YouVersion Logo
Search Icon

Eagna 19

19
An Mhuir Dhearg
1Ach d'ionsaigh díbheirg neamhthrócaireach
na héagráifigh go bun an angair,
mar bhí a fhios [ag Dia] roimh ré céard a dhéanfaidís:
2Is é sin, go gceadóidís do do phobal imeacht
agus go seolfaidís uathu iad gan mhoill ar dtús,
ach ansin go dtiocfaidís ar mhalairt intinne
agus go rachaidís sa tóir orthu.
3Óir, cé go raibh siad gafa fós ag na gnása adhlactha,
agus ag déanamh mairgní ar bhruacha uaigheanna na marbh,
tharraing siad chucu scéim bhaoth eile:
mar atá, na daoine a raibh siad
tar éis a iarraidh orthu mar ghrásta imeacht
a thóraíocht mar theifigh.
4Is amhlaidh a bhí cinniúint éigin, a bhí tuillte acu,
á mbrú i dtreo na críche déanaí seo
agus ag tabhairt orthu dearmad a dhéanamh
ar a raibh tar éis titim amach dóibh cheana féin,
ionas go bhfulaingeoidís roimh [a mbás] an t‑aon phionós amháin dá bpianpháis a bhí fágtha,
5agus chun go ndéanfadh do phobal féin turas trasna míorúilteach
ach go bhfaigheadh an dream eile úd bás éagsúlach.
An Nádúr
6Óir bhí an chruthaíocht uile á dealbhú féin as an nua
ina nádúr agus ag géilleadh do d'aitheanta
ionas go gcoimeádfaí do chlannsa slán ó dhochar.
7Chonacthas an scamall ag caitheamh scáile ar an gcampa
agus talamh tirim ag éirí aníos mar a raibh uisce roimhe sin;
rinneadh bealach gan bhac den Mhuir Rua
agus machaire féarmhar den fharraige fhraochmhar
8trínar ghabh an náisiún go léir
a bhí faoi dhídean do láimhe, in aon bhuíon amháin,
tar éis dóibh éachtaí iontacha a fheiceáil.
9Ansin bhí siad ag ceáfráil ar nós capall ar féarach,
agus ag léim timpeall cosúil le huain
agus iad do do mholadh, a Thiarna,
mar is tusa a d'fhuascail iad.
10Ba chuimhin leo go fóill
an saol eachtrach a chaith siad le linn a ndeoraíochta:
conas mar a thug an talamh corrmhíolta uaidh
in ionad ainmhithe,
agus mar a sceith an abhainn lear mór froganna in áit báirí eisc,
11agus mar a chonaic siad cineál nua d'éanlaith ina dhiaidh sin
nuair a d'iarr siad sócamais le haonchorp suthaireachta.
12Óir, chun sásamh a thabhairt dóibh,
tháinig na gearra goirt isteach chucu ón bhfarraige.
Na hÉigiptigh Ciontach
13Imríodh díoltas ar na peacaigh,
ach ní dhearnadh é gan rabhadh a thabhairt dóibh
roimh ré trí dhéine na gcaor tine.
Go deimhin, de dheasca a gcoireanna féin,
is le ceart a bhí pianpháis á fulaingt acu;
óir ba nimhní ná aon fhuath a bhí ann riamh roimhe sin,
an ghráin dhearg a bhí acusan ar a n‑aíonna.
14Is amhlaidh a bhí daoine eile ann tráth,
nach ndearna ach diúltú glacadh le strainséirí
nuair a tháinig siad ar cuairt chucu;
ach rinne an dream seo sclábhaithe d'aíonna,
a bhí tar éis comaoin a chur orthu.
15Ach ní hé sin amháin é.
Óir, cibé ar bith maolú pionóis a bheidh ann,
bainfidh an chéad dream leas as
mar ní raibh siad ach ag doicheall roimh allúraigh.
16Ní amhlaidh sin don dara dream, áfach.
Óir chuir siadsan fáilte agus fleá roimh do phobal
agus bhronn siad orthu na cearta céanna agus a bhí acu féin;
ach ansin chiap siad iad
le daoroibreacha dianmhaslacha.
17Ar nós an chéad dreama a bhí ina seasamh ag doras an fhíréin,
baineadh radharc na súl den dara dream freisin,
ach thit dorchadas chomh tiubh leathan sin orthu
go raibh gach uile dhuine acu ag amarcaíl ar lorg a dhorais féin.
Cló Nua ar an Dúlra
18Óir comhcheanglaíodh na dúile le chéile i slite éagsúla,
go díreach mar a atheagraítear nótaí na cruite
chun foinn le rithimí nua a dhéanamh,
ach gan nóta díobh a airde cheart féin a chailleadh.
Sin é an tátal soiléir atá le baint as iniúchadh
a dhéanamh ar a bhfuil tar éis titim amach.
19Óir rinneadh ainmhithe uisce de bheithígh thalún,
agus d'aistrigh snámhairí leo go talamh tirim.
20Go fiú san uisce, choinnigh an tine a gnáthfhuinneamh féin,
agus rinne an t‑uisce féin dearmad ar a éifeacht mhúchta.
21Ar an taobh eile de, theip ar na lasracha
feoil na n‑ainmhithe somhillte
a bhí ag gabháil timpeall ina measc a ídiú;
agus ní mó ná sin a leáigh siad
an bia oighearchruthach soleáite neamhaí.
Críoch
22Óir, ar gach uile shlí, a Thiarna,
thug tú ardréim agus gradam do do phobal,
agus níorbh fhaillí duit gan seasamh leo
riamh agus i gcónaí i ngach aon bhall.

Currently Selected:

Eagna 19: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy