Tóibít 4
4
Comhairle a Athar do Thóibias
1An lá céanna sin chuimhnigh Tóibít ar an airgead a bhí curtha i dtaisce aige ag Gabael i Raigéis sa Mhéide 2agus dúirt sé leis féin: “Táim díreach tar éis a iarraidh bás a fháil. Cén fáth nach nglaofainn mo mhac Tóibias chugam agus a insint dó i dtaobh an airgid seo sula bhfaighe mé bás?” 3Ghlaoigh sé a mhac Tóibias chuige mar sin agus nuair a tháinig sé dúirt sé leis: “A mhic, nuair a gheobhaidh mé bás cuir tórramh cuí orm; tabhair urraim do do mháthair agus ná tréig í fad a bheidh sí beo; cibé ní is áil léi déan é agus ná cuir brón uirthi in aon ní ar bith. 4Cuimhnigh, a mhic, gurb iomaí guais a ndeachaigh sí tríd ar do shonsa nuair a bhí tú ina broinn. Nuair a gheobhaidh sí bás déan í a adhlacadh taobh liom san aon uaigh amháin.”
5“Ar feadh do shaoil go léir, a mhic, coinnigh an Tiarna os comhair dʼaigne; ná déan peaca; ná bris aon cheann ar bith dá aitheanta. Fad a mhairfidh tú déan gníomhartha fónta agus ná siúil ar bhóithre na hurchóide. 6Óir, má mhaireann tú de réir na fírinne cuirfidh Dia rath ar do shaothar dála na ndaoine uile a chaitheann a saol go fíréanta.”
7“Tabhair déirc gan doicheall as a bhfuil agat; ná hiompaigh dʼaghaidh ó aon duine bocht agus ní iompóidh Dia a aghaidh uait. 8Déan déirc de réir dʼacmhainne; má bhíonn gustal mór agat, tabhair déirc mhór as go fial; mura mbíonn agat ach beagán, tabhair níos lú ach ná staon ar fad ón déirc a dhéanamh. 9Beidh stór maith á chur i dtaisce agat do lá an ghátair. 10Óir saorann an déirc an duine ón mbás agus ní ligeann sí dó dul isteach sa dorchadas. 11Na daoine go léir a thugann déirc, déanann siad ofráil atá taitneamhach leis an Té is Airde.”
12“Seachain thú féin, a mhic, ar gach saghas drúise agus thar gach ní eile déan bean chéile a thoghadh as sliocht do shinsear. Ná togh bean choimhthíoch nach de threibh dʼathar í, mar is de shliocht na bhfáithe sinn. Cuimhnigh ar Naoi agus ar Abrahám, ar Íosác agus ar Iacób, ár sinsir, a bhí ann anallód; thogh siad go léir mná céile óna gcine féin. Údar beannachtaí dóibh ba ea a gclann agus gheobhaidh a sliocht seilbh na talún. 13Dá bhrí sin, a mhic, bíodh grá agatsa chomh maith do do lucht gaoil. Ná bí chomh huaibhreach sin nach bpósfá duine ar bith de bhantracht do chine féin. Óir is é an t‑uabhar is cúis le léirscrios agus le heasordú; is ón díomhaointeas a eascraíonn an dealús agus an t‑anás; mar is é an díomhaointeas a ghineann gorta.”
14“Ná coinnigh thar oíche tuarastal do chuid oibrithe ach íoc leo é ar an toirt. Má fhónann tú do Dhia gheobhaidh tú luach saothair. Tabhair aire duit féin, a mhic, i do ghníomhartha uile agus iompair thú féin go dea-mhúinte i gcónaí. 15An ní is fuath leat féin ná déan ar aon duine eile é. Ná hól an oiread sin fíona a chuirfeadh ar meisce thú. Ná bíodh an mheisce do do thionlacan ar do shlí.”
16“Tabhair arán don ocrach agus éadach don nocht; má bhíonn fuílleach agat tabhair mar dhéirc é; ach ná déan go doicheallach é. 17Doirt do chuid fíona agus ofráil do chuid aráin ar thuamaí na bhfíréan ach ná tabhair iad do na peacaigh.”
18“Iarr comhairle ar gach duine ciallmhar agus ná déan beag dʼaon chomhairle a dʼfhéadfadh a bheith tairbheach duit. 19Mol an Tiarna Dia gach uile thráth agus iarr air treoir chinnte a thabhairt duit agus an rath a chur ar a bhfuil beartaithe agat a dhéanamh. Óir níl teacht ag aon phágánach ar bith ar dhea-chomhairle; mar is é an Tiarna amháin a thugann gach dea-thabhartas. Ardaíonn an Tiarna cibé duine is mian leis agus íslíonn sé go dtí an t‑ifreann is doimhne cibé is mian leis freisin. Mar sin de a mhic, coimeád cuimhne ar mʼaitheanta agus ná glantar de do chroí iad go deo.”
20“Is mian liom a chur in iúl duit anois, a mhic, gur fhág mé deich dtallann i dtaisce ag Gabael, mac Ghaibrí, i Raigéis sa Mhéide. 21Ná bíodh aon imní ort mar sin, a mhic, toisc sinne a bheith go beo bocht; óir má bhíonn eagla Dé ort agus gach peaca a sheachaint agus na gníomhartha a thaitníonn le do Thiarna Dia a dhéanamh beidh tú i dʼfhear saibhir fós.”
Currently Selected:
Tóibít 4: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.

: