó, chuir sé cogadh ar Arfacsad, rí na Méideach, a chónaigh in Eacbatana. 2Bhí seisean tar éis múrtha cosanta a thógáil timpeall ar chathair Eacbatana a bhí seachtó banlámh ar airde, agus caoga banlámh ar tiús. Clocha snoite a bhí sna múrtha sin, sé faoi thrí bhanlámh i ngach cloch acu. 3Bhí túir le hais na ngeataí a raibh a mbarr céad banlámh san aer agus a bhí trí fichid ar leithead thíos ina mbonn. 4Na geataí féin a rinne sé, seachtó banlámh ar airde a bhíodar, agus daichead trasna, i dtreo go bhféadfadh mórfhórsaí míleata an rí, saighdiúirí coise agus uile, máirseáil tríothu amach in eagar.
5Sea, chuir Nabúcadnazar rí cath ar Arfacsad sa mhachaire mór i ndúiche Ráige. 6Agus sheas ar aon taobh leis na treibheanna go léir sna sléibhte agus cois Eofrataes agus cois Tígrise agus cois Hídeaspaes, agus an méid de mhuintir an mhachaire a bhí faoi Airíoch, rí Eiliomáis - an-chuid ciníocha ar fad acu a chuir a nguaillí le guaillí na gCaildéach sa slogadh.
7Chuir Nabúcadnazar fios ar mhuintir na Peirse agus ar ar chónaigh as sin siar chomh maith, sa tSiléis agus sa Damaisc, sa Liobáin agus san Aintiliobáin agus cois farraige, 8i measc na gciníocha ar Chairmeil agus i nGileád, in uachtar na Gailíle agus ar mhachaire mór Easdraelón, 9sa tSamáir agus sna bailte máguaird, lastall den Iordáin agus sna haird as sin ó dheas - Iarúsailéim agus an Bheatáin agus Cealos agus Cáidéis agus Abhainn na hÉigipte, ansin Tafnas agus Ramasaes agus ceantar Ghoisin ar fad; 10thar Táinis agus Meimfis ó dheas arís, fad na hÉigipte uile síos go dtí críocha na hAetóipe. 11Ach sa réimse sin tíre ba bheag a mbeann ar a ndúirt Nabúcadnazar, rí na nAsaíreach, leo. Níor bhaol go rachaidís chun cogaidh ina theannta, mar ní raibh scáth dá laighead orthu roimhe. Cad a bhí ann ach fear mar chách eile, dúradar, agus chuireadar uathu abhaile a chuid teachtairí, gan de thoradh ar a dturas ach an tarcaisne.
12Ghabh racht feirge Nabúcadnazar leis an dúiche sin ar fad agus thug sé na mionna móra, chomh cinnte is bhí sé ina rí agus ríchathaoir faoi, dúirt sé, go mbainfeadh sé díoltas amach ar na críocha sin uile, sa tSiléis agus sa Damaisc agus sa tSír, gan duine a dhul beo óna chlaíomh i Móáb ná Amón ná Iúdáia, ná san Éigipt féin síos amach go dtí an dá chósta dhi.
13Ar aon nós, amach leis i gcoinne Arfacsad lena raibh leis, agus é seacht mbliana déag ina rí an bhliain sin. Rinne sé slad agus eirleach ar arm Arfacsad - eachra agus carbaid agus uile. 14Ghabh sé gach cathair dá raibh aige, fiú Eacbatana féin, agus níor fhág sé túr ann gan a shárú, ná sráid gan a creachadh, go dtí go raibh an chathair álainn sin ina tranglam briste aige. 15Tháinig sé suas le hArfacsad féin i sléibhte Ráige; bás an ainmhí a thug sé air le sleánna fiaigh, agus chuir deireadh go deo leis.
16Abhaile le Nabúcadnazar ansin, é féin agus a raibh tar éis troid ina theannta, slua ollmhór saighdiúirí, agus ligeadar a scíth ar feadh céad lá is fiche, gan imní ná easnamh orthu, an rí agus an t‑arm le chéile.

Currently Selected:

Iúidit 1: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy