YouVersion Logo
Search Icon

Galataigh 1

1
Beannú
1Mise Pól aspal - ach ní ó dhaoine ná trí dhuine ach trí Íosa Críost agus Dia an tAthair, a thóg ó mhairbh é. 2Táim féin agus a bhfuil i mo theannta de na bráithre ag cur ár mbeannachta chuig eaglaisí na Galaite. 3Grásta chugaibh agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus ón Tiarna Íosa Críost 4a thug suas é féin in éiric ár bpeacaí chun sinn a fhuascailt ón saol urchóideach seo de réir mar ba thoil le Dia ár nAthair 5moladh go deo leis. Amen.
Níl ann ach an tAon Dea-scéal Amháin
6Is ionadh liom a thapúla atá sibh ag tréigean an té a ghlaoigh oraibh i ngrásta Chríost agus ag iompú ar dhea-scéal eile. 7Níl aon dea-scéal eile ann ar ndóigh ach go bhfuil daoine áirithe ag cur mearbhaill oraibh agus ag iarraidh dea-scéal Chríost a chur as a riocht. 8Mar, má dhéanaimidne féin nó aingeal ó neamh dea-scéal a fhógairt daoibh a bheadh bunoscionn leis an dea-scéal atá fógartha againn, go raibh mallacht Dé air. 9An ní atá ráite againn, deirim anois arís é: duine ar bith a dhéanann dea-scéal a fhógairt daoibh atá bunoscionn leis an dea-scéal atá faighte agaibh, go raibh mallacht Dé anuas air.
10Cé atáim ag iarraidh a mhealladh chugam anois, daoine nó Dia? An daoine a shásamh is mian liom? Dá mba daoine a bhí mé ag iarraidh a shásamh, ní i mo sclábha ag Críost a bheinn.
Mar a Rinneadh Aspal de Phól
11An dea-scéal atá fógartha agamsa, a bhráithre, geallaimse daoibh nach aon earra daonna atá ann. 12Ní ó dhuine a fuair mise é ná ó mhúinteoir ar bith, ach trí fhoilsiú ó Íosa Críost. 13Chuala sibh iomrá, ní foláir, ar mo chuid iompair tráth nuair a lean mé an creideamh Giúdach, mar a rinne mé géarleanúint as cuimse ar eaglais Dé ag iarraidh í a dhíothú, 14agus mar a sháraigh mé formhór lucht mo linne de mo chine féin i gcleachtadh an Ghiúdachais, de bharr na díograise thar meán a bhí ionam i dtaobh thraidisiúin mo shinsear. 15Ach nuair ba dheoin leis an té, a dhealaigh amach mé fad a bhí mé fós i mbroinn mo mháthar, agus a ghlaoigh chuige féin mé as ucht a ghrásta - 16nuair ba dheoin leis siúd a Mhac a fhoilsiú dom chun go gcraobhscaoilfinn a dhea-scéal i measc na ngintlithe, ní dheachaigh mé i gcomhairle le daonnaí ar bith 17ná ní dheachaigh mé suas go Iarúsailéim ag triall ar na daoine a bhí ina n‑aspail romham, ach imeacht liom láithreach chun na hAráibe agus ar ais go Damaisc ina dhiaidh sin.
18Trí bliana ina dhiaidh sin chuaigh mé suas go Iarúsailéim ag fiosrú Chéafais agus thug mé coicís ina theannta, 19ach duine ar bith eile de na haspail ní fhaca mé ach amháin Séamas, bráthair an Tiarna. 20Dearbhaím i bhfianaise Dé nach bhfuil focal bréige ina bhfuil á scríobh agam. 21Agus is go dúichí na Síre agus na Siléise a chuaigh mé ina dhiaidh sin. 22Ní raibh aithne súl fós ag eaglais Chríost in Iúdáia orm; 23ní raibh acu ach scéal scéil “faoin duine úd a bhíodh dár ngéarleanúint tráth agus atá anois ag craobhscaoileadh an chreidimh a bhíodh sé ag iarraidh a scriosadh roimhe seo,” 24agus thugaidís glóir do Dhia mar gheall orm.

Currently Selected:

Galataigh 1: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy