Salm 22
22
Páis agus Caithréim Chríost
1 Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Eilit na Maidine”. Salm le Dáiví.
2A Dhia liom, a Dhia liom, cad chuige ar thréig tú mé?
Is fada tú ó mʼachainí agus ó bhriathra mo chneadaí.
3Ní éisteann tú, a Dhia, nuair a ghlaoim ort sa lá:
Nuair a screadaim ort san oíche ní bhfaighim aon suaimhneas.
4Ar a shon sin, is naofa thú, a Thiarna,
agus tú i dʼábhar molta ag Iosrael.
5Ionatsa a chuir ár n‑aithreacha a ndóchas:
bhí muinín acu asat agus shaor tú iad.
6Nuair a ghlaoigh siad ort sábháladh iad:
is ort a bhí a seasamh is níor chaill tú orthu.
7Péist is ea mise; ní duine mé:
táim i mo sceith béil ag na daoine
agus i mʼábhar aithise ag an bpobal.
8Gabhann a bhfeiceann mé ag fonóid fúm:
croitheann siad a gceann agus pus orthu:
9“Bhí a mhuinín as an Tiarna go saorfaí é:
saoradh seisean é, más air atá a ghreann.”
10Is tú a thug amach as an mbroinn mé
agus a thug dóchas dom is mé ar chíocha mo mháthar.
11Ba leatsa mé ó lá mo bhreithe:
ó bhroinn mo mháthar is tú mo Dhia.
12Ná bí i bhfad uaim in am mo bhuartha;
bí i mʼaice, óir níl aon chabhair eile agam.
13Is iomaí sin tarbh atá i mo thimpeall,
tá tréantairbh Bháiseán thart orm.
14Leathann siad a gcraos i mo choinne
mar leon amplach agus é ag búiríl.
15Doirtear amach mé mar uisce,
tá mo chnámha arna scaoileadh ó chéile.
Is cosúil mo chroí le céir
arna leá i lár mo chléibh.
16Shearg mo scornach mar shlige cré-umha,
is tá mo theanga ag ceangal de mo charball:
leagann tú i luaithreach an bháis mé.
17Tá mórán madraí i mo thimpeall
ʼs táim crioslaithe ag gasra bithiúnach.
Tollann siad mo lámha agus mo chosa;
18féadaim mo chnámha go léir a chomhaireamh.
Baineann siad lán a súl asam go sásta.
19Roinneann siad mo chuid éadaigh eatarthu
agus caitheann siad crainn ar mo chóta.
20Ach ná bíse i bhfad uaim, a Thiarna;
mo chabhair thú! brostaigh chun mo chúnaimh.
21Déan mʼanam a fhuascailt ón gclaíomh
agus mo bheatha ó ghreim an mhadra.
22Saor mé ó bhéal an leoin
agus mʼanam bocht ó adharca na ndamh allta.
23Fógróidh mé dʼainm do mo bhráithre,
molfaidh mé thú i lár do phobail.
24Molaigí an Tiarna, a mhuintir lenarb eagal é:
tugaigí clú dó, a shliocht Iacóib go léir,
tugaigí urraim dó, a shíol Iosrael ar fad;
25de bhrí nár bheag air an bochtán
agus nár scorn leis riamh a ainnise.
Níor cheil sé riamh a ghnúis air
ach dʼéist leis an uair a ghlaoigh sé air.
26De do thairbhe-se a thugaim moladh sa mhórthionól;
comhlíonfaidh mé mo mhóideanna i láthair
an dreama ar a mbíonn a eagla.
27Íosfaidh na bochtáin agus sásófar iad;
molfaidh lucht a iarrtha an Tiarna.
Go maire bhur gcroí go brách!
28Cuimhneoidh gach aird de chríocha na cruinne,
cuimhneoidh an domhan uile agus casfaidh ar an Tiarna,
agus adhrfaidh na ciníocha go léir ina fhianaise.
29Is leis an Tiarna an ceannas: rialaíonn sé na náisiúin
30agus adhrfaidh maithe móra an talaimh ina fhianaise:
cromfaidh ina láthair a ngabhann síos sa luaithreach.
31Nuair nach beo don duine feasta beidh a shliocht ag fónamh dó
ʼs ag tabhairt tuairisc an Tiarna do ghlúin atá le teacht.
32Foilseoidh siad a dhílse do phobal nár saolaíodh fós,
á chur i gcéill dóibh gurb eisean a rinne an ní seo.
Currently Selected:
Salm 22: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.

:
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.